Uasghrádaigh grianghraif do liostaithe

Roinneann beirt ghrianghrafadóirí gairmiúla cúig bhealach inar féidir leat cabhrú le do liostú Airbnb seasamh amach.
Le Airbnb ar an 26 Iúil 2022
Léamh 7 nóiméad
Nuashonraithe ar an 26 Iúil 2022

Buaicphointí

  • Roghnaigh íomhá chumhdaigh a thaispeánann pearsantacht do spáis

  • Glan tranglam, glac na grianghraif ó leibhéal na súl, agus frámaigh do sheat go tuisceanach

  • Faigh tuilleadh eolais inár dtreoir chuimsitheach chun d'óstáil a thabhairt go dtí an chéad leibhéal eile

    An raibh a fhios agat go bhfuil grianghrafadóireacht ar cheann de na príomhghnéithe a úsáideann aíonna chun cinntí a dhéanamh agus iad ag roghnú áit le fanacht? Féadann caighdeán do ghrianghraf tionchar a imirt ar a mhinice a aimsíonn aíonna ionchasacha do liostú sna torthaí cuardaigh—rud a chiallaíonn go bhfuil grianghraif ardchaighdeáin riachtanach do do ghnó óstála.

    Is grianghrafadóirí gairmiúla agus Sáróstaigh iad Jeff agus Candida a bhaineann úsáid as a gcuid cruthaitheachta chun níos mó áirithintí a mhealladh chuig a n-áit chónaithe, El Rancho, san fhásach in Joshua Tree, California. Is é an cleas atá acu ná a spás a dhéanamh chomh hálainn sna grianghraif agus atá sé go pearsanta.

    Roinneann an lánúin a gcuid sainleideanna anseo chun grianghraif do liostaithe a fheabhsú.

    1. Faigh réidh leis an tranglam

    Agus tú ag glacadh grianghraf de do spás, bí cinnte agus cuir slacht air. “Bíonn iontas orainn uaireanta a oiread daoine a dhéanann dearmad earraí randamacha a ghlanadh ón spás sula dtógann siad grianghraif,” arsa Jeff. “Déanaimid iarracht ár spásanna maireachtála a choinneáil saor ó thranglam, agus mar sin de, tá sé i bhfad níos éasca an grianghraf a theastaíonn uainn a ghabháil—gan cur isteach.”

    Mar sin féin, ní chiallaíonn sé sin gur chóir go mbeadh do spás go hiomlán lom. “Cuir rud leis an bpictiúr a bhaineann le daoine,” arsa Candida, amhail blaincéad, nó carn beag leabhar. "Déanann sé seo áit i bhfad níos fáiltí."

    2. Cuir fráma ar d'íomhá chumhdaigh

    Is é an íomhá chumhdaigh de do spás an chéad rud a aimsíonn taistealaithe sna torthaí cuardaigh agus ar leathanach do liostaithe. Mar sin, déan iarracht tábhacht a leagan ar an rud sin.

    “Smaoinigh ar na rudaí a dhéanann do spás difriúil le háiteanna eile. Cén fáth a bhfuil sé speisialta? An gceapann tú go mbeadh daoine in ann iad féin a shamhlú anseo? Déan iniúchadh ar liostuithe eile ar Airbnb le haghaidh inspioráide agus chun a fháil amach na rudaí a oibríonn go maith,” a mholann Candida.

    Bí cinnte agus gabh áiteanna speisialta ar bith a d'fhéadfadh a bheith mealltach d'aíonna ionchasacha, amhail íomhá leathanfhráma de spás lasmuigh do réadmhaoine.

    3. Aimsigh an solas

    “Is é an solas a dhéanann grianghraf liostaithe iontach,” arsa Candida. Seo cúpla moladh chun do spás a ghabháil agus an solas ceart ann:

    • Breathnaigh ar do sholas. Bain triail as leibhéil éagsúla an tsolais laistigh agus lasmuigh de do theacht i rith an lae.
    • Glac grianghraif ag luí na gréine nó ag breacadh an lae. Agus tú ag glacadh grianghraf amuigh faoin aer, glac cinn díreach tar éis éirí na gréine nó roimh luí na gréine—na huaireanta órga. Tá an solas níos boige agus níl sé chomh díreach céanna, agus tabharfaidh sé atmaisféar deas croíúil do do réadmhaoin.
    • Bí nádúrtha. Má bhíonn tú ag glacadh grianghraf taobh istigh, faigh an uair sa lá a gheobhaidh tú an solas nádúrtha is dírí. Níor cheart soilsiú saorga a úsáid ach mura bhfuil an dara rogha agat, mar is gnách go mbíonn sé ródhian i ngrianghraif.
    • Múch an splanc. Bíonn éifeacht dhian ag splanc go minic díreach mar atá ag soilsiú saorga eile. Mura bhfuil solas nádúrtha ar bith sa spás a bhfuil tú ag glacadh grianghraf de, cas air lampa chun atmaisféar teolaí a chruthú.

    4. Cum d'íomha

    Maidir le caighdeán na ngrianghraf, tá comhdhéanamh—gnéithe amhail treoshuíomh, méid an ghrianghraif, socrú agus siméadracht—chomh tábhachtach céanna le hábhar do ghrianghraif. Seo roinnt leideanna le cur san áireamh agus do sheat á ghabháil agat:

    • Láraigh do ghrianghraif. Ná déan dearmad go ndéanann Airbnb grianghraif a bhearradh chun dul in oiriúint do do liostú agus do thorthaí cuardaigh. Cuir do phríomhábhar i lár an fhráma ionas nach mbearrfar aon rud tábhachtach. “Má bhíonn aon ní speisialta agat, ar breá leat iad, i do theach, déan iarracht iad chur i lár an ghrianghraif ionas go seasfaidh siad amach,” arsa Jeff.
    • Glac grianghraif ag leibhéal na súl. Má ghlacann tú an grianghraf ar uillinn neodrach—gan díchumadh gan claonadh suas nó síos—cabhraíonn sé lena chinntiú go bhfuil an íomhá cothromaithe go maith, agus ligeann sé d'aíonna dul i dtaithí ar an spás beagnach mar a rachaidís dá mbeidís ann go pearsanta.
    • Úsáid riail na dtrian. “Má roinneann tú do fhráma ina thrianta, is féidir leat iad a úsáid mar threoracha chun na gnéithe a eagrú i do chomhdhéanamh,” arsa Jeff.
    • Cuir seatanna éagsúla ann. Tá grianghraif fhairsinge an-mhaith chun cabhrú le daoine méid an tseomra a thuiscint, agus is fearr grianghraif mheánraoin chun díriú ar ábhair ar leith, amhail teilifís nó rothar aclaíochta. Úsáid seatanna gar-amhairc ar mhionghnéithe a chuireann pearsantacht do spáis in iúl.
    • Déan naisc. Smaoinigh ar do ghailearaí íomhánna mar thuras treoraithe, agus taispeáin d'aíonna ionchasacha conas a nascann seomraí lena chéile i ngrianghraif.

    5. Cuir do spás ar taispeáint

    De réir mar a roghnaíonn tú na rudaí le cur sa ghrianghraf—agus le fágáil ar lár—bain triail as a bheith ag smaoineamh mar aoi.

    “Tá sé tábhachtach réimse íomhánna a chur le chéile agus na cinn is fearr a léiríonn do scéal a roghnú,” arsa Candida. "Cad a thaitneoidh le d’aíonna faoin spás? Cad iad na rudaí a d’fhéadfadh ionadh a chur orthu? Conas is féidir leat na mionghnéithe a thaispeáint ach léiriú foriomlán a thabhairt fós ar an gcuma atá ar an seomra?"

    Cuimhnigh go gcaithfidh tú zúmáil amach agus an áit máguaird a léiriú chun do scéal a insint. “Ní gá go mbainfeadh gach íomhá le do theach,” arsa Jeff. D'fhéadfá grianghraif de chosán fánaíochta in aice láimhe a chur ann, mar shampla, nó an caife gleoite ag an gcoirnéal.

    Thar aon ní eile, agus tú ag roinnt do spáis agus do chomharsanachta, bain úsáid as grianghraif ardchaighdeáin chun cabhrú le haíonna ionchasacha a bhfanacht a shamhlú—agus, tá súil againn, d'áit a chur in áirithe le haghaidh fanachta nach ndéanfaidh siad dearmad air go deo.

    Seans gur athraigh an t-eolas atá sa mhír seo ó foilsíodh í.


    Buaicphointí

    • Roghnaigh íomhá chumhdaigh a thaispeánann pearsantacht do spáis

    • Glan tranglam, glac na grianghraif ó leibhéal na súl, agus frámaigh do sheat go tuisceanach

    • Faigh tuilleadh eolais inár dtreoir chuimsitheach chun d'óstáil a thabhairt go dtí an chéad leibhéal eile

      Airbnb
      26 Iúil 2022
      Ar chabhraigh sé seo leat?