Níl an t-ábhar seo ar fáil i do theanga roghnaithe, mar sin chuireamar ar fáil é sa teanga is cosúla léi atá ar fáil.

Leideanna chun cóisirí ag do réadmhaoin a chosc

Faigh sonraí faoin gcosc domhanda ar chóisirí agus straitéisí chun fadhbanna a sheachaint.
Le Airbnb ar an 1 Iúil 2020
Léamh 4 nóiméad
Nuashonraithe ar an 25 Iúil 2022

Buaicphointí

  • Le polasaí Airbnb maidir le cóisirí agus imeachtaí, is féidir leat áirithint a chur ar ceal gan iarmhairtí má chuireann tú fianaise ar fáil go bhfuil sé ar intinn ag aoi cóisir a bheith aige nó aici

  • Nuair a shocraítear ionchais agus nuair a dhéantar cumarsáid shoiléir is féidir leis sin cabhrú le fadhbanna a sheachaint

Ceann de thosaíochtaí Airbnb is ea cabhrú le hÓstaigh agus le haíonna fanacht sábháilte. Chun iompar míchuí ag réadmhaoine atá liostaithe ar Airbnb a dhíspreagadh, cuirimid cosc ar chóisirí agus ar imeachtaí a chuireann isteach ar dhaoine, ina measc sin cruinnithe le cuirí oscailte.

Mar thoradh ar ár gcosc domhanda ar chóisirí agus imeachtaí tá titim 44% bliain ar bhliain ar an ráta tuairiscithe cóisirí ó cuireadh i bhfeidhm é i mí Lúnasa 2020. Chuir Óstaigh, ceannairí pobail agus oifigigh thofa fáilte mhór roimhe freisin.

Cé acu a d'óstáil tú na céadta uair nó atá tú díreach ag tosú, is mian linn go mbraithfidh tú ar do shuaimhneas ag cur fáilte roimh aíonna i do spás. Seo sé chéim is féidir leat a ghlacadh chun cóisirí a dhíspreagadh agus roinnt rioscaí gaolmhara a laghdú.

1. Faigh amach faoin tslí a n-oibríonn an cosc

Chun cosc a chur ar fhadhbanna sula dtarlaíonn siad, molaimid duit ár bpolasaí maidir le cóisirí agus imeachtaí a léamh. Roinnt príomhphointí:

  • Ní cheadaítear cóisirí ná imeachtaí trioblóideacha ná cruinnithe lena mbaineann cuireadh oscailte.
  • I dtíortha agus i réigiúin áirithe, tá srianta curtha i bhfeidhm againn ar roinnt áirithintí áitiúla ar liostuithe de thithe iomlána ag aíonna faoi bhun 25 bliain d'aois a bhfuil léirmheasanna diúltacha acu nó a bhfuil níos lú ná trí léirmheas dhearfacha acu.
  • Beimid ag baint an chaidhp áitíochta de 16 dhuine—a chuireamar i bhfeidhm in 2020, mar fhreagairt ar imní sláinte poiblí a bhain le COVID-19, go príomha—sna míonna amach romhainn.
  • Féadfaidh Óstaigh ionad traidisiúnta fáilteachais, amhail óstáin boutique, imeachtaí cuí a cheadú dá rogha féin.
  • Ní fhéadfaidh Óstaigh cruinniú a sháraíonn an polasaí a údarú.

Féadfaidh Airbnb beart a dhéanamh i gcoinne aíonna agus Óstach a sháraíonn ár bpolasaithe.

2. Socraigh ionchais leis na haíonna

Is maith an smaoineamh é an cur síos ar do liostú agus na rialacha tí a nuashonrú chun aíonna a chur ar an eolas faoi na rudaí ar chóir dóibh bheith ag súil leo sula ndéanann siad áirithint. Soiléirigh an gceadaíonn tú aon aíonna nach bhfuil san áirithint ar an áitreabh, go háirithe má tá spás ar fáil do go leor daoine nó má tá linn snámha nó limistéar mór lasmuigh ann.

3. Cuir aithne ar d'aíonna

Is bealach amháin chun tú féin, do réadmhaoin agus do phobal a choinneáil sábháilte é cumarsáid shoiléir a dhéanamh le d'aíonna. Tar éis duit iarratas ar áirithint nó áirithint dheimhnithe a fháil, déan athbhreithniú ar eolas an aoi agus cuir cúpla ceist bhunúsach maidir leis an gcuairt, mar shampla:

  • Cad é cuspóir do thurais?
  • Cé eile a bheidh ag fanacht in éineacht leat?
  • An ndeimhneoidh tú gur léigh tú na rialacha tí?

Is deis é seo freisin le cur i gcuimhne d'aíonna aon rud nach mian leat go ndéanfaidís dearmad nó neamhaird air, amhail uaireanta ciúine. Is féidir leat dlíthe nó srianta áitiúla maidir le torann, páirceáil agus sláinte phoiblí a roinnt.

4. Bí i do chomharsa mhaith

Cuir in iúl do do chomharsana go bhfuil aíonna á n-óstáil agat. Smaoinigh ar d'eolas teagmhála a fhágáil le comharsa iontaofa amháin nó níos mó agus iarraidh orthu teagmháil a dhéanamh leat má thagann aon fhadhbanna gan choinne chun cinn.

Má bhíonn imní orthu, is féidir leat a dhearbhú dóibh nach gcruthaíonn tromlach mór na n-aíonna aon fhadhb. Déanta na fírinne, ní raibh aon tuairiscí ar fhadhbanna a bhain le sábháilteacht ag 99.92% d'áirithintí ar fud an domhain ar Airbnb in 2021.*

5. Cuir tú féin ar fáil d'aíonna

Fiú má thairgeann tú féinseiceáil isteach, is féidir leat a thaispeáint do d'aíonna fós go bhfuil tú ar fáil. Seo na rudaí is féidir leat a dhéanamh roimh an tseiceáil isteach, lena linn, agus ina diaidh:

  • Cuir in iúl do na haíonna conas dul i dteagmháil leat ar an bhfón i gcás éigeandála. Beidh tú in ann teagmhais ar bith a bhainistiú ar shlí níos fearr, agus beidh siad buíoch as freagra tapa.
  • Abair gur féidir leat bualadh isteach—nó gur féidir leat duine éigin a sheoladh chucu—má theastaíonn aon rud ó aíonna. Mura bhfuil tú i do chónaí in aice láimhe, tá sé cliste bainisteoir réadmhaoine nó Comhóstach a ainmniú a bheidh in ann rudaí a láimhseáil go pearsanta nuair is gá.

6. Déan beart má tá imní ort

Má chreideann tú go bhfuil sé i gceist ag aoi cóisir a eagrú, is féidir leat an áirithint a chur ar ceal roimh sheiceáil isteach gan iarmhairtí. Iarrfaimid ort fianaise a thacaíonn le do chinneadh a chur ar fáil, amhail teachtaireachtaí ó d'aoi agus doiciméid eile.

Mar shampla, abraimis go gcuireann aoi a bhfuil cónaí air nó uirthi gar do d'áit fanacht oíche amháin ag an deireadh seachtaine in áirithe ag an nóiméad deireanach. Cuireann sé nó sí teachtaireacht chugat agus fiafraíonn díot faoi pháirceáil shráide bhreise do roinnt cairde—agus léann tú léirmheas Óstaigh eile ar an aoi a luann cóisir. Má roinneann tú teachtaireacht an aoi agus an léirmheas linn, b'fhéidir go mbeidh tú ábalta an áirithint a chur ar ceal gan iarmhairtí.

B'fhéidir go mbeifeá in ann an áirithint a chur ar ceal ar líne má tá Áirithint ar an bPointe casta air agat agus mura bhfuil do theorainn de thrí chealú in aghaidh na bliana sroichte agat. Má bhíonn an t-am do sheiceáil isteach an aoi roimh 24 uair an chloig, beidh ort teagmháil a dhéanamh linn chun an áirithint a chur ar ceal.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi shábháilteacht agus ionchais don óstáil, léigh ár bpolasaithe pobail.

*Bunaithe ar shonraí inmheánacha Airbnb ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig 2021.

Seans gur athraigh an t-eolas atá sa mhír seo ó foilsíodh í.

Buaicphointí

  • Le polasaí Airbnb maidir le cóisirí agus imeachtaí, is féidir leat áirithint a chur ar ceal gan iarmhairtí má chuireann tú fianaise ar fáil go bhfuil sé ar intinn ag aoi cóisir a bheith aige nó aici

  • Nuair a shocraítear ionchais agus nuair a dhéantar cumarsáid shoiléir is féidir leis sin cabhrú le fadhbanna a sheachaint

Airbnb
1 Iúil 2020
Ar chabhraigh sé seo leat?