An tranglam a ghlanadh amach as do spás chun gliondar a chur ar aíonna

Tá áit shlachtmhar compordach d'aíonna agus soláimhsithe do ghlantóirí.
Le Airbnb ar an 10 Feabh 2020
Léamh 3 nóiméad
Nuashonraithe ar an 8 Márta 2023

Is mór ag aíonna spás glan slachtmhar. Is cuma cé acu a bhíonn aíonna agat i seomra príobháideach nó i dteach go léir, bain triail as na leideanna seo ó Óstaigh chun an tranglam a ghlanadh amach as do spás.

D'áit a dhéanamh níos glaine ná riamh

“Feictear dom, dá laghad tranglam atá ann, is ea is glaine agus is slachtmhaire an spás,” arsa Kath, Óstach in Albany, an Astráil. Is suim le haíonna an ghlaineacht. Tá spás salach ar cheann de na príomhchúiseanna le drochléirmheas, de réir shonraí Airbnb.

“Tá sé tábhachtach tranglam agus giuirléidí ar dhromchlaí cothroma a laghdú,” arsa Jay agus Lynne, Sáróstaigh in Blanco, Texas. “Is fusaide go mór an glanadh, tugann sé spás d'aíonna dá gcuid rudaí agus cabhraíonn sé le haíonna gan dearmad a dhéanamh ar rudaí, toisc go bhfuil siad le feiceáil nuair a thugann aíonna spléachadh deireanach ar an seomra ag imeacht dóibh.”

Spás a fhágáil do ghiuirléidí aíonna

Teastaíonn áit dá gcuid éadaí, dá n-earraí níocháin agus do ghiuirléidí pearsanta eile ó aíonna. Seans go mbeidh ort rudaí nach bhfuil ag teastáil a ghlanadh amach chun roinnt tarraiceán agus vardrús a choinneáil folamh. “Murar úsáid mé nó murar chaith mé é le bliain nó dhó anuas, amach leis,” arsa Sarah, Óstach in Sayulita, Meicsiceo.

B'fhéidir gur mian leat níos mó spáis a chur ar fáil, go háirithe má bhíonn aíonna agat ar feadh tréimhsí fanachta fadtéarmacha, dála Jessica, Óstach i Súl, an Chóiré Theas. “Táim cinnte go mbeidh leabhair, cuimhneacháin, grianghraif theaghlaigh agus a gcuid 'tranglaim‘ féin acu lena gcur ar an tábla cois leapa nó ar an deasc nó ar sheilf,” ar sise.

Slacht a chur ar shaoráidí

Smaoinigh ar an mbealach is fearr chun saoráidí a thaispeáint ionas go n-aimseoidh aíonna go furasta iad. Tá cófra d'aíonna amháin ag Chantal, Óstach in Yvignac-la-Tour, an Fhrainc: “Tá gach uile shórt ann idir bhuidéil bheaga uisce agus pháipéar leithris, iad go léir eagraithe de réir seilfe agus catagóire i gciseáin ar leith.”

Nuair a bheidh slacht ar gach rud agat, ná déan dearmad fardal a dhéanamh de línéadach tí agus de sholáthairtí eile, agus tabhair uait nó fáigh réidh le rud ar bith nach bhfuil i riocht maith.

Díriú ar an gcistin agus ar sheomraí folctha

“Ní thaitníonn sé liom féin nuair atá an chuma air go bhfuil gach rud i gcistin an liostaithe as díolachán mangarae nó gur caitheadh amach as áit éigin eile é,” arsa Alexandra, Óstach in Lincoln, California.

Cuir ar fáil d'aíonna an méid is gá sa chistin agus sna seomraí folctha, agus bain gach rud eile. Beidh formhór na n-aíonna buíoch as rudaí amhail osclóir buidéal agus feabhsaitheoir gruaige, ach ní gá díobh trí chineál de gach ceann acu.

Fáil réidh le fuílleach bia

Más diomailteach féin leat gan na soláthairtí a d'fhág na haíonna roimhe sin a choigilt do na haíonna ina ndiaidh, ní smaoineamh maith é. Ní choinníonn Michelle, Óstach in Chicago, ach bia agus deoch amhail “uisce buidéil, deochanna boga agus tarsainn aonúsáide” atá “faoi shéala mar a ceannaíodh ar dtús é”.

Cothromaíocht a aimsiú

“Ba chóir go mbeadh cuspóir ag gach rud sa seomra,” arsa Kelly, Óstach in Austin, Texas. “Ní hionann sin agus a rá nach mbeadh an seomra galánta teolaí cluthar.”

Ní hionann an chothromaíocht cheart idir praiticiúil agus seascair ó áit go chéile, ach seo duit roinnt bunleideanna le cuir san áireamh:

  • Ná bí róphearsanta. Ná fág rudaí amhail grianghraif theaghlaigh, saothar ealaíne do chlainne nó éadaí agus bróga i limistéir na n-aíonna.
  • Is maith an rud beagán spleodair. Saothar ealaíne áitiúil i bhfráma, píosa troscáin as an ngnáth nó scáthán nach bhfuil a leithéid eile ann, cuidíonn siad le do spás seasamh amach.
  • Cuir maisiú leis. Cuireann rudaí amhail plandaí agus cúisíní le seascaireacht do spáis—ach gan an iomarca díobh a úsáid agus craiceann a chur ar an leagan amach.
Airbnb
10 Feabh 2020
Ar chabhraigh sé seo leat?