Seo chugaibh Seirbhísí Airbnb
Is minic a roghnaíonn daoine óstáin mar gheall ar na seirbhísí a thairgeann siad, amhail seirbhís seomra, rochtain ar sheomra aclaíochta nó seisiún ag an spá. Ón lá inniu feasta, tá seirbhísí le fáil ag aíonna díreach ag do lóistín Airbnb.
Cad is Seirbhísí Airbnb ann?
Is seirbhísí thar barr iad Seirbhísí Airbnb a chuireann an dlaoi mhullaigh ar fhanacht. Táimid á seoladh le 10 gcatagóir i gcathracha ar leith, agus cuirfear earraí agus láithreacha nua leo go rialta in aip Airbnb.
- Cócairí: Béilí ó chócairí gairmiúla sa bhaile atá inoiriúnaithe go hiomlán.
- Grianghrafadóireacht: Seisiúin ghrianghrafadóireachta phearsantaithe ó ghrianghrafadóirí seanbhunaithe.
- Suathaireacht: Suathaireacht íocshláinteach, ina measc sin suathaireacht Shualannach, suathaireacht dhomhain agus reifléacseolaíocht ó theiripeoirí seanbhunaithe.
- Cóireálacha spá: Cóireálacha éadain, micreascrabhadh deirmeach, sciomradh coirp agus cóireálacha eile ó sciamheolaithe gairmiúla.
- Traenáil phearsanta: Ióga, traenáil nirt, HIIT agus eile, le traenálaithe pearsanta, ina measc sin gairmithe iomráiteacha folláine agus lúthchleasaithe ar curaidh dhomhanda iad.
- Gruaig: Bearrthaí gruaige gairmiúla, séidtriomuithe agus eile ó ghruagairí seanbhunaithe.
- Smideadh: Gnáthsmideadh nó smideadh d'ócáidí speisialta ó smideoirí gairmiúla.
- Cúram ingne: Lámh-mhaisithe agus cosmhaisithe ó speisialtóirí ingne seanbhunaithe.
- Béilí réitithe: Béilí atá réidh le hithe a d'ullmhaigh cócairí gairmiúla.
- Lónadóireacht: Lónadóireacht lánseirbhíse le biachláir shaincheaptha, maisiúchán agus trealamh, chomh maith le leagan amach agus glanadh.
Déantar grinnfhiosrúchán ar Sheirbhísí Airbnb maidir le hardchaighdeán, ag cur critéir amhail eolas, oideachas, cáil agus eile san áireamh. Tá blianta taithí ag óstaigh seirbhíse agus chríochnaigh siad próiseas deimhnithe aitheantais Airbnb. Tá cáil ar a lán acu ina réimse—áirítear príomhchócairí ó bhialanna ag a bhfuil réalta Michelin, grianghrafadóirí a bhuaigh duaiseanna agus scoth-thraenálaithe ina measc.
Tá sé furasta d'aíonna seirbhísí a bhrabhsáil sna háiteanna a bhfuil siad ar fáil—agus iad a chur in áirithe ar an bpointe ar Airbnb. D'fhéadfaí seirbhísí a dhéanamh i dteach, i ngnólacht an óstaigh seirbhíse nó i spás poiblí.
Seirbhísí a cheadú i do theach
Ceadaítear seirbhísí go huathoibríoch i do theach. Tugann sin le tuiscint d'aíonna go bhfuil tú tiomanta dá bhfanacht a dhéanamh níos speisialta.
Tá an rogha agat gan seirbhísí a cheadú i do theach. Déan teagmháil le Tacaíocht Airbnb chun aon seirbhísí nach gceadaíonn tú a shonrú agus nuashonróidh siad do rialacha tí.
Déanann aíonna léirmheas ar leith ar sheirbhísí nach bhfuil baint acu lena bhfanacht agat. Iarrtar orthu léirmheas a dhéanamh ar sheirbhís a luaithe is a chríochnaíonn sí. Iarrtar ar aíonna rátáil fhoriomlán, rátálacha mionsonraithe, léirmheas poiblí agus nóta príobháideach a chur ar fáil don tseirbhís. Níl aon tionchar ag a léirmheas ar rátáil nó rangú do thí.
Árachas d'óstaigh seirbhíse a thuiscint
Éilítear ar gach óstach seirbhíse árachas dliteanais a choinneáil atá oiriúnach dá ngnó le linn daoibh seirbhís a chur ar fáil. Tá siad clúdaithe freisin faoi árachas dliteanais Airbnb d'Eispéiris agus do Sheirbhísí, atá ina chuid de AirCover d'Óstaigh. Tá sé cosúil leis an gclúdach atá agat le hárachas dliteanais d'óstaigh trí AirCover d'Óstaigh.
Nuair a dhéantar seirbhís i do theach, tá árachas dliteanais d'Eispéiris agus do Sheirbhísí i bhfeidhm má tá an t-óstach seirbhíse freagrach as damáiste a dhéanamh do do theach nó do do chuid giuirléidí.
Seirbhísí a mholadh
Is féidir leat moltaí a roinnt lena éascú do d'aíonna seirbhísí iontacha a aimsiú. Seo mar a mholann tú seirbhís.
- Féach a bhfuil ar fáil in aice láimhe: Brabhsáil Airbnb le seirbhísí atá ar fáil sa cheantar a aimsiú. Déan teagmháil le hóstaigh seirbhíse chun tuilleadh eolais a fháil nó cuir earraí in áirithe agus bain triail tú féin astu.
- Cruthaigh freagra tapa: Seol teachtaireacht réamhscríofa go huathoibríoch nuair a chuireann aíonna do theach in áirithe, nó mar fhreagra má iarrann siad moltaí ort.
Óstach seirbhíse a atreorú
An bhfuil aithne agat ar dhuine a d'fhéadfadh seirbhís iontach a óstáil? Roinn do nasc atreoraithe, agus d'fhéadfá $100 USD (nó a chomhluach in airgeadra áitiúil) a shaothrú nuair a thosóidh sé nó sí ag óstáil.*
Tá 180 lá ag óstaigh a atreoraíonn tú chun a gcéad áirithint a chur i gcrích. Is féidir leat a rianú ar fhoilsigh sé nó sí liostú nó an bhfuil áirithint le teacht aige nó aici ar do leathanach atreoruithe.
Seolfaimid do dhuais go díreach chuig do chuntas thart ar 14 lá tar éis d'óstach incháilithe a d'atreoraigh tú áirithint incháilithe a chríochnú.
Ceisteanna agus Freagraí faoi Sheirbhísí Airbnb
*Níl duaiseanna atreoraithe ar fáil ach i suíomhanna incháilithe agus tá siad faoi réir Théarmaí na Tairisceana agus an Chláir Atreoraithe Óstach. Tosaíonn an tréimhse 180 lá nuair a chruthaíonn óstach liostú nua trí do nasc atreoraithe. Tá liostuithe a tosaíodh trí do nasc atreoraithe roimh an 17 Márta 2025 faoi réir na dtéarmaí a bhí i bhfeidhm nuair a rinneadh na hatreoruithe sin.
Níl seirbhísí ar fáil i ngach áit, mar shampla an Bhrasaíl agus Pórtó Ríce.
Cuireann árachóirí tríú páirtí árachas dliteanais d'Óstaigh agus árachas dliteanais d'Eispéiris agus Seirbhísí ar fáil. Má tá tú ag óstáil tithe, eispéireas nó seirbhísí sa Ríocht Aontaithe, tá na polasaithe árachais dliteanais d'Óstaigh, agus d'Eispéiris agus Seirbhísí frithgheallta ag Zurich Insurance Company Ltd., agus is é Airbnb UK Services Limited, ionadaí ceaptha de chuid Aon UK Limited, a n-údaraíonn agus a rialaíonn an tÚdaras um Iompar Airgeadais é, a shocraíonn na polasaithe agus a thugann i gcrích iad gan aon chostas breise ar óstaigh sa Ríocht Aontaithe. Is é 310451 uimhir chláir FCA Aon. Is féidir leat sin a sheiceáil ach cuairt a thabhairt ar Chlár na Seirbhísí Airgeadais nó teagmháil a dhéanamh leis an FCA ag 0800 111 6768. Is é an tÚdarás um Iompar Airgeadais a rialaíonn na polasaithe dliteanais d'Óstaigh agus d'Eispéiris agus Seirbhísí laistigh de AirCover d'Óstaigh, ach ní táirgí rialaithe iad na táirgí agus na seirbhísí eile a shocraíonn Airbnb UK Services Limited. Féach sonraí agus eisiaimh. FPAIR202525SD
Seans gur athraigh an t-eolas atá sa mhír seo ó foilsíodh í.