Ionchais shoiléire a shocrú le gach aoi

Tá an cruinneas fíorthábhachtach ó thaobh na hóstála de.
Le Airbnb ar an 17 Feabh 2023
Léamh 2 nóiméad
Nuashonraithe ar an 17 Feabh 2023

Mar chuid de phríomhrialacha d'Óstaigh, ba cheart cur síos cruinn a dhéanamh ar d'áit ar leathanach do liostaithe, ina léirítear na gnéithe agus na saoráidí atá ar fáil ón tseiceáil isteach go dtí an tseiceáil amach. Beidh díomá ar aíonna mura dtagann gach rud leis an gcur síos a rinne tú ar do spás.

Ionchais réalaíocha a shocrú

Ná téigh thar fóir ag díol d'áite agus ná fág rud ar bith suntasach ar lár. Is fearr a bheith ionraic faoi na míbhuntáistí a d'fhéadfadh a bheith ag baint le d'áit agus le do chomharsanacht, mar shampla má thagann mórán solais trí do chuirtíní ar maidin nó má tá d'áit in aice le crios tógála.

Cinntigh go bhfuil ionchais á socrú i gceart agat leis na leideanna seo:

  • Inis d'aíonna cad go díreach atá rompu sa chur síos ar do liostú, agus cuir grianghraif le fotheidil leo. Má tá madra ar an réadmhaoin nó má bhíonn an staighre ag díoscarnach, cuir é sin in iúl d'aíonna.
  • Cuir isteach líon ceart na seomraí agus na seomraí folctha. Ba cheart go léireodh do chineál liostaithe d'áit mar atá sí i ndáiríre freisin - má tá sí in ionad árasán, ná déan cur síos air mar theach tuaithe.
  • Ná bí ag déanamh áibhéile ar do shaoráidí. Má tá tú uair an chloig ar shiúl ó ní is díol spéise a bhfuil tóir air, ná habair go bhfuil sé in aice láimhe—sonraigh cé chomh fada agus atá tú uaidh. Má tá uaireanta séasúracha nó amanna deiridh i do linn snámha nó i do thobán te, cuir iad sin i do liostú.

Gliondar a chur ar d’aíonna

Saintréith d'Óstaigh rathúla is ea gur mó a mbeart ná a mbriathar. Is ionann é sin agus a rá nach gcuireann siad dath ar shonraí a liostaithe ach ní dhéanann siad dhá leath dá ndícheall le scoth an fháilteachais a chur ar fáil.

Bain triail as na moltaí seo chun d'aíonna a mhealladh ag an tseiceáil isteach:

  • Cuir grianghraif réalaíocha ar fáil. Seachain uillinneacha an-leathan agus ró-eagarthóireacht, a chuireann cuma níos mó nó níos gile ar an spás ná mar atá sé. Is féidir leat grianghrafadóir gairmiúil a fhostú ó Airbnb in áiteanna áirithe.
  • Déan gnáthchothabháil. Seiceáil do spás go minic lena dheimhniú go bhfuil gach rud atá liostaithe ar fáil agus i riocht oibre. Má tá tobán te, linn snámha, miasniteoir agus a leithéidí sin agat, bí cinnte go bhfuil siad gléghlan agus ag feidhmiú i gceart sula dtiocfaidh aíonna.
  • Tairg rud éigin sa bhreis mar chomhartha buíochais do d'aíonna. Ba leor rud simplí amhail nóta fáilte lámhscríofa nó bosca brioscaí.
Airbnb
17 Feabh 2023
Ar chabhraigh sé seo leat?