Cinntiú go bhfuil d'áit chomh glan le fíoruisce

Mura bhfuil do spás glan, d'fhéadfadh aíonna léirmheas diúltach a fhágáil.
Le Airbnb ar an 17 Feabh 2023
Léamh 2 nóiméad
Nuashonraithe ar an 17 Feabh 2023

Is é an chuid is tábhachtaí den fháilteachas cúig réalta spás glan a chur ar fáil. Mar chuid de na príomhrialacha d'Óstaigh, ba cheart go mbeadh gach spás atá liostaithe ar Airbnb glan agus saor ó ghuaiseacha don tsláinte nuair a sheiceálann aíonna isteach. Na hÓstaigh a bhfuil straitéis láidir glantacháin acu, is orthusan is mó a bheidh rath.

Cruthaigh straitéis ghlantacháin

Cibé acu a dhéanann tú an jab tú féin nó a fhostaíonn tú glantóir, tá sé ríthábhachtach go nglanfar do spás ó bhun go barr idir gach aoi, gach uair.

Má thagann aíonna ar ribí gruaige sa seomra folctha nó soithí salacha sa doirteal, cuireann sé isteach ar a bhfanacht. D'fhéadfaidís drochléirmheas a scríobh, nó go fiú a bhfanacht a chiorrú, mar gheall air sin.

Má fhostaíonn tú glantóir, téigh tríd an bpróiseas glantacháin uair amháin tú féin ionas go mbeidh a fhios agat go díreach an méid atá le déanamh. Bí cinnte agus sceidealaigh go leor ama idir áirithintí chun obair chuimsitheach a dhéanamh. Bíodh glantóir tánaisteach nó plean cúltaca eile agat ar eagla nach mbeadh do ghlantóir ábalta teacht aon lá.

Agus tú ag cur do phlean le chéile, bain triail as na leideanna seo ó Óstaigh eile:

  • Bain na héadaí de na leapacha agus cuir lód níocháin ar siúl ar dtús ionas go mbeidh go leor ama agat le cúpla lód a dhéanamh más gá.
  • Glan agus dustáil gach dromchla, agus tabhair aird ar leith ar dhromchlaí ar minic a leagtar lámh orthu amhail cianrialtáin agus murláin.
  • Cóirigh na leapacha, athraigh na tuáillí, athshocraigh pluideanna maisiúla agus cúisíní, agus úsáid rollóir clúimh ar rud ar bith a dteastaíonn sé uaidh.
  • Oscail na fuinneoga agus tú ag glanadh le haghaidh aer úr má tá an uain chuige.
  • Scuab agus mapáil na hurláir ag an deireadh chun deannach nó smionagar a bhaint.

Lean an seicliosta glantacháin seo

  • Tá gach dromchla dustáilte glanta.
  • Tá gach urlár folúsghlanta nó scuabtha agus mapáilte.
  • Tá gach áit saor ó mhíolta, lotnaidí, líonta damháin alla, múscán agus smáil.
  • Tá an línéadach tí agus na tuáillí go léir glan úr gan smál.
  • Tá na leapacha go léir athchóirithe, croite amach agus an clúmh bainte díobh.
  • Tá gach leithreas, doirteal, cithfholcadán agus tobán glanta díghalraithe.
  • Tá gach seampú, ionlach coirp, gallúnach láimhe nó leacht níocháin athlíonta.
  • Tá gach rud pearsanta curtha as radharc.
  • Tá na soithí, na hearraí cócaireachta agus na huirlisí go léir glan agus curtha i dtaisce.
  • Tá na fearais chistine go léir, ina measc sin an cuisneoir, an sorn agus an t-oigheann, glan agus réidh le húsáid. Níl aon bhia fágtha sa chuisneoir.
  • Tá an bruscar go léir amuigh.
  • Tá an spás cumhra.
Airbnb
17 Feabh 2023
Ar chabhraigh sé seo leat?