Taispeánfar moltaí i ndiaidh duit an t-ionchur cuardaigh a chlóscríobh. Úsáid na saigheada suas agus síos chun athbhreithniú a dhéanamh. Úsáid Iontráil chun roghnú. Más frása é an roghnúchán, cuirfear an frása sin isteach lena chuardach. Más nasc é an moladh, nascleanfaidh an brabhsálaí chuig an leathanach sin.
Taispeánfar moltaí i ndiaidh duit an t-ionchur cuardaigh a chlóscríobh. Úsáid na saigheada suas agus síos chun athbhreithniú a dhéanamh. Úsáid Iontráil chun roghnú. Más frása é an roghnúchán, cuirfear an frása sin isteach lena chuardach. Más nasc é an moladh, nascleanfaidh an brabhsálaí chuig an leathanach sin.

Seo chugaibh Eispéiris Airbnb úrnua

Taiscéal an chathair le daoine de bhunadh na háite a bhfuil an-chur amach acu uirthi.
Le Airbnb ar an 13 Beal 2025
Nuashonraithe ar an 13 Beal 2025

Ar na cúiseanna is mó ag daoine le tithe a chur in áirithe ar Airbnb tá an deis ar shaol mhuintir na háite a bheith acu. Ach tá sé deacair teacht ar na rudaí is fearr le déanamh nuair atá tú in áit nua. Mar óstach, is féidir leat Eispéiris Airbnb in aice láimhe a mholadh chun feabhas a chur ar fhanacht aoi.

Cad is Eispéireas Airbnb ann?

Is eispéiris de chineál úrnua iad Eispéiris Airbnb—atá á n-óstáil ag daoine de bhunadh na háite a bhfuil an-chur amach acu ar a gcathair. I ngach gníomhaíocht tá deis ag aíonna eolas a chur ar an áit ina bhfuil siad ar bhealach údarach.

Agus eispéiris ar fáil ar fud an domhain, tá sé furasta d'aíonna ceann díobh a aimsiú agus a chur in áirithe le linn a bhfanachta. Is féidir le haíonna:

  • Iad féin a bhá sa chultúr. Féach ar shainchomharthaí, músaeim, áiteanna móréilimh nó léirithe beo.
  • Saol an bhia a thaiscéaladh. Freastail ar ranganna cócaireachta, ócáidí blaiste nó eispéiris eile bia.
  • Dul ar eachtra amuigh faoin aer. Glac páirt i dturais fiadhúlra, spóirt uisce nó eispéiris ar eitilt.
  • Na healaíona a cheiliúradh. Bain sult as dánlanna agus ailtireacht, nó triail ceardlanna ealaíne.
  • Suaimhneas coirp agus intinne a ghlacadh Cuir in áirithe traenáil, ranganna folláine nó eispéiris áilleachta.

Grinnfhiosraítear eispéiris maidir le cáilíocht, agus dírítear ar eolas, cáil agus barántúlacht. Déantar athbhreithniú rialta ar eispéiris lena chinntiú go gcomhlíonann siad ár gcaighdeáin.

I mórán cathracha, is féidir le haíonna Saineachtraí Airbnb a aimsiú freisin. Beartaíodh na heispéiris iontacha seo do Airbnb amháin agus óstálann cuid de na daoine is suimiúla ar domhan iad. Mar shampla, is féidir le haíonna dul isteach sa chró le haghaidh fíorsheisiún traenála lucha libre le hiomrascálaí gairmiúil Meicsiceach.

Is féidir leat eispéiris in aice láimhe a mholadh d'aíonna chun an dlaoi mhullaigh a chur ar a bhfanacht. Is féidir leat duais airgid a thuilleamh chomh maith as óstaigh nua eispéiris a atreorú.

Eispéiris a mholadh

Bain úsáid as do léargas áitiúil chun cabhrú le haíonna teacht ar rudaí údaracha le déanamh le linn a bhfanachta. Chun eispéiris a mholadh:

  • Féach a bhfuil ar fáil in aice láimhe. Brabhsáil Airbnb le gníomhaíochtaí atá ar fáil sa cheantar a aimsiú. Déan teagmháil le hóstaigh eispéireas nó cuir gníomhaíochtaí in áirithe agus bain triail tú féin astu.
  • Cruthaigh freagra tapa. Seol teachtaireacht réamhscríofa go huathoibríoch nuair a chuireann aíonna do theach in áirithe, nó mar fhreagra má iarrann siad moltaí ort.
  • Bain úsáid as an uirlis roinnte moltaí. Roghnaigh an comhartha móide (+) i do shnáithe teachtaireachta, ansin “Roinn moltaí”. Cuir isteach na heispéiris is mian leat a mholadh.

Óstach eispéiris a atreorú

An bhfuil aithne agat ar dhuine a d'fhéadfadh eispéireas iontach a stiúradh? Roinn do nasc atreoraithe, agus d'fhéadfá $50 USD (nó a chomhluach in airgeadra áitiúil) a shaothrú nuair a thosóidh sé nó sí ag óstáil.*

Tá 180 lá ag óstaigh a atreoraíonn tú chun a gcéad áirithint a chur i gcrích. Is féidir leat a rianú ar fhoilsigh sé nó sí liostú nó an bhfuil áirithint le teacht aige nó aici ar do leathanach atreoruithe.

Seolfaimid do dhuais go díreach chuig do chuntas thart ar 14 lá tar éis d'óstach incháilithe a d'atreoraigh tú áirithint incháilithe a chríochnú.

*Níl duaiseanna atreoraithe ar fáil ach i suíomhanna incháilithe agus tá siad faoi réir Théarmaí na Tairisceana agus an Chláir Atreoraithe Óstach. Tosaíonn an tréimhse 180 lá nuair a chruthaíonn óstach liostú nua trí do nasc atreoraithe. Tá liostuithe a tosaíodh trí do nasc atreoraithe roimh an 17 Márta 2025 faoi réir na dtéarmaí a bhí i bhfeidhm nuair a rinneadh na hatreoruithe sin.

Seans gur athraigh an t-eolas atá sa mhír seo ó foilsíodh í.

Airbnb
13 Beal 2025
Ar chabhraigh sé seo leat?