Aíonna a fhreagairt go tapa
Tá cumarsáid thráthúil shoiléir ríthábhachtach don óstáil 5 réalta. Deir aíonna go bhfuil sé ríthábhachtach treoracha úsáideacha agus freagraí tapa a fháil. Déan do dhícheall an t‑eolas a theastaíonn ó aíonna a chur ar fáil nuair a bheidh sé de dhíth orthu.
Bí cabhrach
Bíonn go leor rudaí idir lámha ag daoine agus iad ag taisteal. Déan iarracht eolas úsáideach a thabhairt gan aíonna a bhá san eolas.
Sceidealaigh freagraí tapa. Is teachtaireachtaí gearra réamhscríofa iad freagraí tapa ar féidir leat iad a shocrú chun sonraí a roinnt go huathoibríoch le haíonna ag tráthanna tábhachtacha. Mar shampla, cuireann a lán óstach eolas an bhealaigh i dteachtaireacht fáilte sceidealaithe an lá roimh an tseiceáil isteach.
Scríobh lámhleabhar tí críochnúil. Cuir treoir shoiléir ann chun rudaí tábhachtacha a aimsiú, agus treoracha céim ar chéim ar ghléasanna agus fearais.
- Cuir eolas úsáideach in áiteanna iomadúla. D'fhéadfá treoracha oibriúcháin a fhágáil in aice leis an teirmeastat agus an gríoscán lasmuigh chomh maith le do lámhleabhar tí. Ba chóir na sonraí a theastaíonn ó aíonna a bheith so-aimsithe gan chuardach.
Bí pras
Bíonn aíonna ag súil go bhfreagróidh tú go luath, go háirithe ar an lá don tseiceáil isteach nó má thagann fadhbanna chun cinn le linn a bhfanachta. Maidir le ceisteanna nach bhfuil práinneach, tá sé réasúnta freagairt faoi cheann 12 uair an chloig, cé gur fearr freagairt chomh luath agus is féidir. Maidir le hábhair phráinneacha, amhail eochair in easnamh chun dul isteach, ba cheart duit freagra a thabhairt laistigh d'uair an chloig.
Socraigh fógraí. Úsáid aip Airbnb chun fanacht ar an eolas maidir le teachtaireachtaí ó aíonna. Cas air fógraí san aip agus i socruithe do ghléis, coinnigh do ghléas faoi do lámh agat agus an fhuaim casta air, agus seiceáil ó am go chéile le linn fanachta an bhfuil teachtaireachtaí ann.
Bíodh plean cúltaca agat. Déan socrú chun cabhair a fháil nuair nach mbeidh tú ar fáil. Faigh comhóstach nó duine tacaíochta eile agus roinn a n‑eolas teagmhála le haíonna.
- Bain úsáid as freagraí tapa. Ligeann siad sin duit freagra a thabhairt níos luaithe fós ar cheisteanna áirithe trí fhreagraí a scríobh roimh ré. Is féidir leat teimpléid Airbnb a chur in eagar nó do chuid féin a chumadh. Mar shampla, d'fhéadfá freagra tapa a chur ar bun ina liostaítear na bialanna is fearr leat in aice láimhe in éineacht le seoladh nuair a iarrann aíonna moltaí áitiúla.
Bí tuisceanach
Déan iarracht féachaint ar gach cás ó thaobh an aoi, go háirithe nuair nach dtéann rudaí mar a bhí beartaithe. “Trí dhea-chumarsáid mothaíonn aíonna go bhfuil aire á tabhairt dóibh, is is é sin bun agus barr na hóstála,” arsa Sadie, Sáróstach in Santa Fe, New Mexico.
- Bí socair. Féadann fadhbanna gan choinne a bheith dúshlánach do gach duine. Dírigh ar an fhadhb atá idir lámha a réiteach.
- Bí trédhearcach. Cuir in iúl d'aíonna go bhfuair tú a n-iarratas, agus go bhfuil tú ag obair air. Mínigh cathain a bheidh súil agat teacht ar réiteach agus conas a choinneoidh tú ar an eolas iad.
- Bí comhbhách. Samhlaigh tú féin in áit an aoi. Is féidir cuma thromchúiseach a bheith ar rudaí beaga agus tú as baile.
Seans gur athraigh an t‑eolas atá sa mhír seo ó foilsíodh í.
