Taispeánfar moltaí i ndiaidh duit an t-ionchur cuardaigh a chlóscríobh. Úsáid na saigheada suas agus síos chun athbhreithniú a dhéanamh. Úsáid Iontráil chun roghnú. Más frása é an roghnúchán, cuirfear an frása sin isteach lena chuardach. Más nasc é an moladh, nascleanfaidh an brabhsálaí chuig an leathanach sin.

Rialaigh an t‑am agus an dóigh a mbeidh tú ag óstáil

Socraigh d'infhaighteacht agus do rialacha tí.
Le Airbnb ar an 22 Aib 2026
Rialaigh an t‑am agus an dóigh a mbeidh tú ag óstáil
Tuiscint a fháil ar an mbuneolas
Rialaigh an t‑am agus an dóigh a mbeidh tú ag óstáil

Is féidir leat óstáil go lánaimseartha, go séasúrach nó fad is atá tú ag taisteal amháin. Le haip Airbnb tá sé furasta do sceideal óstála a bhainistiú. Le huirlisí ionsuite, is féidir leat smacht a bheith agat ar d'infhaighteacht, ar do roghanna áirithinte agus ar do rialacha tí.

Cinn an t‑am a óstálfaidh tú

Bain úsáid as d'fhéilire chun d'infhaighteacht a shocrú agus a choigeartú.

  • Cuir do dhátaí leis. Oscail d'fhéilire go ceann 3, 6, 9, 12 nó 24 mhí, nó sonraigh na dátaí ar mian leat aíonna a óstáil. Feicfidh tú imeachtaí móra agus laethanta saoire ar d’fhéilire.
  • Socraigh an t-am ullmhúcháin. Roghnaigh an méid fógra a theastaíonn uait sula dtiocfaidh aíonna. Ceadaigh áirithintí ar an lá céanna, nó éiligh fógra 1 lá, 2 lá, 3 lá nó 7 lá más fearr leat níos mó ama a bheith agat.
  • Socraigh faid turais. Sonraigh íoslíon nó uaslíon na n-oícheanta is féidir le haíonna fanacht. Mar shampla, d'fhéadfá íosmhéid 2 oíche a éileamh.

Roghnaigh do roghanna áirithinte

Is féidir leat d'fhéilire a shaincheapadh le cúpla socrú simplí.

  • Cuir uaslíon aíonna isteach. Déan cinneadh maidir leis an líon aíonna a bhfuil spás ann dóibh go compordach i do theach.
  • Roghnaigh conas a dhéanann aíonna áirithint. Le hÁirithint ar an bPointe is féidir leis na haíonna a chomhlíonann do riachtanais agus a aontaíonn le do rialacha tí dátaí atá ar fáil a chur in áirithe láithreach. Más fearr leat athbhreithniú a dhéanamh ar gach iarratas ar leith, is féidir leat Áirithint ar an bPointe a chasadh as.
  • Roghnaigh amanna don tseiceáil isteach agus don tseiceáil amach. Is tusa a chinneann cé chomh luath agus is féidir le haíonna teacht agus cé chomh déanach agus is féidir leo imeacht.

Ní mór deimhniú aitheantais a bheith déanta ar gach aoi a dhéanann áirithint chun Airbnb a úsáid. Is féidir leat próifíl gach aoi a fheiceáil sula dtiocfaidh sé nó sí.

Tabhair le fios d'aíonna an méid atá rompu

Cuireann rialacha tí in iúl d’aíonna cad leis a mbeifear ag súil uathu sula seiceálfaidh siad isteach.

  • Roghnaigh rialacha tí. Roghnaigh as rialacha a bhaineann le caitheamh tobac, peataí, imeachtaí, uaireanta ciúine, uaslíon aíonna, amanna don tseiceáil isteach agus don tseiceáil amach, agus grianghrafadóireacht nó scannánaíocht tráchtála.
  • Cuir rialacha breise leo. Is féidir leat iarrataí a scríobh maidir le haon rud a bhaineann go sonrach le do spás, fad is atá siad réasúnta agus ag teacht le polasaithe Airbnb.

Má sháraíonn aoi do rialacha, déan teagmháil le Tacaíocht Airbnb. Agus rialacha tí soiléire agus na socruithe cearta i bhfeidhm, is féidir leat óstáil go muiníneach.

Seans gur athraigh an t‑eolas atá sa mhír seo ó foilsíodh í.

Rialaigh an t‑am agus an dóigh a mbeidh tú ag óstáil
Tuiscint a fháil ar an mbuneolas
Rialaigh an t‑am agus an dóigh a mbeidh tú ag óstáil
Airbnb
22 Aib 2026
Ar chabhraigh sé seo leat?