Ag cabhrú leat bheith i d’Óstach níos inbhuanaithe
Buaicphointí
Faigh tuilleadh eolais faoin tslí a bhfuil Airbnb agus Bord Comhairleach na nÓstach ag cabhrú le hÓstaigh a bheith níos inbhuanaithe
Roinneann Anna Jones ón mBord Comhairleach an fáth a bhfuil an oiread sin measa aici ar an gcomhshaol freisin
- Bí cothrom le dáta ar dhul chun cinn Bhord Comhairleach na nÓstach in 2021
Beimid ag roinnt na nuashonruithe is déanaí ó Bhord Comhairleach na nÓstach gach mí agus beimid ag cabhrú leat aithne a chur ar bhaill an bhoird.
Dia daoibh, a chairde,
Is mise Anna Jones, ball de Bhord Comhairleach na nÓstach agus is mé éascaitheoir an choiste inbhuanaitheachta. Bhíomar ag bualadh le ceannairí Airbnb le cúpla mí anuas chun iniúchadh a dhéanamh ar an tslí is féidir linn tacaíocht a thabhairt d'óstaigh le bheith níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol.
Mar cheiliúradh ar Lá an Domhain ar an 22 Aibreán, tá an-áthas orm níos mó sonraí a roinnt faoi na rudaí a bhí ar bun againn!
Cuidiú a thabhairt dár bpobal ionas go mbeidh siad níos inbhuanaithe
Mar a thuigfeá, níl a fhios ag mórán Óstach conas tús a chur leis an inbhuanaitheacht. Tá go leor eolais amuigh ansin agus is minic gur féidir leis an ceann is fearr a fháil ar dhaoine!
Nuair a chuaigh mé leis an mBord Comhairleach, ceann de na haidhmeanna a bhí agam ná go mbeadh an inbhuanaitheacht níos éasca d'Óstaigh. Creidim i ndáiríre gur féidir linn athrú dearfach a chruthú trí thacaíocht a thabhairt dá chéile agus ceiliúradh a dhéanamh ar a chéile!
Seo mar atáimid ag obair le Airbnb air seo:
- Seo chugat sraith oideachais inbhuanaitheachta: D'oibrigh Airbnb go dlúth le Clár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe, cosantóir domhanda an chomhshaoil, an Ciste Domhanda Fiadhúlra, an eagraíocht chaomhnaithe is mó ar domhan, agus coiste inbhuanaitheachta Bhord Comhairleach na Óstach le ábhar oideachasúil a chruthú d'Óstaigh. Cuimsítear leis seo míreanna nua amhail treoir do thosaitheoirí maidir le bheith ina n-óstaigh inbhuanaithe agus leideanna chun turasóireacht inbhuanaithe a chur chun cinn le d’aíonna. Beimid ag leathnú na sraithe i rith na bliana. Mar sin, coinnigh súil air seo chun níos mó bealaí le bheith níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol a aimsiú!
- An chaoi ar féidir le hÓstaigh eile difear a dhéanamh a roinnt: Is féidir le cleachtais inbhuanaitheachta a bheith an-difriúil ag brath ar an áit ina gcónaíonn tú agus ar a bhfuil ar fáil duit. Chun bealaí le bheith inbhuanaithe a thaispeáint d'Óstaigh in áiteanna agus i spásanna éagsúla, cuirfimid béim ar Óstaigh ó gach cearn den domhan, ar Óstaigh iad atá neamhdhíobhálach don chomhshaol Seo an chéad duine, Tiffany, Sáróstach, a bhfuil lóiste ar an trá aici in Hollywood Beach, California.
- Iniúchadh a dhéanamh ar chomhpháirtíochtaí fuinnimh in-athnuaite: chun cabhrú le fuinneamh in-athnuaite a dhéanamh níos inrochtana d'Óstaigh, tá iniúchadh á dhéanmah ag Airbnb ar chomhpháirtíochtaí le cuideachtaí fóntais glasa i bpobail áirithe. Beidh Airbnb ag seoladh clár píolótach sna Stáit Aontaithe go luath, agus má mheasann Óstaigh go bhfuil sé luachmhar, oibreoimid chun tairiscintí den chineál céanna a leathnú chuig an bpobal Óstach domhanda.
Táim an- sásta a rá nach bhfuil anseo ach an tús! Tá fonn ar an gcoiste inbhuanaitheachta bealaí nua a iniúchadh chun cabhrú le hÓstaigh a bheith níos glaise—agus airgead a shábháil freisin! Beidh tuilleadh á roinnt againn ar an ábhar seo i rith na bliana.
An fáth a bhfuil an oiread sin measa agam ar an gcomhshaol
Agus mé i mó chónaí in aice na farraige in Sir Benfro, an Bhreatain Bheag spreagadh mé mé chun stíl mhaireachtála níos inbhuanaithe a chruthú. Tá an-áthas orm a bheith in ann cabhrú le hÓstaigh eile tús a chur leis an turas seo. Seo rúinne beag eile fúmsa:
Bhí mé féin agus mo theaghlach ag lorg athrú ar ár stíl mhaireachtála siar in 2017, agus theastaigh uainn liostú a chur ar bun ar Airbnb. Ansin tháinig an tseanfheirm álainn seo ar an margadh, agus thiteamar i ngrá léi. Téann na foirgnimh go léir siar go dtí an bhliain 1650, agus, mar sin, tá atmaisféar álainn suaimhneach anseo.
Ní hé an tírdhreach agus an cósta iontach amháin atá anseo. Tá na daoine iontach inspioráideach—tá ceangal láidir idir an talamh agus an méid a dhéanann siad. Tá sé tógálach! Cuid lárnach d’eispéireas na n-aíonna is ea ár bpobal áitiúil—idir an gallúnach a dhéantar go háitiúil agus an ealaín áitiúil atá ar na ballaí!
Tá dhá liostú againn. Déanann mo mháthair agus mé féin na hathruithe ar fad idir aíonna agus an stíliú go léir. Déanann m’athair an chothabháil go léir. Is muidne a dhéanann gach rud agus comhiarracht atá ann. Braitheann tú go bhfuil baint láidir agat leis, agus is mór an dúil atá san áit a bhfuil cónaí orainn.
Chuir mé ár gcur chuige i leith inbhuanaitheachta le chéile, rud atá inár gcur síos ar an liostú. Tá leagan clóite de sna teachíní freisin ionas gur féidir le daoine é a léamh agus tuilleadh eolais a fháil faoi na rudaí a dhéanaimid. Fásaimid ár gcrainn inbhuanaithe féin fiú chun breosla a thabhairt dár ndóirí adhmaid!
Bhí mise ar dhuine de na baill bhunaithe de Bhord Phobal Airbnb UK, a tosaíodh in 2019, agus stiúraim tionscnaimh óstála inbhuanaithe le roinnt óstach sa RA agus foireann Airbnb.
Turas draíochta a bhí ann a bheith i dteagmháil leis an dúlra. Tuigim na séasúir agus rithim na farraige, agus tá sin le feiceáil i ngach rud a dhéanaimid anseo.
Ceanglaíonn a lán daoine leo féin arís agus leis an dúlra nuair a fhanann siad anseo— uaireanta braithim gur Cúipid mé mar go dtiteann aíonna i ngrá le Sir Benfro agus tagann siad ar ais arís agus arís eile!
Beidh Bord Comhairleach na nÓstach ar ais an mhí seo chugainn le tuilleadh nuashonruithe ónár gcruinnithe boird. Idir an dá linn, tá súil agam go gceapfaidh tú go bhfuil an tsraith nua inbhuanaitheachta cabhrach!
Sláinte! (Nó mar a deirimid anseo sa Bhreatain Bheag, ‘Iechyd da!’)
Anna Jones
Seans gur athraigh an t-eolas atá sa mhír seo ón gcéaduair a foilsíodh í.
Buaicphointí
Faigh tuilleadh eolais faoin tslí a bhfuil Airbnb agus Bord Comhairleach na nÓstach ag cabhrú le hÓstaigh a bheith níos inbhuanaithe
Roinneann Anna Jones ón mBord Comhairleach an fáth a bhfuil an oiread sin measa aici ar an gcomhshaol freisin
- Bí cothrom le dáta ar dhul chun cinn Bhord Comhairleach na nÓstach in 2021