Bheith rathúil agus é ciúin
Bíonn tréimhsí ciúine, ina mbíonn na háirithintí gann, ag na liostuithe is mó éilimh fiú. Seo roinnt bealaí le huirlisí óstála Airbnb a úsáid chun aíonna a mhealladh le linn tréimhsí ciúine.
Socraigh praghas iomaíoch
Dá gcoigeartófá do phraghas go rialta d'fhéadfadh sé cabhrú leat a bheith iomaíoch i gcónaí. Smaoinigh ar an méid seo a leanas a dhéanamh de réir mar a oireann duitse:
- Praghas saincheaptha a chur ar fáil don deireadh seachtaine. Má thairgeann tú an praghas céanna gach oíche, d'fhéadfá praghas difriúil a shocrú d'oícheanta Aoine agus Sathairn agus do laethanta i rith na seachtaine. Dá n‑athrófá do phraghsáil de réir na hoíche, d'fhéadfá líon na n‑áirithintí a uasmhéadú.
- Do liostú a chur i gcomparáid le liostuithe den chineál céanna. Is gnách go mbíonn rangú níos airde sna torthaí cuardaigh ag liostuithe lena bhfuil praghsanna atá níos ísle ná praghas liostuithe den chineál céanna in aice láimhe. Smaoinigh ar do ráta in aghaidh na hoíche a choigeartú i gcomparáid le liostuithe atá curtha in áirithe agus liostuithe nach bhfuil curtha in áirithe i do cheantar.
Téigh chuig féilire do liostaithe agus roghnaigh raon dátaí suas le 31 lá chun meánphraghsanna liostuithe den chineál céanna a fheiceáil ar léarscáil de do cheantar. I measc na dtosca a rialaíonn cad iad na réadmhaoine atá cosúil le do liostú féin tá suíomh, méid, gnéithe, saoráidí, rátálacha, léirmheasanna agus na liostuithe eile a mbreathnaíonn aíonna orthu agus iad ag smaoineamh ar do liostúsa.
“Coinním súil ar liostuithe atá cosúil le mo liostuithe féin ionas gur féidir liom a chinntiú go bhfuil praghas iomaíoch agam,” arsa Katie, ball de Bhord Comhairleach na nÓstach agus Sáróstach in Palm Springs, California. “Tá sé tábhachtach a bheith solúbtha le linn amanna níos ciúine más mian leat go gcuirfidh daoine do liostú in áirithe."
Tréimhsí fanachta níos faide agus níos giorra a mhealladh
D'fhéadfadh lascainí ar thréimhsí fanachta seacht n‑oíche nó níos faide do rangú cuardaigh a fheabhsú agus athruithe idir áirithintí a laghdú, agus d'fhéadfadh tréimhsí fanachta níos giorra bearnaí a líonadh i d'fhéilire.
- Lascaine sheachtainiúil a chur ar fáil. Feiceann aíonna aibhsiú speisialta sna torthaí cuardaigh agus ar leathanach do liostaithe maidir le lascainí 10% nó níos mó. Feictear do phraghas lascainithe in aice le do phraghas bunaidh, a mbeidh líne tríd.
- D'íosfhad turais a laghdú. Is féidir leat d'íosfhad turais a shaincheapadh de réir an lae den tseachtain. Má bhíonn an t-éileamh níos airde ag an deireadh seachtaine, b'fhéidir go gceadófá tréimhsí fanachta oíche amháin i lár na seachtaine ach ní nuair a chuireann aíonna oíche Aoine nó oíche Shathairn in áirithe.
“Le linn na dtréimhsí ciúine, is cinnte go laghdóidh mé m'íoslíon oícheanta agus cabhróidh sé sin liom daoine a mhealladh nach bhfuil ag teacht ach ar feadh cúpla oíche,” arsa Felicity, Sáróstach in Sydney, an Astráil.
Barrfheabhsaigh grianghraif agus an tseiceáil amach
Nuair a athnuann tú sonraí do liostaithe, tugann tú le tuiscint go soiléir d'aíonna an méid atá rompu agus tugann tú níos mó muiníne d'aíonna chun do theach a chur in áirithe, go háirithe le linn tréimhsí ciúine.
- Cruthaigh camchuairt ghrianghrafadóireachta. Déanann uirlis Airbnb do chuid íomhánna uaslódáilte a shórtáil go huathoibríoch de réir an tseomra chun cabhrú le haíonna leagan amach do thí a thuiscint. Is féidir leat grianghraif a bhogadh, a bhaint agus a chur léi, sonraí a chur le gach seomra, agus fotheidil a chumadh do gach grianghraf.
- Treoracha soiléire don tseiceáil amach a chur ar fáil. Mínigh an méid nach mór d'aíonna a dhéanamh sula bhfágfaidh siad an áit, amhail an doras a chur faoi ghlas. Is féidir le gach duine iad sin a léamh sula ndéanfaidh siad áirithint, agus cuireann níos mó aíonna liostuithe ag a bhfuil treoracha don tseiceáil amach in áirithe. D'inis aíonna dúinn gur fearr leo liosta gearr tascanna don tseiceáil amach, mar sin smaoinigh ar a laghad tascanna is féidir a thabhairt.
Glac páirt i gClub Óstach áitiúil
Cabhraíonn na céadta Club Óstach ar fud an domhain le hóstaigh Airbnb teacht le chéile agus foghlaim óna chéile. Chonaiceamar go dtuilleann baill de na clubanna áitiúla sin a dhá oiread le hais óstaigh nach baill de chlub iad,* agus tá sé beagnach a thrí oiread níos dóichí go mbeidh siad ina Sáróstaigh.**
I measc na ngníomhaíochtaí club a bhfuil tóir orthu tá:
- Leideanna óstála a mhalartú a d'fhéadfadh tuilleamh a mhéadú
- Rialacháin maidir le lóistín ar chíos gearrthéarmach a phlé
- Seirbhísí áitiúla iontaofa, amhail glantóirí agus pluiméirí, a roinnt
- Freastal ar imeachtaí líonraithe eisiacha
*De réir shonraí inmheánacha Airbnb, agus meántuilleamh agus meánrátaí bhaill Chlub Óstach Airbnb ar fud an domhain á gcur i gcomparáid le pobal iomlán na n-óstach, ó Mheán Fómhair 2022 go dtí Meán Fómhair 2023. Athraíonn na sonraí tuillimh de réir na háite, na séasúrachta agus an chineáil liostaithe.
**De réir shonraí inmheánacha Airbnb maidir le stádas Sáróstaigh d'óstaigh a thosaigh idir mí Iúil 2023 agus mí Iúil 2024.
Is tusa a rialaíonn do phraghsáil agus do shocruithe eile i gcónaí. D'fhéadfadh do thorthaí a bheith éagsúil.
Íocadh óstaigh as a rannpháirtíocht sna hagallaimh.
Tá leideanna óstála faoi réir an dlí áitiúil.
Seans gur athraigh an t-eolas atá sa mhír seo ó foilsíodh í.