Conas a bheith i do Sháróstach
Tugann clár Sáróstaigh Airbnb aitheantas do na hóstaigh den scoth atá againn, na daoine is mó taithí.
Ceiliúraimid fáilteachas den scoth agus cúitímid é le suaitheantas ar liostú, rud a d'fhéadfadh níos mó áirithintí a tharraingt. Deir thart ar 59% de na haíonna go mbíonn níos mó muiníne acu as caighdeán an lóistín mar gheall ar stádas Sáróstaigh, agus tuilleann Sáróstaigh 60% níos mó ná óstaigh nach bhfuil ina Sáróstaigh.* Chomh maith leis sin, faigheann Sáróstaigh rochtain ar Thacaíocht Phobail thiomnaithe, tugtar cuireadh dóibh chuig imeachtaí speisialta, faigheann siad cúpóin taistil, agus rangaítear níos airde sna torthaí cuardaigh.
Tá níos mó ná 1.3 milliún óstach ina Sáróstaigh—agus is féidir leatsa a bheith i do Sháróstach freisin, ach d'áirithintí a uasmhéadú agus fáilteachas den scoth a chur ar fáil.** Dá ndéanfá cúpla mionathrú ar d'fhéilire, do liostú a athnuachan, agus cúram níos mó don chumarsáid, d'fhéadfadh sé an-difríocht a dhéanamh.
Comhlíon na ceanglais
Ní mór do Sháróstach a bheith ina (h)úinéir liostaithe agus cuntas gan locht aige nó aici, agus na ceithre chritéar seo a chomhlíonadh le 365 lá anuas:
- Go leor áirithintí a fháil. Óstáil 10 n-áirithint ar a laghad, nó trí áirithint lena mbaineann 100 oíche ar a laghad san iomlán le linn trí fhanacht.
- Cealuithe a sheachaint. Coinnigh ráta cealaithe níos lú ná 1%, seachas cealuithe mar gheall ar Mhórtheagmhais Shuaiteacha nó ar chúiseanna bailí eile.
- Aíonna a fhreagairt. Coinnigh ráta freagartha 90% nó níos airde. Is ionann do ráta freagartha agus an céatadán d'fhiosrúcháin nua ó aíonna a d'fhreagair tú faoi cheann 24 uair an chloig.
- Tús áite a thabhairt don fháilteachas. Coinnigh rátáil fhoriomlán 4.8 nó níos airde.
Má fhreagraíonn tú go soiléir tapa, má sheachnaíonn tú cealuithe, agus má thugann tú tús áite don fháilteachas, cuidíonn tú le do theach a thabhairt chun suntais sa chuardach agus do thuilleamh a mhéadú.
Seo duit leideanna chun cabhrú leat na critéir sin a chomhlíonadh agus tairbhe a bhaint as stádas mar Sháróstach.
Coinnigh d'fhéilire cothrom le dáta
Má osclaíonn tú níos mó oícheanta i d'fhéilire, cuidíonn sé le do liostú a bheith le feiceáil i níos mó torthaí cuardaigh agus méadaíonn sé na deiseanna atá agat chun do dhóthain tréimhsí fanachta a óstáil chun na critéir Sáróstaigh a chomhlíonadh.
Téigh chuig féilire do liostaithe agus cuardaigh oícheanta a bhfuil bac orthu. Bíonn dath liath orthu sin. Oscail aon oícheanta a bhfuil bac orthu ach ar féidir leat iad a óstáil.
Bealach eile chun do liostú a bheith le feiceáil i níos mó torthaí cuardaigh is ea tréimhsí fanachta níos giorra a cheadú. Is féidir leat d'íosmhéid turais a shaincheapadh de réir an lae den tseachtain. Mar shampla, má bhíonn an t-éileamh ó aíonna níos airde ag an deireadh seachtaine, b'fhéidir go roghnófá tréimhsí fanachta oíche amháin a cheadú i lár na seachtaine ach ní nuair a chuireann aíonna oíche Aoine nó oíche Shathairn in áirithe.
Má thairgeann tú níos mó solúbthachta agus má ligeann tú d'aíonna áirithint a dhéanamh níos gaire don tseiceáil isteach, cabhraíonn sin freisin le níos mó áirithintí a mhealladh. Roghnaigh aga íosta idir déanamh na háirithinte agus teacht an aoi, chomh gearr leis an lá céanna fiú, ag brath ar an méid ama a theastaíonn uait idir áirithint aoi agus teacht aoi.
Is féidir leat iarratais a cheadú freisin lena ngabhann fógra níos giorra ná an t-aga íosta atá roghnaithe agat idir déanamh na háirithinte agus teacht an aoi. Iarrfar ort na hiarratais sin a athbhreithniú agus a cheadú.
Socraigh praghas iomaíoch
Is gnách go mbíonn rangú níos airde sna torthaí cuardaigh ag liostuithe ar a bhfuil praghsanna níos ísle ná liostuithe eile den chineál céanna in aice láimhe. Smaoinigh ar do ráta in aghaidh na hoíche a choigeartú i gcomparáid le d'iomaitheoirí chun cabhrú leat 10 bhfanacht ar a laghad a óstáil.
Chun praghsanna liostuithe den chineál céanna i do cheantar a sheiceáil, téigh chuig féilire do liostaithe agus roghnaigh raon dátaí suas le 31 lá.
Feicfidh tú meánphraghsanna liostuithe den chineál céanna ar léarscáil de do cheantar. I measc na dtosca a rialaíonn cad iad na liostuithe atá cosúil le do liostú féin tá suíomh, méid, gnéithe, saoráidí, rátálacha, léirmheasanna agus na liostuithe eile a mbreathnaíonn aíonna orthu agus iad ag smaoineamh ar do liostúsa.
Má thairgeann tú an praghas céanna gach oíche, smaoinigh ar do rátaí ar laethanta le linn na seachtaine agus ag an deireadh seachtaine a choigeartú chun níos mó aíonna a mhealladh. Má athraíonn tú an phraghsáil de réir na hoíche, d'fhéadfadh sé cabhrú leat d'áirithintí agus do thuilleamh a uasmhéadú.
Tairg lascaine
Bealach eile chun do liostú a thabhairt chun suntais i measc aíonna is ea lascainí a thairiscint. Is féidir leat freastal ar éagsúlacht taistealaithe ach na lascainí seo a thairiscint:
- Lascainí seachtainiúla agus míosúla. Cuir lascainí seachtainiúla ar fáil ar thréimhsí fanachta seacht n‑oíche nó níos faide nó lascainí míosúla ar thréimhsí fanachta 28 n‑oíche nó níos faide. D'fhéadfadh sé sin síneadh a chur leis an meánfhad fanachta ag do liostuithe go léir agus líon na n-athruithe a laghdú.
- Lascaine luatháirithinte. Cuir lascaine le háirithintí a dhéantar idir mí amháin agus 24 mhí roimh an tseiceáil isteach, agus déan bonn láidir áirithintí roimh na séasúir ghnóthacha.
Feiceann aíonna aibhsiú speisialta sna torthaí cuardaigh agus ar leathanach do liostaithe faoi lascainí seachtainiúla nó míosúla 10% nó níos mó agus faoi lascainí luatháirithinte 3% nó níos mó. Feictear do phraghas lascainithe in aice le do phraghas bunaidh, a mbeidh líne tríd.
Tabhair faoi deara nach mbíonn an lascaine luatháirithinte ar fáil nuair atá Praghsáil Chliste casta air agus go gcaithfidh lascainí a bhaineann le fad fanachta cloí le rialacha agus rialacháin áitiúla.
Cuir béim ar fháilteachas cúig réalta
Is mór ag aíonna cumarsáid thapa shoiléir, agus ceanglaíonn na critéir do Sháróstaigh ar óstaigh ráta freagartha 90% ar a laghad a bheith acu. Má chuireann tú freagraí tapa ar bun, cuidíonn sé leat freagra a thabhairt ar aíonna go gasta agus go héifeachtúil.
Is teimpléid teachtaireachtaí gearra iad freagraí tapa a bhaineann le hábhair ar leith, a gcuirtear ceisteanna ar óstaigh ina dtaobh go minic. Is féidir leat iad a scríobh nó a chur in eagar roimh ré lena seoladh nuair a bheidh tú ag comhrá le haoi.
Más iad léirmheasanna cúig réalta an sprioc atá agat, ciallaíonn sé sin nach mór duit smaoineamh ar na riachtanais a d'fhéadfadh a bheith ag aíonna agus do dhícheall a dhéanamh freastal orthu nuair is féidir.
- Cuir bailchríoch ar an áirithint. Is féidir le bearta beaga, amhail an caife áitiúil is fearr leat a chur ar fáil nó nóta fáilte lámhscríofa a fhágáil, cabhrú go mór le haíonna a chur ar a suaimhneas.
- Cuir aíonna ar a suaimhneas. Déan iarracht do spás agus gach a thairgeann a fheiceáil ó radharc na n-aíonna. Is féidir go ndéanfadh rudaí amhail seiceáil isteach luath agus tuáillí néata difear idir rátáil fhoriomlán mhaith agus rátáil fhoriomlán iontach.
- Coinnigh i dteagmháil. Cuir in iúl d'aíonna gur féidir leo teagmháil a dhéanamh leat féin nó le do chomhóstach ag am ar bith. Socraigh do chuid fógraí chun foláireamh a fháil nuair a sheolfaidh aíonna teachtaireachtaí.
Dírigh ar mhealltacht do liostaithe
Dá n-athnuafá leathanach do liostaithe go rialta, d'fhéadfadh sé cabhrú leat na haíonna cearta a mhealladh chuig do spás.
Tarraingíonn grianghraif iontacha aird, tugann siad le tuiscint d'aíonna an méid atá rompu agus tugann siad níos mó muiníne dóibh chun do theach a chur in áirithe. Smaoinigh ar ghrianghraif do liostaithe a nuashonrú chun cabhrú leat stádas mar Sháróstach a bhaint amach.
- Pleanáil do chuid íomhánna. Dírigh ar phictiúir a fháil a chuireann sonraí uathúla, saoráidí a bhfuil tóir orthu, agus gnéithe inrochtaineachta do thí ar taispeáint. Gabh gach seomra agus limistéar ar féidir le haíonna iad a úsáid ó uillinneacha éagsúla.
- Uaslódáil íomhánna cothrománacha ardtaifigh. Ba cheart 800 picteilín faoi 1,200 picteilín ar a laghad a bheith sna grianghraif. Is fearr méideanna comhaid níos mó, suas le thart ar 10 meigibheart.
- Faigh gairmí. Smaoinigh ar ghrianghrafadóir gairmiúil a fhostú chun cabhrú leat. Is féidir le Airbnb tú a chur i dteagmháil le gairmí i gcathracha ar leith ar fud an domhain.
- Cruthaigh camchuairt ghrianghrafadóireachta. Déanann uirlis Airbnb do chuid íomhánna uaslódáilte a shórtáil go huathoibríoch de réir an tseomra chun cabhrú le haíonna leagan amach do thí a thuiscint. Is féidir leat grianghraif a bhogadh, a bhaint agus a chur léi, sonraí a chur le gach seomra, agus fotheidil a chumadh do gach grianghraf.
Tá an méid a deirtear ar do liostú chomh tábhachtach céanna leis an gcuma atá air. Tugann do theideal, do chur síos agus do shaoráidí níos mó deiseanna duit chun aíonna a mhealladh agus chun an méid atá rompu ina bhfanacht a chur in iúl go soiléir.
- Cuir teideal gearr tuairisciúil ar an liostú. Seiceáil go dtugann do theideal léargas uathúil cruinn ar do theach agus ar an timpeallacht. Mar shampla, leis an teideal “Árasán stiúideo ciúin in aice le Uffizi” cuirtear in iúl i mbeagán focal gur árasán suaimhneach í an áit seo atá suite go lárnach i bhFlórans na hIodáile.
- Is iondúil gurb é cur síos soiléir ionraic ar an liostú an cur síos is fearr. Cuir sonraí nithiúla ann a chuireann síos ar na rudaí a bheidh le feiceáil agus le cloisteáil ag aíonna i d'áit. Mar shampla, d'fhéadfá a rá go bhfuil an gairdín fálaithe agus neart spáis ann do pháistí agus do pheataí chun bheith ag rith timpeall.
- Cuir gach saoráid a thairgeann tú isteach. Smaoinigh ar na saoráidí a bhfuil tóir orthu is féidir leat a chur isteach nó a fheabhsú, amhail glas cliste a chur in ionad bosca glais nó do Wi-Fi a uasghrádú. I measc na saoráidí is minic a chuardaíonn aíonna tá féinseiceáil isteach, Wi-Fi, meaisín níocháin, triomadóir, teilifíseán nó teilifís chábla, agus limistéar fulachta.***
*Bunaithe ar thuilleamh airmheánach ag Sáróstaigh agus ag daoine nach Sáróstaigh iad ó mhí Dheireadh Fómhair 2023 go dtí mí Dheireadh Fómhair 2024.
**Bunaithe ar shonraí inmheánacha Airbnb ón 7 Deireadh Fómhair 2024.
***De réir shonraí Airbnb a thomhaiseann na saoráidí ba mhinice a cuardaíodh ar fud an domhain ón 1 Eanáir go dtí an 30 Meitheamh 2024.
Is tusa a rialaíonn do phraghsáil agus do shocruithe eile i gcónaí. D'fhéadfadh do thorthaí a bheith éagsúil.
Íocadh óstaigh as a rannpháirtíocht sna hagallaimh.
Tá leideanna óstála faoi réir an dlí áitiúil.
Seans gur athraigh an t-eolas atá sa mhír seo ó foilsíodh í.