Treoir do thosaitheoirí ar óstáil inbhuanaithe
Buaicphointí
Má infheistíonn tú i bhfearais atá tíosach ar fhuinneamh d'fhéadfá airgead a spáráil i ndeireadh na dála
Má aistríonn tú go bunriachtanais tí inbhuanaithe amhail ceirteacha glantacháin in-nite, is féidir leat do lorg ar an gcomhshaol a laghdú
Cuidíonn daingneáin ísealsreafa uisce a chaomhnú
Ní hamháin go bhfuil bheith i d’Óstach atá stuama ó thaobh an chomhshaoil de go maith don phláinéad, tá sé go maith do do ghnó óstála freisin. In 2019, mhéadaigh líon na dtréimhsí fanachta ag tithe éiceabhácha 141 faoin gcéad* i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin.
Chun cabhrú leat a bheith i d’óstach níos inbhuanaithe, d’oibríomar go dlúth le Clár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe, an príomhúdarás comhshaoil domhanda sna Náisiúin Aontaithe, agus le Ciste Domhanda an Fhiadhúlra (WWF), an phríomheagraíocht caomhantais ar domhan, chun léargas saineolach a fháil. Bhailíomar comhairle freisin ó óstaigh ar fud an domhain a ghlac céimeanna simplí ach a raibh tionchar mór acu chun difríocht a dhéanamh.
Léigh leat agus faigh amach conas fanacht níos inbhuanaithe a chruthú do d’aíonna.
Déan uasghráduithe atá tíosach ar fhuinneamh
Má dhéanann tú do spás níos tíosaí ar fhuinneamh, is féidir leat an méid acmhainní a úsáideann tú a laghdú, do chostais a ísliú agus do lorg carbóin a laghdú. Seo roinnt smaointe chun fuinneamh a chaomhnú:
- Cuir i gcuimhne d’aíonna gléasanna a dhíphlugáil nuair nach bhfuil siad á n-úsáid: Tá suas le 50%** den fhuinneamh a úsáideann fóin phóca ó luchtairí atá plugáilte isteach nuair nach bhfuil siad á n-úsáid.
- Coigeartaigh do théitheoir uisce: Cé gurb é 60 céim Celsius (140 céim Fahrenheit) an teocht chaighdeánach do théitheoir uisce, má íslítear é go 48-54 céim Celsius (120-130 céim Fahrenheit) is féidir fuinneamh a spáráil.
- Seiceáil do bholgáin solais: Má úsáideann tú an vatacht is lú is féidir, táirgtear níos lú teasa agus laghdaítear d'ídiú fuinnimh le himeacht ama. Úsáideann bolgáin solais atá tíosach ar fhuinneamh, amhail DSF agus LED, níos lú fuinnimh agus maireann siad níos faide** ná bolgáin ghealbhruthacha.
- Díon do spás ar an aimsir: Cuir séalaí aimsire ar dhoirse agus insligh fuinneoga chun costais téimh agus fuaraithe a shábháil.
- Ceannaigh teirmeastait chliste le rialaitheoirí uathoibrithe: Le teirmeastait atá cumasaithe le Wi-Fi is féidir leat an teocht a rialú de réir theacht agus imeacht na n-aíonna.
- Déan measúnú ar d'fhearais: Nuair atá sé in am duit fearais nua a cheannach, roghnaigh cinn a bhfuil rátálacha arda acu maidir le tíosacht ar fhuinnimh.
Roghnaigh bunriachtanais tí inbhuanaithe
Is féidir le formhór na ndaoine a lorg ar an gcomhshaol a laghdú le soláthairtí glantacháin in-athúsáidte agus táirgí in-athlíonta. Smaoinigh ar na leideanna seo chun bheith níos glaise:
- Bain úsáid as soláthairtí glantacháin in-athúsáidte seachas táirgí aonúsáide: Tá spúinsí in-nite agus in-athúsáidte agus éadaí glantacháin micreashnáithín sa chistin ag Anna, Sáróstach as Sir Benfro, an Bhreatain Bheag, in ionad tuáillí páipéir indiúscartha.
- Bain úsáid as táirgí páipéir athchúrsáilte: Maidir le haon táirgí páipéir a chuireann tú ar fáil, amhail ciarsúir aghaidhe nó páipéar leithris, roghnaigh páipéar 100% athchúrsáilte le bheith níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol.
- Laghdaigh na ceimiceáin dhíobhálacha: Ceannaigh leacht níocháin, glantach níocháin agus earraí níocháin nach bhfuil nimhiúil nó nach bhfuil ach beagáinín nimhiúil agus atá nádúrtha nó in-bhithmhillte. In Bordeaux na Fraince, faigheann Pascale, Sáróstach, táirgí folctha agus colainne orgánacha ó shiopaí áitiúla.
- Athraigh go teicstílí orgánacha: Nuair a bheidh sé in am braillíní agus tuáillí nua a cheannach, má roghnaíonn tú éadach orgánach d'fhéadfá lotnaidicídí, feithidicídí agus nimheanna eile a dhéanann dochar do dhaoine agus d'éiceachórais a sheachaint.
Caomhnaigh uisce
Ós acmhainn theoranta é uisce úr glan, tá sé tábhachtach a bheith aireach faoin méid uisce a úsáideann tú féin agus d’aíonna, go háirithe agus níos mó triomach ann mar gheall ar an ngéarchéim aeráide. Seo roinnt bealaí úsáideacha chun uisce a chaomhnú:
- Fág meabhrúcháin d'aíonna: Má ghlacann tú cithfholcadh atá nóiméad amháin níos giorra, d'fhéadfá níos mó ná galún** uisce a shábháil gach nóiméad. Cuireann Antonella, Sáróstach in Milano na hIodáile, nótaí in aice le sconnaí chun aíonna a spreagadh leis an uisce a chasadh as nuair atá siad ag scuabadh a gcuid fiacla. D'fhéadfá aíonna a spreagadh le cithfholcadh níos giorra a ghlacadh freisin.
- Seiceáil an bhfuil sceitheadh ann: Is féidir sceitheadh a aimsiú ach na limistéir timpeall ar leithris, doirtil, tobáin agus fearais a úsáideann uisce a iniúchadh go rialta. Féadann méadar uisce cliste an méid uisce atá tú a úsáid a rianú agus tú a chur ar an eolas má tá gníomhaíocht neamhghnách ann—mar shampla, má rinne tú dearmad sconna na cistine a chasadh as nó má tá sceitheadh sa mhiasniteoir.
- Bain úsáid as socruithe agus fearais éifeachtúla: Úsáideann meaisíní níocháin agus miasniteoirí go leor uisce. Má tá siad i do spás, mol d'aíonna na socruithe mearníocháin nó éiceashocruithe a úsáid. Agus nuair a bheidh sé in am an meaisín a athrú, roghnaigh ceann atá tíosach ar fhuinneamh agus a úsáideann níos lú uisce.
- Suiteáil daingneáin ísealsreafa: Is féidir leat difríocht a dhéanamh freisin ach sconnaí ísealsreafa agus leithris ísealsreafa nó leithris déshruthlaithe a shuiteáil. Tá sconna cithfholcadáin speisialta ag Merrydith, Sáróstach sa Tasmáin, san Astráil, a laghdaíonn an sreabhadh uisce ach braitear fós ardbhrú.
*Bunaithe ar shonraí inmheánacha Airbnb maidir le méadú bliain ar bhliain ar theacht aíonna chuig liostuithe a bhfuil eochairfhocail shonracha (éiceabhách, éiceolaíoch, srl.) ina dteideal agus ina gcur síos ó Lúnasa 2018 go Lúnasa 2019
**Ó 60 Gníomh don Phláinéad le Ciste Domhanda an Fhiadhúlra, a foilsíodh ar an 5 Márta 2021
Seans gur athraigh an t-eolas atá sa mhír seo ó foilsíodh í.
Buaicphointí
Má infheistíonn tú i bhfearais atá tíosach ar fhuinneamh d'fhéadfá airgead a spáráil i ndeireadh na dála
Má aistríonn tú go bunriachtanais tí inbhuanaithe amhail ceirteacha glantacháin in-nite, is féidir leat do lorg ar an gcomhshaol a laghdú
Cuidíonn daingneáin ísealsreafa uisce a chaomhnú
