Conas do scéal a chruthú

Roinneann Tereasa agus David, Sáróstaigh, na straitéisí scéalaíochta is fearr leo.
Le Airbnb ar an 22 Lún 2023
Léamh 8 nóiméad
Nuashonraithe ar an 22 Lún 2023

Buaicphointí

  • Bealach chun nasc a dhéanamh le haíonna is ea do scéal a aimsiú, a shnoí agus a roinnt

  • Smaoinigh ar eispéiris i do theach nó i do cheantar nach féidir le haíonna a fháil áit ar bith eile

  • Cothaigh láithreacht ar na meáin shóisialta do do theach

  • Bain leas as gach bacainn mar dheis foghlama agus fáis

  • Faigh tuilleadh eolais inár dtreoir iomlán chun d'óstáil a thabhairt go dtí an chéad leibhéal eile

Tá eolas ag Tereasa agus David, Sáróstaigh, faoi rud nó dhó faoi chumhacht na scéalaíochta. Mar thuismitheoirí, caomhnóirí, stiúrthóirí cruthaitheacha, údair foilsithe, agus úinéirí Camp Wandawega in Elkhorn, Wisconsin, d’fhoghlaim siad conas is féidir daoine a thabhairt le chéile trí scéalta a fhí. “Agus muid ag tosú ag nochtadh agus ag postáil sonraí faoi stair an champa—mar shíbín sna 1920í, áit chruinnithe don mhaifia, drúthlann, campa samhraidh do phobal dídeanaithe na Laitvia, chomh maith lenár nasc féin leis—fuaireamar amach go dtéann sé i bhfeidhm go mór ar dhaoine,” a deir Tereasa.

Anseo, roinneann siad roinnt focail chiallmhara ar conas scéal do thí a fháil agus a shnoí.

1. Aimsigh do chleas

Tereasa: “Fiú mura síbín céad bliain é do spás, bíonn scéal le hinsint i gcónaí. Le do cheann féin a aimsiú, tosaigh ag ransú:

  • Cad é stair do thí?
  • Cad iad na heispéiris atá uathúil i do bhaile nach féidir le haíonna a fháil áit ar bith eile?
  • Cad iad na blúirí eolais suimiúla nach mór agat iad b'fhéidir.

Déan taighde agus cuir é sin i do liostú."

David: “Tá go leor leor eile is féidir leat a roinnt i do liostú seachas líon na seomraí leapa agus na seomraí folctha. Is mian le daoine a fháil amach cá bhfaighidh siad cupán caife iontach, is mian leo eolas a fháil ar na háiteanna is fearr leat—mar sin roinn an méid atá uathúil faoin eispéireas is féidir leat a thairiscint. Bíonn aíonna ag lorg naisc agus cúis le bheith gafa go mothúchánach, agus cuidíonn scéalta le muid a thabhairt le chéile."

2. Ná bí foirfe

David: “Go luath i ndiaidh dúinn tosú amach, d’fhoghlaimíomar go gcaithfimis ionchais daoine a bhainistiú roimh ré toisc gurb é an rud deireanach atá uainn díomá a chur orthu. Mar sin chruthaíomar ár bhForógra d'Ionchais Ísle. Is bealach spraíúil dúinn é le heolas a thabhairt faoi shaol tuathúil an champa. Insíonn sé do dhaoine cad a bheidh rompu—arb é sin go minic feithidí gránna, créatúir choillearnaí, agus gan aerchóiriú ar bith—mar sin, má theastaíonn braillín Éigipteacha nó sónna nua-aimseartha uait, b’fhéidir nach é seo an áit duitse.”

Tereasa: “Níl cur i gcéill ar bith ag baint linn. Agus, mar sin, cuimsímid sin sa teanga a úsáidimid chun cur síos a dhéanamh ar ár spás. Chinneamar ar a bheith ionraic le daoine. D'insíomar cnámh dhearg na fírinne ach ar dhóigh ghreannmhar. Téimid thar fóir leis an áibhéil agus is mar gheall air seo go bhfuilimid greannmhar, rud a fhágann go bhfuilimid níos sochaideartha, sílim. Agus ní gá go bhfuil tú i do chóipscríbhneoir le bheith sochaideartha—is féidir leat cur síos a dhéanamh ar d’áit ar bhealach an-umhal."

David: “Nuair a bhím ag surfáil ar Airbnb, is maith liom nuair a fheictear pearsantacht duine tríd an mbealach a gcuireann sé nó sí síos ar an áit. Go háirithe má táimid chun spás a roinnt, is mian liom a fháil amach go bhfuil féith ghrinn ionat agus gur duine thú lena mbeinn ag iarraidh bheith ag crochadh timpeall. Ná déan iarracht an ghealach a dhíol liom. Ná bí ag ligean ort gur tusa togha agus rogha ruda ar bith. Bí macánta fírinneach spraíúil toisc gur mian le daoine a bheith compordach nuair a thagann siad chun fanacht i d’áit.”

3. Bí caidreamhach

Tereasa: “Chun spéis agus áirithintí a mhéadú, cothaigh láithreacht ar na meáin shóisialta do do theach. Is ar na meáin shóisialta a aimsíonn formhór na ndaoine muid ar dtús, déanta na fírinne. Feiceann siad ár n-íomhánna nó téann siad tríd ár bhfotha Instagram—is bealach iontach é chun lucht spéise a fhorbairt agus cuireadh a thabhairt dóibh chuig na deiseanna éagsúla a d’fhéadfadh a bheith acu ag an gcampa. Cúpla leid:

    • Déan iarracht na cuimhneacháin saoil a roinnt ar mian le daoine dul isteach iontu láithreach. Teastaíonn uait an leabhar sin a bheith agat in aice leis an leaba, agus cupán caife the agus radharc amach an fhuinneog—é sin ar fad.
    • Tá dearadh maith agus grianghrafadóireacht mhaith ina spreagadh tábhachtach don scéalaíocht amhairc. Bí cinnte go mbeidh sé an-spéisiúil agus galánta!"

    David: “Nuair a thugann daoine cuairt ar Wandawega, ní féidir liom a rá leat cá mhéad uair a insíonn daoine dom go bhfaca siad grianghraf ar Instagram, agus gur mian leo rith díreach go dtí an áit sin chun an nóiméad sin a athchruthú dóibh féin. Déantar mianliosta de rudaí le déanamh de Instagram—agus réamhamharc físiúil ar do spás do do lucht spéise. Is minic gurb é an fáth a gcuirtear d'áit in áirithe."

    Ná bí ag ligean ort gur tusa togha agus rogha ruda ar bith. Bí macánta fírinneach spraíúil.
    David,
    Elkhorn, Wisconsin

    4. Coinnigh ort ag déanamh go maith in ainneoin teipeanna

    David: “Rinneamar go leor botún ar dtús. Ach d'fhoghlaimíomar glacadh leis an rud ar a dtugaimid 'déanann go maith in ainneoin teipeanna'—agus míshlachtmhaire an tsaoil. Mar shampla, le scéalaíocht, d’fhoghlaimíomar go bhfuil a leithéid de rud ann agus barraíocht a roinnt. Cé gur breá le daoine a chloisteáil faoi bhean na drúthlainne, faoin maifia, agus faoi na dúnmharuithe—ní hionann é sin agus a rá gur mian leo a fháil amach cá háit a tharla sé—go háirithe má bhíonn orthu codladh ansin. Le himeacht aimsire, gheobhaidh tú amach cad a oibríonn, cad nach n-oibríonn, agus cad a théann i bhfeidhm ar do lucht spéise."

    Tereasa: “Is éard atá i gceist le déanamh go maith in aineoinn teipeanna, dar linne, ná gach bac a láimhseáil mar dheis chun fás. Seo mar a fhoghlaimíonn tú."

    5. Roinn an turas

    Tereasa: “Nuair a thosaíomar ar an turas seo ar dtús, bhí an eagla mhór seo orm roimh ár ngrianghraif 'roimhe' a roinnt. Shíl mé nach mbeadh aon duine ag iarraidh teacht chun fanacht againn mar gheall ar an gcuma uafásach a bhí air. Ach is leis na grianghraif 'roimhe agus ina dhiaidh' is mó a mheallaimid aíonna."

    David: “Freagraíonn daoine d'ionracas. Is mian leo an próiseas a fheiceáil. Arís, tá nasc pearsanta á lorg acu—mar sin de, ná bíodh eagla ort codanna de do thuras pearsanta a roinnt. Coinnigh macánta é, agus inis do scéal uathúil."

    Buaicphointí

    • Bealach chun nasc a dhéanamh le haíonna is ea do scéal a aimsiú, a shnoí agus a roinnt

    • Smaoinigh ar eispéiris i do theach nó i do cheantar nach féidir le haíonna a fháil áit ar bith eile

    • Cothaigh láithreacht ar na meáin shóisialta do do theach

    • Bain leas as gach bacainn mar dheis foghlama agus fáis

    • Faigh tuilleadh eolais inár dtreoir iomlán chun d'óstáil a thabhairt go dtí an chéad leibhéal eile
    Airbnb
    22 Lún 2023
    Ar chabhraigh sé seo leat?