Bord Comhairleach na nÓstach

Tugann Bord Comhairleach na nÓstach suíochán d'Óstaigh ag an mbord chun tuairim an phobail a léiriú agus an todhchaí le Airbnb á múnlú.

Buail leis na baill

Is iad na 23 Óstach seo togha agus rogha ár bpobail agus tugann siad ceannaireacht le dea-shampla. Is Ceannairí Pobail, Ambasadóirí Sáróstaigh nó baill den Ionad Pobail iad, nó bíonn siad gníomhach i gcláir phobail eile ag Airbnb. Tá siad díograiseach faoin óstáil, rinne siad obair mhór ar son phobal Airbnb agus is tábhachtach a nguth agus muid ag bogadh ar aghaidh le chéile.

Dandara Buarque

Is Ceannaire Pobail áitiúil agus Ambasadóir Sáróstaigh mé in Maceió sa Bhrasaíl. Tá mo chroí istigh go mór in Airbnb mar go ligeann sé dom caidreamh pearsanta a dhéanamh leis an oiread sin daoine agus cultúr éagsúil.

Dolly Duran

Thiar in 2017, thosaigh mé ag óstáil stiúideo beag i mo theach in Florida chun cabhrú liom an morgáiste a íoc. Anois bainistím go leor réadmhaoine agus is Ambasadóir Sáróstaigh mé a chabhraíonn le hóstaigh nua tosú.

Rachel Melland

Beagnach deich mbliana tar éis dom tosú ag óstáil pubaill yurt ar ár bhfeirm i bPáirc Náisiúnta Peak District i Sasana, is breá liom go fóill aoibhneas na n-aíonna a fheiceáil nuair a thagann siad. Is Ambasadóir Sáróstaigh mé freisin.

José Manuel Esquivel Ramírez

Cúpla bliain ó shin, d'athchóirigh mé teach in Jerez na Spáinne agus thosaigh mé ag óstáil. Anois táim i mo Cheannaire Pobail agus dearaim tithe d'Óstaigh eile, mar sin cuirim le geilleagar agus inbhuanaitheacht mo phobail.
Féach an phróifíl

Jue Murugu (Juliette)

Tá dúil mhór agam san óstáil ó 2015! Agus mé i mo Cheannaire Pobail agus i m'Ambasadóir Sáróstaigh in Nairobi, téann sé go croí ionam, agus cuireann sé áthas orm, roinnt de na daoine ar thug mé cúnamh dóibh a fheiceáil ina Sáróstaigh.
Féach an phróifíl

Katie Mead

Thosaigh m'eachtra iontach óstála in 2014. Mar Ambasadóir Sáróstaigh agus mar Cheannaire Pobail, thacaigh mé le hÓstaigh áitiúla agus mhol mé rialacháin réasúnacha in Lake Arrowhead, California.
Féach an phróifíl

Keshav Aggarwal

In 2019, thosaigh mé ag óstáil eispéireas Airbnb faoi ealaín sráide i nDeilí san India, agus thosaigh mé anois beag ag óstáil tithe uathúla cré. Is breá liom caidreamh cultúir a chothú agus mé i mo Cheannaire Domhanda Pobail maidir le hEispéiris ar Líne.
Féach an phróifíl

Mauricio Bernal Cruz

Agus mé i mo Mheicsiceach bródúil agus i mo Cheannaire Pobail, is mór agam an áit a bhfuil cónaí orm agus is breá liom daoine eile a chur ar a suaimhneas. Is óstach Airbnb mé ó 2019 i leith.
Féach an phróifíl

Rie Matsumura

Tá bród orm gur chuir mé fáilte roimh aíonna ó chultúir éagsúla in Okinawa sa tSeapáin ó 2016. Bhí mé i mo Cheannaire Pobail anseo ón tús, ag obair chun deiseanna óstála a leathnú ar an oileán.
Féach an phróifíl

Sarah Huang (Yang-Fen)

Thosaigh mé ag óstáil in Adelaide, san Astráil, in 2016. Anois is Ambasadóir Sáróstaigh agus Ceannaire Pobail mé agus mana Airbnb neamhoifigiúil agam: “Foghlaim ó dhaoine eile, roinnt le daoine eile, freastal ar dhaoine eile."
Féach an phróifíl

Tatiya Uttarathiyang

Is Ceannaire Pobail mé sa Téalainn agus is breá liom an dóigh a ndéanann Airbnb an domhan níos lú. Thosaigh mé ag óstáil in 2013 mar chaitheamh aimsire, agus anois déanaim tithe agus Eispéiris a óstáil agus a chomhóstáil go lánaimseartha.
Féach an phróifíl

Marielle Térouinard

Is léargas ar an domhan í an óstáil agus sin draíocht dár liom. Thosaigh mé le Airbnb in 2013 i sráidbhaile beag in aice le Chartres sa Fhrainc, agus anois is Ceannaire Pobail gníomhach agus oibrí deonach mé.
Féach an phróifíl

Claudia Pattarini

Ó thosaigh mé ag óstáil in 2015, bhunaigh mé grúpa Pobail Airbnb in Loch Como le hÓstaigh eile san Iodáil. Tugaim cuimsiú sóisialta, inrochtaineacht eacnamaíoch, agus meas ar an gcomhshaol isteach san óstáil.
Féach an phróifíl

Daniel Chamillard

Thosaigh mé ag óstáil in 2012, agus tá dúil mhór agam ann anois! Mar Ambasadóir Sáróstaigh sa Spáinn, molaim agus spreagaim daoine le bheith páirteach san eachtra iontach seo.
Féach an phróifíl

Deirdre Gower

Thosaigh mé ag óstáil Eispéiris phearsanta Airbnb in 2014, agus sheol mé Eispéireas ar Líne in 2020. Is Ceannaire Pobail mé in Cape Town, an Afraic Theas, agus tacaím le taisteal inrochtana.
Féach an phróifíl

Delphine Bresson

Ó 2020 i leith, táim ag óstáil i sráidbhaile in aice le Foraois Fontainebleau sa Fhrainc. Mar cheannaire ar mo phobal, dírím go gníomhach ar bhealaí le turasóireacht inbhuanaithe a chur chun cinn.
Féach an phróifíl

Felicity Stevens

Táim ag cur fáilte roimh aíonna ó gach cearn den domhan chuig ár gcúinne faoi gheasa in Sydney le deich mbliana anuas. Dírím ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, acmhainní a chaomhnú, agus dramhaíl a laghdú.
Féach an phróifíl

Jennifer Schnier

Thosaigh mé ag óstáil in 2018 i mBithsféar Bhá Seoirseach i gCeanada, an t-oileánra fionnuisce is mó ar domhan. Tá Eispéireas maidir le taisteal inbhuanaithe agam agus cuirim réitigh inbhuanaithe i láthair aíonna.
Féach an phróifíl

Kirk Brown

Thosaigh mé ag comhóstáil le cara in Atlanta in 2020, agus níorbh fhada go rabhamar inár Sáróstaigh agus brabús á dhéanamh againn. Cuidím agus tacaím le hÓstaigh nua ar an ardán freisin.
Féach an phróifíl

Nadia Giordani

Thosaigh mé mar Óstach in 2016, i ndiaidh dom mo chéad teach beag bídeach a thógáil. Bainistím liostú eile anois agus tá an deis agam bheith i dteagmháil le hÓstaigh eile mar Cheannaire Pobail in Atlanta.
Féach an phróifíl

Pauline Aughe

Thosaigh mé ag óstáil in 2015 mar bhealach chun tacú le m'fhear céile trí thinneas díblithe. Ó shin i leith, tá an óstáil ina heispéireas saibhrithe dár dteaghlach ar fad.
Féach an phróifíl

Ronaldo Monge

Rugadh agus tógadh i bPortó Ríce mé agus thosaigh mé ag óstáil in 2015 le mo sheomra leapa breise in Chicago. Anois cuirim oiliúint ar Óstaigh, bím ag comhóstáil, is Sáróstach mé, agus tairgim cúig Eispéireas éagsúla Airbnb.
Féach an phróifíl

Yajaira Sosa

Bhí an fáilteachas ina chuid mór de mo shaol i bhfad sular thosaigh mé ag óstáil ar Airbnb in 2015. Is Ceannaire Pobail mé sa Phoblacht Dhoiminiceach agus bím ag comhoibriú le hÓstaigh eile.
Féach an phróifíl

Taobh thiar den suaitheantas

Is léiriú é Bord Comhairleach na nÓstach ar ilghnéitheacht agus ionchuimsitheacht ár bpobail óstach.
  • 129 bliain san iomlán de thaithí san óstáil
  • Léiriú ilghnéitheach ar inscne, cine, eitneacht, claonadh gnéis agus stádas socheacnamaíoch
  • Réimse iomlán de thaithí ar an saol
  • Cúlraí éagsúla cultúir agus bunáiteanna acu i 15 thír
  • Seaimpíní i roinnt príomhréimsí fócais, ina measc sin inbhuanaitheacht, éagsúlacht, inrochtaineacht agus polasaí

Ceisteanna Coitianta

Cad é cuspóir Bhord Chomhairleach na nÓstach?

Cuidíonn Bord Comhairleach na nÓstach le tionchar a imirt ar pholasaithe, ar chláir agus ar tháirgí a bhaineann le hÓstaigh. Cuirfidh an bord ionchur ar fáil freisin maidir leis an dóigh a n-úsáidfear Dearlaic d'Óstaigh Airbnb chun tacú leis an bpobal Óstach.

Cad leis ar féidir liom bheith ag súil ó Bhord Comhairleach na nÓstach?

Déanann Bord Comhairleach na nÓstach ionadaíocht do thuairimí an phobail Óstach le ceannaireacht Airbnb. Tá ról tábhachtach ag an mbord maidir le todhchaí Airbnb a mhúnlú.

Conas a roghnaíodh Bord Comhairleach na nÓstach?

Ainmníodh Óstaigh bunaithe ar a dtaithí, ar a máistreacht ar an óstáil, agus ar an tionchar ollmhór ina bpobail.