Eolas faoin aibhsiú do na tithe is fearr
Cuireann aíonna a muinín in óstaigh gach uair a dhéanann siad áirithint. Ba cheart go mbeadh siad muiníneach go bhfuil a fhios acu cad atá rompú sula ndéanfaidh siad áirithintí.
Tugann an t-aibhsiú liostuithe den scoth chun suntais agus éascaíonn sé d'aíonna an áit is oiriúnaí dá gcuid riachtanas a roghnú.
Cad é an t-aibhsiú?
Cuireann an t-aibhsiú liostuithe incháilithe i gcomparáid le liostuithe eile ó thaobh rátálacha, léirmheasanna agus iontaofachta de. Tá liostuithe a bhfuil 5 léirmheas ar a laghad acu le 2 bhliain anuas incháilithe i gcomhair an aibhsithe.
I measc an chéad 10% de liostuithe incháilithe tá:
- Corn óir
- Suaitheantas óir 'Mór ag Aíonna'
- Lipéad ar a bhfuil rangú an liostaithe sa chéad 1%, 5% nó 10%
Feictear an t-aibhsiú sna torthaí cuardaigh, ar leathanach an liostaithe agus os cionn na léirmheasanna.
Taispeánfaimid d'aíonna freisin má tá liostú sa 10% is ísle de na liostuithe incháilithe. Feictear lipéad an 10% is ísle os cionn na léirmheasanna.
Nuashonraítear an t-aibhsiú go rialta de réir tosca éagsúla, ina measc sin:
- Rátálacha foriomlána réalta, aiseolas i léirmheasanna ó aíonna agus cumarsáid idir aíonna agus óstaigh ar an ardán
- Rátálacha fochatagóire maidir le seiceáil isteach, glaineacht, cruinneas, cumarsáid, suíomh agus luach ar airgead
- Rátaí cealaithe an Óstaigh
- Fadhbanna a bhaineann le cáilíocht a tuairiscíodh do Thacaíocht Airbnb
Gheobhaidh tú fógra gach uair a dhéanfaidh aoi rátáil agus léirmheas ar do liostú nó gach uair a thuairisceofar fadhb a bhaineann le cáilíocht. Agus is féidir leat léarmheas a thuairisciú a sháraíonn ár bPolasaí um Léirmheasanna dar leat.
Cad iad na bealaí eile ar féidir le tithe agus óstaigh seasamh amach?
Ní hé an t-aibhsiú an t-aon bhealach ar féidir le haíonna fanacht iontach a aimsiú. Aithníonn 'Mór ag Aíonna' agus clár na Sáróstach liostuithe a sheasann amach agus óstaigh den scoth.
- Is éard is Mór ag Aíonna ann ná bailiúchán de na tithe is ansa leis na haíonna féin ar Airbnb. Tá sé bunaithe ar rátálacha, léirmheasanna agus sonraí iontaofachta ó bhreis agus leathbhilliún turas.
- Tugtar aitheantas do Sháróstaigh as an dea-theist atá orthu agus as fáilteachas den scoth. Tá an suaitheantas 'Sáróstach' le feiceáil ar a liostuithe agus ar a bpróifíl.
Faigh leideanna maidir le hóstáil 5 réalta
Seans gur athraigh an t-eolas atá sa mhír seo ó foilsíodh í.
