Taispeánfar moltaí i ndiaidh duit an t-ionchur cuardaigh a chlóscríobh. Úsáid na saigheada suas agus síos chun athbhreithniú a dhéanamh. Úsáid Iontráil chun roghnú. Más frása é an roghnúchán, cuirfear an frása sin isteach lena chuardach. Más nasc é an moladh, nascleanfaidh an brabhsálaí chuig an leathanach sin.
Taispeánfar moltaí i ndiaidh duit an t-ionchur cuardaigh a chlóscríobh. Úsáid na saigheada suas agus síos chun athbhreithniú a dhéanamh. Úsáid Iontráil chun roghnú. Más frása é an roghnúchán, cuirfear an frása sin isteach lena chuardach. Más nasc é an moladh, nascleanfaidh an brabhsálaí chuig an leathanach sin.

An chaoi a n-oibríonn AirCover d'Óstaigh

Bíonn cosaint ó bhun go barr san áireamh agus saor in aisce i gcónaí gach uair a óstálann tú.
Le Airbnb ar an 11 Beal 2022
Nuashonraithe ar an 13 Beal 2025

Soláthraíonn AirCover d'Óstaigh cosaint gach uair a chuireann tú fáilte roimh aíonna. Cuimsíonn sé deimhniú aitheantais aoi, scagadh áirithintí, árachas dliteanais d'Óstaigh de $1 mhilliún USD agus cosaint damáiste d'Óstaigh de $3 mhilliún USD, chomh maith le cosaint do do chuid earraí luachmhara, do charranna páirceáilte agus do bháid ar do réadmhaoin.

Deimhniú aitheantais aoi

Tá an iontaoibh de dhlúth agus d'inneach inár bpobal. Sin an fáth a gcaithfidh gach aoi a dhéanann áirithint ár bpróiseas deimhniúcháin aitheantais a chríochnú. Nuair a dheimhnímid aitheantas aoi, deimhnímid eolas pearsanta áirithe, amhail an t-ainm dlíthiúil, an seoladh, an uimhir fóin nó sonraí teagmhála eile.

Nuair a bheidh aoi deimhnithe, gheobhaidh sé nó sí suaitheantas deimhnithe aitheantais. Taispeántar é sin mar shuaitheantas dearg ar a bhfuil ticmharc in aice leis an ngrianghraf próifíle. Ina theannta sin, d'fhéadfaimis grinnfhiosrúchán a dhéanamh ar aíonna atá lonnaithe sna Stáit Aontaithe.

Faigh tuilleadh eolais faoi dheimhniú aitheantais aoi.

Teicneolaíocht scagtha áirithintí

Cuireann ár bPolasaí maidir le Cur Isteach ar an bPobal cosc ar chóisirí trioblóideacha gan údarú. Úsáidimid teicneolaíocht dílsithe scagtha áirithintí chun an polasaí sin a fhorfheidhmiú agus an seans go mbeidh cóisirí trioblóideacha ann a laghdú.

Cuireann an córas raon tosca san áireamh chun a chinneadh ar cheart bac a chur ar áirithint. I measc na dtosca sin tá an cineál liostaithe atá á chur in áirithe, fad an fhanachta, an t-achar idir an liostú agus suíomh an aoi, agus cé acu a dhéantar an áirithint ag an nóiméad deiridh nó nach ndéantar, i measc go leor comharthaí eile.

Faigh tuilleadh eolais faoin teicneolaíocht scagtha áirithintí.

Cosaint damáiste d'Óstaigh

Cuimsíonn cosaint damáiste d'Óstaigh, cuid de AirCover d'Óstaigh, na cosaintí sin mura n-íocfaidh aoi as damáiste a rinne sé nó sí do do theach nó do do chuid giuirléidí le linn fanachta ag d'áit.

  • Cosaint damáiste $3 mhilliún USD: Áirítear leis sin damáiste do do theach agus dá bhfuil ann.
  • Cosaint ealaíne agus earraí luachmhara: Cosnaímid mínealaín, seodra agus airnéisí bailitheora, ar féidir a luach a aisíoc má dhéantar damáiste dóibh.
  • Cosaint gluaisteán agus bád: Cuirimid cosaint damáiste ar fáil do charranna, do bháid agus d'árthaí uisce eile a pháirceálann tú nó a stórálann tú ag do réadmhaoin.
  • Cosaint damáiste ó pheataí: Íocaimid as damáiste a dhéanann peataí.
  • Glanadh domhain: Tugaimid aisíocaíocht i leith seirbhísí glantacháin bhreise a theastaíonn chun smáil agus boladh deataigh a bhaint.
  • Cosaint ar chaillteanas ioncaim: Aisíocfaimid ioncam caillte leat má chuireann tú áirithintí deimhnithe Airbnb ar ceal mar gheall ar dhamáiste a rinne aoi.

Faigh tuilleadh sonraí faoi chosaint damáiste d'Óstaigh.

Aisíocaíocht shimplí

Má dhéanann aoi damáiste do d'áit nó do do mhaoin, isféidir leatsa (nó le comhóstach ag a bhfuil ceadanna rochtana iomláine agus a ghníomhaíonn thar do cheann) cuairt a thabhairt ar ár n Ionad Réitigh chun iarratas ar aisíocaíocht a chur isteach agus an próiseas a rianú ón iarratas a chur isteach go dtí an eisíocaíocht. 

Seolfar d'iarratas chuig an aoi ar dtús. Mura bhfreagraíonn nó mura n-íocann an t-aoi faoi cheann 24 uair an chloig, beidh tú ábalta Airbnb a thabhairt isteach.

Árachas dliteanais d'Óstaigh

Le hárachas dliteanais d'Óstaigh, cuid de AirCover d'Óstaigh, tugtar clúdach suas le $1 mhilliún USD d'óstaigh ar an drochsheans go ngortófaí aoi nó go ndéanfaí damáiste do ghiuirléidí aoi nó go ngoidfí giuirléidí aoi le linn fanachta ag d'áit. Cuimsíonn an clúdach sin daoine a chuidíonn leat óstáil, amhail comhóstaigh agus glantóirí.

Clúdaíonn árachas dliteanais d'Óstaigh thú má fhaightear thú freagrach de réir an dlí as:

  • Gortú coirp d'aoi (nó do dhaoine eile).
  • Damáiste d'earra aoi nó goid earra aoi (nó earra daoine eile).
  • Damáiste a rinne aoi (nó daoine eile) d'áiteanna coiteanna, amhail forhallaí agus réadmhaoine in aice láimhe.

Úsáid ár bhfoirm ghlactha árachais dliteanais chun éileamh a dhéanamh. Seolfaimid an t-eolas a thugann tú chuig ár n-árachóir dílis tríú páirtí, a shannfaidh d'éileamh d'ionadaí. Réiteoidh sé nó sí d’éileamh de réir théarmaí an pholasaí árachais.

Faigh tuilleadh sonraí faoi árachas dliteanais d'Óstaigh.

Seirbhísí Airbnb i do theach

Cosúil leis an gclúdach atá agat le hárachas dliteanais d'Óstaigh trí AirCover d'Óstaigh, tá óstaigh seirbhíse clúdaithe ag árachas dliteanais Airbnb d'Eispéiris agus do Sheirbhísí. Éilítear ar gach óstach seirbhíse árachas dliteanais a choinneáil atá oiriúnach dá ngnó le linn dóibh seirbhís a chur ar fáil.

Nuair a dhéantar Seirbhísí Airbnb i do theach, beidh árachas dliteanais d'Eispéiris agus do Sheirbhísí i bhfeidhm má bhíonn an t-óstach seirbhíse freagrach as damáiste a dhéanamh do do theach nó do do chuid giuirléidí.

Faigh tuilleadh sonraí faoi árachas dliteanais d'Eispéiris agus do Sheirbhísí.

Ní chlúdaíonn cosaint damáiste d'Óstaigh, árachas dliteanais d'Óstaigh, ná árachas dliteanais d'Eispéiris agus do Sheirbhísí atá mar chuid AirCover d'Óstaigh óstaigh a chuireann áiteanna fanachta nó Eispéiris ar fáil sa tSeapáin, mar a bhfuil feidhm ag Árachas d'Óstaigh na Seapáine agus Árachas Cosanta Eispéiris na Seapáine, ná óstaigh a chuireann tréimhsí fanachta ar fáil trí Airbnb Travel LLC. Is in USD a thaispeántar na teorainneacha cumhdaigh go léir.

Tá árachas dliteanais d'Óstaigh agus árachas dliteanais d'Eispéiris agus do Sheirbhísí frithgheallta ag árachóirí tríú páirtí.

Má tá tú ag óstáil tithe, eispéireas nó seirbhísí sa Ríocht Aontaithe, tá na polasaithe árachais dliteanais d'Óstaigh, agus d'Eispéiris agus do Sheirbhísí frithgheallta ag Zurich Insurance Company Ltd., agus is é Airbnb UK Services Limited, ionadaí ceaptha de chuid Aon UK Limited, a n-údaraíonn agus a rialaíonn an tÚdaras um Iompar Airgeadais é, a shocraíonn na polasaithe agus a thugann i gcrích iad gan aon chostas breise ar óstaigh sa Ríocht Aontaithe. Is é 310451 uimhir chláir FCA Aon. Is féidir leat sin a sheiceáil ach cuairt a thabhairt ar Chlár na Seirbhísí Airgeadais nó teagmháil a dhéanamh leis an FCA ag 0800 111 6768. Is é an tÚdarás um Iompar Airgeadais a rialaíonn an polasaí dliteanais d'Óstaigh agus an polasaí dliteanais d'Eispéiris agus do Sheirbhísí laistigh de AirCover d'Óstaigh. Ní táirgí rialaithe iad na táirgí agus na seirbhísí eile a shocraíonn Airbnb UK Services Limited, FPAFF609LC.

Má tá tú ag óstáil tithe, eispéireas nó seirbhísí sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE), tá na polasaithe árachais dliteanais d'Óstaigh agus na polasaithe árachais dliteanais d'Eispéiris agus do Sheirbhísí frithgheallta ag Zurich Insurance Europe AG, brainse sa Spáinn, agus is é Airbnb Spain Insurance Agency S.L.U. (ASIASL), gníomhaireacht árachais neamhcheangailte atá faoi mhaoirseacht na hArd-Stiúrthóireachta um Chistí Árachais agus Pinsin (DGSFP) agus atá cláraithe sa Spáinn leis an uimhir AJ0364 i gClárlann Dáileoirí Árachais DGSFP, a shocraíonn agus a thugann i gcrích iad gan aon chostas breise chun leasa óstach in LEE. Is féidir leat an clárúchán sin a dheimhniú ach cuairt a thabhairt ar Chlár Dáileoirí Árachais DGSFP, agus tá sonraí iomlána ASIASL le fáil anseo.

Ní árachas í cosaint damáiste d'Óstaigh agus ní bhaineann sí le hárachas dliteanais d'Óstaigh. Maidir le liostuithe i Stát Washington, tá oibleagáidí conarthacha Airbnb faoi chosaint damáiste d'Óstaigh clúdaithe ag polasaí árachais a cheannaigh Airbnb. Maidir le hóstaigh a bhfuil a dtír chónaithe nó a dtír bhunaíochta lasmuigh den Astráil, tá na Téarmaí seo maidir le Cosaint Damáiste d'Óstaigh i bhfeidhm. Maidir le hóstaigh a bhfuil a dtír chónaithe nó a dtír bhunaíochta san Astráil, tá cosaint damáiste d'Óstaigh faoi réir na dTéarmaí maidir le Cosaint Damáiste d'Óstaigh d'Úsáideoirí san Astráil.

Seans gur athraigh an t-eolas atá sa mhír seo ó foilsíodh í.

Airbnb
11 Beal 2022
Ar chabhraigh sé seo leat?