Conas léirmheasanna 5 réalta a mhealladh
Is féidir le léirmheasanna cabhrú leat do liostú a mhionchoigeartú, a bheith níos airde i dtorthaí cuardaigh, agus cáiliú do stádas mar Sháróstach. Mar sin, luíonn sé le réasún gur mhian leat iarracht a dhéanamh cúig réalta a fháil gach uair a fhanann duine leat.
Ós rud é go gcoinníonn Sáróstaigh rátáil de 4.8 nó níos airde, tá fios a ngnó acu maidir le léirmheasanna cúig réalta a fháil. Inár bhfíseán thuas, labhraíomar le Catherine agus Bryan, Sáróstaigh in Columbus, Ohio, a thug dúinn a gcuid leideanna is fearr maidir le léirmheasanna iontacha a fháil.
Socraigh na hionchais
“Ceann de na bealaí is éifeachtaí lena chinntiú go mbeidh aíonna sásta lena n-eispéireas is ea ionchais a shocrú sula mbrúfaidh siad an cnaipe ‘cuir in áirithe',” a deir Catherine. “Is maith linn an oiread eolais agus is féidir linn a thabhairt ar leathanach ár liostaithe, fiú leithéidí, 'Tá an teach os cionn 100 bliain d'aois, mar sin tá doirse díoscánacha againn.'”
Bí i do fhreagróir gasta
Cuir in oiriúint dóibh é
“Maidir le do chuid maisiúchán agus an spás, an rud is tábhachtaí ná go mbraitheann aíonna gur leo féin é,” a deir Catherine. “Glan amach do ghrianghraif agus na nithe pearsanta go léir.” Is éard atá i gceist leis seo ná a chinntiú go mbraitheann aíonna ar a gcompord, cé gur smaoineamh maith é i gcónaí gnéithe speisialta a chur leis chun go mbeidh an spás fáiltiúil.
Má smaoiníonn tú faoi do mhaisiúchán is féidir leis sin cabhrú le haíonna a mhothú go bhfuil fáilte rompu. “Ní chiallaíonn sé sin go gcaithfidh tú dul amach agus do chistin iomlán a athchóiriú,” a deir Bryan. “Ní mór go mbraithfeadh do thimpeallacht compordach, deas, oscailte agus glan."
Cuir blas áitiúil leis
“Nuair a fhanann daoine agat, ní hamháin go bhfuil do theach á roinnt agat—tá do chathair á roinnt agat freisin,” arsa Catherine. Roinneann sí féin agus Bryan seampú, feabhsaitheoir gruaige agus glantóir aghaidhe a dhéantar go háitiúil le haíonna, chomh maith le sraith leabhar ealaíontóirí le fiontraí ón gceantar. “Is breá linn Columbus a roinnt ón dearcadh atá againn air,” a deir Catherine.
Ullmhaigh don rud a tharlóidh gan choinne
“In ainneoin na n-iarrachtaí a chuirfidh tú isteach le bheith i d'Óstach cúig réalta, is cinnte go rachaidh rud éigin ar seachrán uair éigin,” a deir Catherine. Aontaíonn Bryan, agus deir sé: “Bhí cás ann nuair a pléasc píopa, agus bhí an chéad stór faoi uisce.”
Ní raibh na haíonna, a bhí ag ceiliúradh oíche a mbainise, in ann teagmháil a dhéanamh leo. “Tar éis an eispéiris sin, bheartaíomar Comhóstach a fháil, ionas nach gcaillfimis glaoch ó aoi arís, toisc go mbeidh duine eile i gcónaí in ann plé leis,” a deir Catherine.
Is cuma cén cineál áite atá á cur ar fáil agat ar Airbnb, is féidir le léirmheasanna ó aíonna a bheith úsáideach. “Nuair a fhágann duine léirmheas iontach dúinn, deimhníonn sé go bhfuil fiúntas leis an méid a dhéanaimid agus gur fiú an dua é,” a deir Catherine. “Chabhraigh sé linn saol is breá linn a chruthú.”
Faigh tuilleadh eolais inár bhfístreoir iomlán do thosaitheoirí
Seans gur athraigh an t-eolas atá sa mhír seo ó foilsíodh í.