Mór ag Aíonna: Na tithe is ansa leis na haíonna féin

Bealach nua chun go seasfaidh liostuithe amach bunaithe ar rátálacha, léirmheasanna agus iontaofacht.
Le Airbnb ar an 8 Samh 2023
Léamh 2 nóiméad
Nuashonraithe ar an 2 Beal 2024

Tá níos mó ná 7 milliún teach ag Airbnb ar fud an domhain. Tá gach teach uathúil, agus is í an uathúlacht sin a fhágann go bhfuil Airbnb speisialta. Ach dúirt aíonna linn go mbíonn sé deacair fios a bheith acu cad a gheobhaidh siad mar gheall ar an oiread sin éagsúlachta. Sin an fáth ar fearr óstáin le go leor daoine, agus sin an phríomhchonstaic acu in aghaidh áirithint a dhéanamh ar Airbnb.

Ceann de na bealaí is fearr le háit iontach le fanacht a fháil is ea fios a bheith agat cad iad na tithe is mó a thaitníonn le haíonna. Sin an fáth ar chruthaíomar 'Mór ag Aíonna'.

Céard is 'Mór ag Aíonna' ann?

Is éard atá i 'Mór ag Aíonna' 2 mhilliún de na tithe is ansa leis na haíonna féin ar Airbnb.

Tá 'Mór ag Aíonna' bunaithe ar rátálacha, léirmheasanna agus sonraí iontaofachta ó bhreis agus leathbhilliún turas. Nuashonraítear 'Mór ag Aíonna' gach lá, mar sin mura bhfuil do liostú san áireamh anois, d'fhéadfadh sé a bheith ann go luath.

Cuidíonn tosca éagsúla linn liostuithe is 'Mór ag Aíonna' a aithint, ina measc sin:

  • Cúig léirmheas ar a laghad ó aíonna
  • Léirmheasanna den scoth agus rátálacha os cionn 4.9 réalta ar an meán
  • Marcanna arda ó léirmheasanna aíonna maidir le seiceáil isteach, glaineacht, cruinneas, cumarsáid an Óstaigh, suíomh agus luach ar airgead
  • Taifead iontach iontaofachta, agus cealuithe Óstach agus fadhbanna seirbhíse do chustaiméirí a bhaineann le caighdeán de 1% ar an meán

Conas 'Mór ag Aíonna' a aimsiú

Tá 'Mór ag Aíonna' ar fáil ar fud an domhain, agus tá sé simplí é a aimsiú ar Airbnb.

Tá suaitheantas le feiceáil sna torthaí cuardaigh agus ar leathanach an liostaithe más liostú is 'Mór ag Aíonna' atá i gceist. Tá scagaire nua ann freisin a ligeann do thaistealaithe 'Mór ag Aíonna' a chuardach go sonrach. Gheobhaidh Óstach an suaitheantas 'Mór ag Aíonna' ar a liostú má cháilíonn sé.

Mór ag Aíonna agus Sáróstaigh

Tá beagnach dhá thrian de na liostuithe is 'Mór ag Aíonna' á n-óstáil ag Sáróstaigh, ar tugadh aitheantas dóibh mar go dtugann siad fáilteachais den scoth.

Níl athrú ag teacht ar chlár Sáróstach Airbnb. Tá na critéir do Sháróstaigh fós mar an gcéanna, agus leanfaimid orainn ag seiceáil feidhmíocht na Sáróstach gach ráithe.

Más Sáróstach thú a bhfuil liostú agat is 'Mór ag Aíonna', léireofar an dá rud sin ar leathanach do liostaithe agus beidh an suaitheantas 'Mór ag Aíonna' le feiceáil ar do liostú i dtorthaí cuardaigh. Más Sáróstach thú a bhfuil liostú agat nach gcáilíonn do 'Mór ag Aíonna' go fóill, tabharfar aitheantas duit fós le suaitheantas Sáróstaigh ar leathanach do liostaithe agus sna torthaí cuardaigh.

Caithfear le gach ceann de do liostuithe ar bhonn indibhidiúil agus incháilitheacht do shuaitheantas 'Mór ag Aíonna' á cinneadh.

Is cuid de Airbnb: Nuashonrú Geimhridh 2023 iad 'Mór ag Aíonna', an cluaisín nua Liostuithe agus níos mó uasghráduithe fós d'Óstaigh. Bain úsáid as gnéithe nua inniu nuair a roghnóidh tú a bheith páirteach in Rochtain Luath.

Airbnb
8 Samh 2023
Ar chabhraigh sé seo leat?