Conas rialacha tí úsáideacha a shocrú
Buaicphointí
Tá rialacha tí le feiceáil ar leathanach do liostaithe agus ní mór d'aíonna aontú leo chun d'áit a chur in áirithe
Is féidir leat rialacha breise a chur leis chun aghaidh a thabhairt ar imní faoi nósanna áitiúla nó faoi shláinte agus sábháilteacht
Le do rialacha tí, socraítear ionchais d'aíonna agus tugtar spléachadh dóibh ar do stíl óstála. Cuidíonn siad le haíonna a mheas an bhfuil do spás oiriúnach dóibh sula gcuirfidh siad in áirithe é.
Do ghnáthrialacha tí a roghnú
Is féidir le hÓstaigh rogha a dhéanamh as sraith gnáthrialacha tí a bhaineann leis na réimsí seo a leanas:
- Peataí
- Imeachtaí
- Caitheamh tobac, vápáil agus toitíní leictreonacha
- Uaireanta ciúnais
- Amanna don tseiceáil isteach agus don tseiceáil amach
- Líon uasta na n-aíonna
- Grianghrafadóireacht agus scannánaíocht tráchtála
Tá do rialacha tí le feiceáil go soiléir i gceithre áit: ar leathanach do liostaithe, ar scáileán nuair a chuireann aíonna do spás in áirithe, agus sa ríomhphost Pacáil do Mhálaí chomh maith leis an Treoir Theachta a fhaigheann aíonna roimh an turas.
Rialacha breise a scríobh
Má tá riachtanais speisialta agat nach bhfuil san áireamh sa tsraith gnáthrialacha tí—mar shampla, ní cheadaítear bróga i do spás—is féidir leat iad a scríobh faoi rialacha breise.
Tá sé ciallmhar gan an iomarca rialacha a chur os comhair na n-aíonna, ach is féidir leat rudaí tábhachtacha maidir le nósanna áitiúla nó sláinte agus sábháilteacht a chur leis. Seo cúpla sampla ó Óstaigh:
- “Iarraimid ort a bheith ciúin discréideach stuama, go háirithe san oíche nó le linn na scíthe nóna.” —Beatriz Elena, Medellín, an Cholóim
- “Dún gach fuinneog agus gach doras agus cuir glas orthu nuair a fhágann tú an seomra, le do thoil.” —Dave agus Deb, Edmonton, Ceanada
- “Ná coinnigh aon bhia sa seomra leapa." —Momi, Honolulu
Cuidíonn rialacha tí le tú féin a chosaint
Le príomhrialacha, is féidir aon riail a roghnaíonn tú ón liosta gnáthrialacha tí a fhorfheidhmiú. Má sháraíonn aoi riail tí, is é an chéad rud ba chóir duit a dhéanamh cumarsáid a dhéanamh leis an aoi agus iarracht a dhéanamh an fhadhb a réiteach eadraibh féin. Mura féidir libh teacht ar réiteach, déan teagmháil le Tacaíocht Phobail chun cúnamh a fháil.
Caithfidh na rialacha tí go léir a bheith ag teacht le polasaithe agus téarmaí Airbnb, ár dtéarmaí seirbhíse agus ár bpolasaí neamhleithcheala san áireamh.Seans gur athraigh an t-eolas atá sa mhír seo ó foilsíodh í.
Buaicphointí
Tá rialacha tí le feiceáil ar leathanach do liostaithe agus ní mór d'aíonna aontú leo chun d'áit a chur in áirithe
Is féidir leat rialacha breise a chur leis chun aghaidh a thabhairt ar imní faoi nósanna áitiúla nó faoi shláinte agus sábháilteacht