Fanacht 5 réalta a chur ar fáil
Ionchais a shocrú
Cinntigh go dtugann an cur síos ar do liostú cuntas iomlán cruinn ar d'áit.
Ná téigh thar fóir ag díol d'áite. Inis buaicphointí agus nithe aite, idir an tobán te nó an teallach agus na cláir urláir a bhíonn ag díoscarnach nó torann ón tsráid.
Uaslódáil grianghraif ardchaighdeáin, agus léirigh aon fhadhbanna féideartha ón gcur síos ar do liostú i bhfotheidil na ngrianghraf. Déan iarracht a dó nó a trí de ghrianghraif in aghaidh an tseomra nó an limistéir a úsáid, ina measc sin aon saoráidí is mó tóir.
Ná húsáid uillinneacha an-leathan agus ná déan ró-eagarthóireacht ar do ghrianghraif, rud a chuirfeadh cuma níos mó agus níos gile ar na seomraí ná mar atá siad.
Cumarsáid rathúil a dhéanamh
Cuimhnigh gur tusa an t-aon phointe teagmhála d'aíonna atá ag fanacht i d'áit.
Bí réamhghníomhach agus deimhnigh go bhfuil gach rud a theastaíonn ó aíonna acu roimh an tseiceáil isteach, amhail fios an bhealaigh agus treoracha chun dul isteach san áit.
Tabhair freagra chomh tapa agus is féidir ar theachtaireachtaí na n-aíonna.
Úsáid teanga ionchuimsitheach i do theachtaireachtaí, rud atá ríthábhachtach chun fáilte a chur roimh gach aoi.
Bain úsáid as aip agus uirlisí Airbnb amhail freagraí gasta agus teachtaireachtaí sceidealaithe chun cumarsáid a dhéanamh níos éasca.
Seol treoracha don tseiceáil isteach 24 uair an chloig ar a laghad roimh ré, ionas go mbeidh am ag aíonna iad a léamh agus ceisteanna a chur. Tá sé seo tábhachtach go háirithe d'aíonna a bhfuil riachtanais inrochtaineachta acu.
Fáilte a chur roimh aíonna
Uaireanta bíonn an difríocht idir léirmheas ceithre réalta agus léirmheas cúig réalta chomh simplí le cúram a dhéanamh de mhionsonraí.
Tá glaineacht ríthábhachtach. Cinntigh go bhfuil gach dromchla, urlár agus fabraic glanta agus dustáilte. Bí ag faire amach do ribí gruaige, nó d'aon chomharthaí salachair nó deannaigh i ndiaidh an áit a ghlanadh. Fiú má tá d'áit fíorálainn, caithfidh sí a bheith chomh glan leis an gcriostal chun léirmheasanna cúig réalta a fháil.
Fág do lorg féin ann trí nóta fáilte a fhágáil nó teachtaireacht fáilte a sheoladh san aip.
Cuir cuma sheascair ar do spás. Mar shampla, má tá cistin ann, smaoinigh ar photaí agus pannaí, spúnóga boird, agus bunriachtanais chócaireachta a chur inti.
Is mór an cuidiú iad bearta beaga, amhail blaincéad a fhágáil ar tholg nó beagán caife nó tae a roinnt.
Gealladh d'áirithintí
Mar chuid de na príomhrialacha d'Óstaigh, níor cheart duit áirithintí deimhnithe a chur ar ceal. Mura féidir cealú a sheachaint, ba cheart duit do dhícheall a dhéanamh í a chur ar ceal leis an oiread réamhfhógra agus is féidir. Déan teagmháil le Airbnb má theastaíonn cúnamh uait.