Anois is féidir leat níos mó a bhaint as Airbnb
In 2007 rith smaoineamh linn: Dá mbeadh sé chomh furasta céanna do dhaoine teach a chur in áirithe le hóstán a chur in áirithe. Ó shin i leith, tháinig breis agus 2 bhilliún aoi chuig Airbnb agus d'athraigh sé an dóigh a dtaistealaítear. Ach tá níos mó i gceist le turas iontach ná an teach a bhfanann tú ann. Sin an fáth a bhfuilimid ag tabhairt isteach:
- Seirbhísí Airbnb – Seirbhísí thar barr a chuireann an dlaoi mhullaigh ar fhanacht.
- Eispéiris Airbnb – Taiscéal cathair in éineacht leis na daoine de bhunadh na háite a bhfuil an-chur amach acu uirthi.
- Aip úrnua Airbnb – Aip athdheartha a dhéanann furasta é d'óstaigh a dteach, a seirbhís nó a n-eispéiris a bhainistiú agus d'aíonna áirithint a dhéanamh—iad uilig san aon áit amháin.
“Seacht mbliana déag ó shin, d'athraíomar an dóigh a dtaistealaíonn daoine. Níos mó ná 2 bhilliún aoi níos déanaí, nuair a labhraítear faoi áit le fanacht, smaoinítear ar Airbnb,” arsa Brian Chesky, comhbhunaitheoir agus POF Airbnb. “Le seoladh seirbhísí agus eispéireas, táimid ag athrú an taistil an athuair. Anois is féidir leat níos mó a bhaint as Airbnb."
Seirbhísí Airbnb
Is minic a roghnaíonn daoine óstáin mar gheall ar na seirbhísí a thairgeann siad, amhail seirbhís seomra, rochtain ar sheomra aclaíochta nó seisiún ag an spá. Ón lá inniu feasta, tá seirbhísí le fáil ag aíonna díreach ag a lóistín Airbnb.
Táimid ag tabhairt isteach Seirbhísí Airbnb—seirbhísí thar barr a chuireann an dlaoi mhullaigh ar fhanacht. Táimid á seoladh le 10 gcatagóir i gcathracha ar leith, agus cuirfear earraí agus láithreacha nua leo go rialta in aip Airbnb. Seo iad na chéad 10 gcatagóir:
- Cócairí – Béilí ó chócairí gairmiúla sa bhaile atá inoiriúnaithe go hiomlán.
- Grianghrafadóireacht – Seisiúin ghrianghrafadóireachta phearsantaithe ó ghrianghrafadóirí seanbhunaithe.
- Suathaireacht – Suathaireachtaí íocshláinteacha, ina measc sin suathaireacht Shualannach, suathaireacht dhomhain agus reifléacseolaíocht ó theiripeoirí seanbhunaithe.
- Cóireálacha spá – Cóireálacha éadain, micreascrabhadh deirmeach, sciomradh coirp agus cóireálacha eile ó sciamheolaithe gairmiúla.
- Traenáil phearsanta – Ióga, traenáil nirt, HIIT agus eile, le traenálaithe pearsanta, ina measc sin gairmithe iomráiteacha folláine agus lúthchleasaithe ar curaidh dhomhanda iad.
- Gruaig – Bearrthaí gruaige gairmiúla, séidtriomuithe agus eile ó ghruagairí seanbhunaithe.
- Smideadh – Gnáthsmideadh nó smideadh d'ócáidí speisialta ó smideoirí gairmiúla.
- Cúram ingne – Lámh-mhaisithe agus cosmhaisithe ó speisialtóirí ingne seanbhunaithe.
- Béilí réitithe – Béilí atá réidh le hithe a d'ullmhaigh cócairí gairmiúla.
- Lónadóireacht – Lónadóireacht lánseirbhíse le biachláir shaincheaptha, maisiúchán agus trealamh, chomh maith le leagan amach agus glanadh.
Déantar grinnfhiosrúchán ar Sheirbhísí Airbnb maidir le hardchaighdeán, agus critéir amhail eolas, oideachas, cáil agus eile á gcur san áireamh. Tá blianta taithí ag óstaigh sheirbhíse agus chríochnaigh siad próiseas deimhnithe aitheantais Airbnb. Tá cáil ar a lán acu ina réimse—príomhchócairí ó bhialanna ag a bhfuil réalta Michelin, grianghrafadóirí a bhuaigh duaiseanna agus scoth-thraenálaithe ina measc.
Tá Seirbhísí Airbnb ar fáil ar gach uile phraghas, beagnach, agus tá earra bunúsach faoi bhun $50 USD ag gabháil le go leor de na seirbhísí. Agus seirbhísí ann le turas de chineál ar bith, tá gach rud le fáil idir bhéile réitithe inacmhainne agus traenáil laethúil le traenálaí iomráiteach.
D'fhéadfaí seirbhísí a dhéanamh i dteach, i ngnólacht an óstaigh seirbhíse nó i spás poiblí. Má óstálann tú teach, ceadaítear seirbhísí go huathoibríoch. Tugann sin le tuiscint d'aíonna go bhfuil tú tiomanta dá bhfanacht a dhéanamh níos speisialta fós.
Tá an rogha agat gan seirbhísí a cheadú i do theach. Déan teagmháil le Tacaíocht Airbnb chun aon seirbhísí nach gceadaíonn tú a shonrú agus nuashonróidh siad do rialacha tí.
Ón lá inniu, is féidir le gairmithe seanbhunaithe a bheith ina n-óstaigh sheirbhíse. Is bealach nua é chun do shaineolas a roinnt agus do ghnó a fhorbairt.
Eispéiris Airbnb
Ar na cúiseanna is mó ag daoine le háirithintí a dhéanamh ar Airbnb tá an deis ar shaol mhuintir na háite a bheith acu. Ach tá sé deacair teacht ar na rudaí is fearr le déanamh nuair atá tú in áit nua. Rómhinic is é an deireadh a bhíonn ort go bhfuil tú i ngrúpa mór, ag leanúint treoraí turais ag a bhfuil meigeafón agus ag déanamh gníomhaíochtaí amhail is dá mbeifeá ag cur tic i mbosca. Cuir i gcás go raibh bealach níos barántúla ann chun blaiseadh a fháil de chathair?
Inniu, táimid ag tabhairt isteach Eispéiris Airbnb atá athshamhlaithe go hiomlán—á n-óstáil ag muintir na háite a bhfuil an-chur amach acu ar a gcathair. Táimid ag seoladh eispéireas i gcathracha ar fud an domhain agus táimid ag cur níos mó eispéireas ar fáil gach lá. Is féidir le haíonna teacht ar na codanna is fearr de chathair le heispéiris amhail:
- Eispéiris ag sainchomharthaí, músaeim agus eispéiris chultúir – Téigh isteach i saol athchóirithe Notre-Dame trí shúile ailtire ó fhoireann a athchóirithe.
- Turais bhia, ranganna cócaireachta agus eispéiris itheacháin – Faigh máistreacht i ndéanamh ramen le cócaire ó bhialann ar ar bronnadh Bib Gourmand Michelin.
- Eispéiris amuigh faoin aer, spóirt uisce agus eispéiris fiadhúlra – Téigh ar mhuin capaill trí láithreáin naofa Inceacha agus tírdhreacha Aindéacha a bhainfeadh an anáil díot le saineolaí áitiúil ar chultúr agus antraipeolaíocht na nAindéas.
- Cuairteanna ar dhánlann, ceardlanna ealaíne agus eispéiris siopadóireachta – Athnuaigh do vardrús le seisiún stíleála pearsanta ó chomhairleoir faisin ó Hollywood.
- Eispéiris traenála, folláine agus áilleachta – Téigh isteach san fháinne le haghaidh fíoreispéireas traenála lucha libre le coraí gairmiúil Meicsiceach.
Grinnfhiosraítear Eispéiris Airbnb maidir le cáilíocht, agus dírítear ar eolas, cáil agus barántúlacht, agus is próiseas leanúnach é seo. Déanaimid athbhreithniú rialta ar eispéiris lena chinntiú go gcomhlíonann siad ár gcaighdeáin.
Tá gairm ar oscailt anois ar Eispéiris Airbnb. Má tá an-chur amach agat ar do chathair agus má thairgeann tú gníomhaíocht uathúil nach bhfuil ar fáil áit ar bith eile, cuir isteach do smaoineamh maidir le heispéireas a óstáil.
Aip úrnua
Rinneamar athdhearadh ar an aip d'óstaigh chun go gcuimseodh sí gach rud a theastaíonn uait chun do theach, do sheirbhís nó d'eispéireas a bhainistiú:
- Airbnb Tús Maith – Le huirlis chruthaithe liostaithe shimplithe, tá sé éasca seirbhís nó eispéireas a chur isteach chuig Airbnb.
- An cluaisín Inniu – Cuidíonn cluaisín bainistíochta áirithintí úrnua a chuimsíonn tithe, seirbhísí agus eispéiris leat fáilteachas ar fheabhas a chur ar fáil.
- Féilire – Cuimsíonn féilire athdheartha do thithe, do sheirbhísí agus d'eispéiris amharc laethúil nua lena bhfuil sceideal in aghaidh na huaire agus comhtháthú fíor-ama le Google Calendar.
- An cluaisín Liostuithe – Le huirlisí bainistíochta liostaithe nua le haghaidh seirbhísí agus eispéireas, tá sé éasca gach gné de do liostú a choigeartú, idir an suíomh agus phraghsáil.
Má óstálann tú teach, faigh rochtain luath anois chun tosú ag úsáid d'uirlisí óstála nua.
Níl seirbhísí ar fáil i ngach áit, mar shampla an Bhrasaíl agus Pórtó Ríce.
Seans gur athraigh an t-eolas atá sa mhír seo ó foilsíodh í.