Dul siar agus eolas le cuimheamh air

Déan athbhreithniú ar a bhfuil foghlamtha agat agus faigh na chéad chéimeanna eile chun tosú mar Ambasadóir Sáróstaigh
Le Airbnb ar an 30 Samh 2023
Léamh 3 nóiméad
Nuashonraithe ar an 30 Samh 2023

Nuair a dhéanann tú athbhreithniú ar na míreanna agus na físeáin sa tsraith foghlama seo, tá tú ar an mbealach chun cabhrú le daoine eile mar Ambasadóir Sáróstaigh. Seo achoimre ar an méid a chlúdaíomar, le meabhrúcháin maidir le gníomhartha atá le déanamh ionas gur féidir linn tú a mheaitseáil le do chéad Óstach nua.

Conas a oibríonn an clár

  • Cuirfimid le hÓstaigh ionchasacha agus le hÓstaigh nua thú bunaithe ar an teanga, an suíomh, agus ar an gcineál spáis.
  • Freagróidh tú a gcuid ceisteanna agus roinnfidh tú leideanna agus acmhainní Airbnb.
  • Gach uair a chríochnóidh Óstach nua ar chuidigh tú leis nó léi an chéad fhanacht, gheobhaidh tú luach saothair.

Conas do dheais a úsáid

  • Is í an deais an áit a mbainisteoidh tú caidreamh le hÓstaigh nua.
  • Cuidíonn scagairí leat do bhosca isteach a eagrú agus le hÓstaigh a ghrúpáil de réir a ndul chun cinn.
  • Is féidir leat d'infhaighteacht a shocrú mar “Ar líne anois” le cur in iúl go bhfuil tú ar fáil láithreach, nó is féidir meaitseálacha nua a chur ar sos nuair a bheidh do dhóthain daoine agat le bheith ag cabhrú leo.
  • Féach ar an bhfíseán seo chun turas mionsonraithe a fháil ar dheais na nAmbasadóirí Sáróstaigh

Conas ceangal a dhéanamh le hÓstaigh nua

  • Bíonn meaitseálacha nua le feiceáil i do dheais.
  • Tapáil ar ghrianghraf próifíle duine chun a c(h)uid sonraí a fháil agus chun tús a chur leis an gcumarsáid.
  • Nuair a chruthaítear teachtaireachtaí sceidealaithe bíonn sé níos éasca an chéad phíosa teagmhála a dhéanamh, ach is smaoineamh maith é iad a phearsanú.
  • Is féidir leat glaoch Zoom a shocrú trí úsáid a bhaint as uirlisí teachtaireachta i do bhosca isteach
  • Rianaigh dul chun cinn Óstach nua ar do dheais agus tabhair cúnamh de réir mar is gá.

Leideanna chun tacaíocht éifeachtach a thabhairt

  • Is mór ag Óstaigh nua cloisteáil uait laistigh de 24 uair an chloig.
  • Má roghnaíonn tú an socrú “Ar líne anois ”, tá tú ag cur in iúl go bhfuil tú ar fáil chun comhrá beo a dhéanamh—mar sin, bí réidh le tumadh isteach.
  • Is féidir difríocht mhór a dhéanamh má roinneann tú an méid ba mhian leat a bhí ar eolas agat nuair a thosaigh tú ag óstáil.
  • Má bhíonn tú cairdiúil i do theachtaireachtaí, d'fhéadfadh sé cabhrú le cumarsáid réidh a dhéanamh.
  • Má bhítear oscailte maidir le bhur ndifríochtaí agus sibh ag lorg comhthuisceana, d'fhéadfadh sé cabhrú le muinín a chothú.
  • Má chuireann tú ceisteanna faoi riachtanais agus spriocanna óstála gach duine, cuideoidh sé leat tuiscint a fháil ar an dóigh is fearr le cabhrú leo.
  • Smaoinigh ar bhealaí éagsúla chun aghaidh a thabhairt ar ábhair imní agus chun cabhrú le bac a bhaint bunaithe ar do thaithí féin.
  • Is féidir leat moltaí a thabhairt bunaithe ar do chuid taithí féin i gcónaí.
  • Is féidir tairiscint a thabhairt go ndéanfaidh tú athbhreithniú ar liostuithe nua sula bhfoilseofar iad.

Cá bhfaighidh tú acmhainní Airbnb

Cad é an chéad chéim eile?

Ná déan dearmad athbhreithniú a dhéanamh ar na gníomhartha seo a leanas atá ar fáil duit:

Sin é—is Ambasadóir Sáróstaigh oifigiúil thú. Comhghairdeas as an tsraith foghlama seo a chríochnú agus fáilte chuig an gclár! Má bhíonn ceisteanna ar bith agat nó má bhíonn imní ar bith ort, ná bíodh drogall ort teagmháil a dhéanamh le do bhainisteoir pobail nó teagmháil a dhéanamh le ambassadors@airbnb.com.

Seans gur athraigh an t-eolas atá sa mhír seo ó foilsíodh í.

Airbnb
30 Samh 2023
Ar chabhraigh sé seo leat?