Conas léirmheas díoltais a láimhseáil

Iarr go mbainfí léirmheasanna a sháraíonn ár bPolasaí um Léirmheasanna.
Le Airbnb ar an 16 Samh 2022
Léamh 2 nóiméad
Nuashonraithe ar an 24 Feabh 2025

Ba chóir d'óstaigh a bheith ar a gcompord agus iad ag cur fáilte roimh aíonna agus gan imní orthu go bhféadfaidís léirmheas díoltais a fháil. Is féidir leat a iarraidh go mbainfí léirmheasanna a chreideann tú a théann i gcoinne ár bPolasaí um Léirmheasanna, amhail léirmheas díoltais.

Baint léirmheasa díoltais a iarraidh

Is léirmheasanna claonta iad léirmheasanna díoltais a d'fhéadfadh aíonna a fhágáil tar éis duit sárú tromchúiseach polasaí a thuairisciú, mar shampla:

  • Damáiste a dhéanamh do do réadmhaoin
  • Fanacht thar thréimhse na háirithinte
  • Do ghnáthrialacha tí a shárú
  • Cóisir nó imeacht neamhúdaraithe a eagrú ag d'áit

Cuir i gcás go gcaitheann aoi tobac i do theach, i gcoinne do rialacha tí. Cuireann tú in iúl do d'aoi go bhfuair tú nutaí toitíní sa seomra suí, agus cuireann tú iarratas isteach ar aisíocaíocht le haghaidh glantachán cuimsitheach. Mar fhreagra air sin, diúltaíonn d'aoi íoc agus fágann sé nó sí léirmheas feargach. Is féidir leat an léirmheas sin a dhíospóid agus fiosróimid é lena chinneadh an bhfuil sé incháilithe lena bhaint.

Faigh amach conas baint léirmheasa a iarraidh

Má iarrann tú go mbainfí léirmheas, ní hionann sin agus a rá go mbainfear é. Iarrfar ort a thaiseáint go dtagann an léirmheas salach ar ár bPolasaí um Léirmheasanna. Beidh tú in ann aon sonraí agus fianaise faoin sárú polasaí a chur ar fáil dúinn, amhail grianghraif nó snáitheanna teachtaireachta le haíonna.

Ní mór a léiriú leis an bhfianaise gur tharla sárú soiléir ar pholasaí. Caithfidh sé a bheith soiléir freisin gur dócha gur fágadh an léirmheas díoltais mar gheall gur tuairiscíodh an sárú polasaí do Airbnb agus/nó don aoi.

Is den chríonnacht é gach cumarsáid le haíonna a choinneáil i do chluaisín Teachtaireachtaí, ionas gur féidir le Tacaíocht Airbnb athbhreithniú a dhéanamh ar an bhfianaise sin go furasta.

Dúirt óstaigh linn gur chuidigh ár bpolasaí maidir le léirmheasanna díoltais leo óstáil a dhéanamh go muiníneach. Deir Leanne, óstach, maidir le léirmheas díoltais ar a liostú go ndearnadh “measúnú air agus baineadh go pras é nuair a rinne mé an t-iarratas. Bhraith mé go mór gur thacaigh Airbnb liom.”

Seans gur athraigh an t-eolas atá sa mhír seo ó foilsíodh í.

Airbnb
16 Samh 2022
Ar chabhraigh sé seo leat?