Níl an t-ábhar seo ar fáil i do theanga roghnaithe, mar sin chuireamar ar fáil é sa teanga is cosúla léi atá ar fáil.

Plean gnó a dhéanamh faoi óstáil

Chuir do réadmhaoin chun tairbhe leis na cúig leid seo ó Sháróstaigh.
Le Airbnb ar an 19 Iúil 2019
Léamh 11 nóiméad
Nuashonraithe ar an 7 Meith 2021

Buaicphointí

  • Cruthaigh ráiteas misin chun tosú

    • Amharc ar liostuithe áitiúla le haghaidh inspioráide

    • Déan buiséad ionas go bhfanfaidh tú ar an mbóthar ceart le do spriocanna óstála

    • Iarr ar chara fanacht i d'áit chun aiseolas a thabhairt duit sula dtiocfaidh do chéad aoi

    • Déan iniúchadh ar theicneolaíocht, amhail aipeanna agus glais chliste, chun cabhrú leat bheith ag óstáil

    Is foireann Sáróstach iad Nick agus Sarah Roussos-Karakaian, fear céile agus bean chéile (@nestrs) a d'iompaigh an óstáil ina ghnó lánaimseartha in Columbus, Ohio. Tar éis dóibh íoslach a n-áite i gCathair Nua-Eabhrac a liostú ar Airbnb in 2012, d'éirigh siad gafa leis. Ó shin i leith, tá jab iontach cruthaithe acu. Tá Sarah ina comhóstach ar phodchraoladh freisin, "Thanks for Visiting," acmhainn d’óstaigh sheanbhunaithe agus d'óstaigh nua araon. Is anseo a roinneann siad a gcuid eolais agus leideanna maidir le conas gnó Airbnb a sheoladh.

    Sarah: “Dúinn féin, thosaigh sé in Queens, Nua-Eabhrac. Aisteoir a bhí ionam. Bhí mé ag obair mar fhreastalaí beáir freisin."

    Nick: “Agus intéirneach a bhí ionamsa. Cé go raibh céim máistir san ailtireacht agam is ar éigean a bhí mé in ann go leor airgid a shaothrú le bia a fháil dom féin…”

    Sarah: “Agus theastaigh uainn beirt ár réadmhaoin féin bheith againn ach ní raibh a fhios againn conas a dhéanfaimis é sin. Lá amháin, chonaic mé an teach beag bídeach seo—ba é an teach ba lú ar an mbloc é agus bhí sé fós sách daor dúinn—ach bhí díocas orm bealach a aimsiú chun é a fháil."

    Nick: “Leis an eolas airgeadais ceart, le coigilteas agus le tacaíocht ónár muintir, d'éirigh linn iasacht a fháil."

    Sarah: “Agus é seo ar fad ag tarlú, fuair mé amach go raibh cara liom ag liostú seomra ina árasán ar Airbnb, rud a bhí ag cabhrú leis a chíos a íoc i gCathair Nua-Eabhrac. Shíl mé go raibh sé sin thar barr. Ní raibh cur amach ag mórán daoine ar Airbnb ag an am. D'inis mé do Nick faoin bhféidearthacht ár réadmhaoin a liostú, agus bhí sé éiginnte—ach bhí an-spéis agamsa sa smaoineamh. Léimeamar isteach agus b'shin tús leis seo ar fad."

    Nick: “Is cuimhin liom bheith ag glanadh leithreas agus bheith an-sásta é sin a dhéanamh. Bhí sé ag íoc as ár morgáiste agus, mar sin de, an rud a shíl mé ná: 'Tá sé seo go hiontach! Conas is féidir linn níos mó de seo a dhéanamh?'”

    Sarah: “Bhí mé in ann cuid mhaith de mo chuid taithí fáilteachais, ón uair a bhí mé ag obair in óstáin shómasacha, a thabhairt isteach—agus thaitin sé go mór liom. Tar éis ceithre bliana den óstáil agus bheith inár n-úinéirí tí i gCathair Nua-Eabhrac, bhí an t-ádh linn gur chnag forbróir ar an doras agus bhí sé ag iarraidh an áit a cheannach uainn, na troscáin agus gach rud."

    Nick: “Tar éis dúinn domhainmhachnamh a dhéanamh, scarbhileog fhada a chur le chéile le háiteanna a bhféadfaimis dul ina dhiaidh sin, agus turas bóthair timpeall na tíre ag caint le muintir na háite, shocraíomar ar Columbus, Ohio."

    Sarah: “Is mór an pléisiúr é go bhfuilimid in ann dearadh, fáilteachas agus eastát réadach a chur le chéile—agus an tsaoirse a bheith againn ár roghanna cruthaitheacha féin a dhéanamh. Sin an fáth a bhfuilimid chomh paiseanta sin faoi chabhrú le daoine eile tuilleadh eolais a fháil maidir le conas óstáil."

    1. Tosaigh le ráiteas misin

    Sarah: “Sula dtosóidh tú, molaimid duit ráiteas misin a chruthú duit féin. Is é seo do mheon agus do réalta threorach, rud a chabhróidh le linn na n-amanna sin nuair a d’fhéadfá a bheith éiginnte faoi threoir nó faoi chinneadh go háirithe. Is féidir le do ráiteas misin cabhrú leat tú féin a stiúradh sa treo ceart. Cabhróidh sé leat freisin agus do spás á chruthú agus á mhúnlú agat "

    Nick: “Agus ráiteas misin á chruthú agat, glac do chuid ama chun cúpla ceist a chur ort féin:

    • Cad a spreagann tú?
    • Cad iad do luachanna?
    • Conas is mian leat a oibriú?
    • Cén fhís atá agat?
    • Cad iad na spriocanna atá agat?"

    Sarah: “Maidir linne, an misean atá againn ná spásanna a athrú chun saol daoine a athrú. Déanaimid iarracht cuimhneamh air sin i ngach rud a dhéanaimid."

    2. Déan suirbhé ar an margadh

    Nick: “Sula gcuirfidh tú tús leis, tá sé tábhachtach do chuid taighde a dhéanamh agus féachaint ar an iomaíocht i do cheantar. Cabhróidh an taighde seo leat agus do spás féin á dhearadh, á bhrandáil agus á chur chun cinn agat.

    • Smaoinigh ar an déimeagrafach. Cé a chuirfidh fanacht in áirithe leat? Mar shampla, maidir lenár ndéimeagrafach féin, is baile é Columbus a bhfuil coláiste agus, mar sin de, cuireann ár spásanna áit ar fáil do thuismitheoirí atá ar cuairt.
    • Déan measúnú ar do shaoráidí. An gceadaíonn tú peataí? An bhfuil láthair pháirceála nó linn snámha agat? An bhfuil do spás maisithe go huathúil? D'fhéadfá tuilleadh airgid a ghearradh ar aon rud a ardaíonn do spás beagán níos mó.
    • Cuardaigh ar líne agus féach ar liostuithe Airbnb eile, óstáin, agus cíosanna gearrthéarmacha in aice láimhe. Cad atá ar fáil? Cén praghas a ghearrann siad? An bhfuil bealach ann ar féidir leat tú féin a idirdhealú ón iomaíocht?
    • Cruthaigh straitéis phraghsála. Lena chabhrú le do rátaí áitíochta a mhéadú agus tú díreach ag tosú, bain úsáid as uirlis 'Praghsáil Chliste' Airbnb, uirlis a ligeann duit do rátaí a athrú go huathoibríoch idir laethanta na seachtaine agus deireadh seachtaine."

    3. Cur praghas air ar mhaithe le brabús

    Sarah: “Tá sé fíorthábhachtach buiséad a chruthú, cé nach bhfuil sé sin an-mhealltach. Molaimid scarbhileog a úsáid agus do chostais a rangú i dtrí rannóg:

    Costais tosaigh: Seo iad na hinfheistíochtaí tosaigh a chuirfidh tú isteach i do spás sula mbainfidh aon duine tairbhe as, amhail athchóirithe, maisiúchán, troscán agus grianghrafadóireacht.

    • Glac do chuid ama chun infheistíocht a dhéanamh i do chuid maisiúchán. Ní gá duit earraí a cheannach ó na díoltóirí is costasaí nó na hearraí is sómasaí a bheith agat. Déan fáiltiúil é. Bí ag brabhsáil sna siopaí earraí athláimhe nó bí cruthaitheach agus déan rud éigin difriúil le dath nó téama—is iad seo na rudaí a mheallfaidh súile daoine chuig do liostú.
    • Deirimid i gcónaí le hóstaigh chéaduaire airgead a chur sna tochtanna compordacha, sna toilg agus sna braillíní. Suíonn gach duine de phleist ar an leaba nuair a théann siad isteach i seomra óstáin den chéad uair—mar sin de, bí cinnte gur ceann maith é an ceann atá agat féin. Uaireanta gheobhaimid léirmheas 5 réalta mar gheall ar an leaba é féin, rud a chabhróidh leat na rátaí áitíochta sin a ardú.

    Costais leanúnacha: Earraí lárnacha a úsáidfidh an t-aoi agus a mbeidh ort iad a athlíonadh i gcónaí, lena n-áirítear earraí maisíochta, páipéar leithris, tuáillí páipéir, cadhnraí agus bolgáin solais.

    • An bhfuil aon rudaí breise amhail buidéil uisce nó caife á gcur san áireamh agat?
    • Déan liosta de na saoráidí go léir a theastaíonn uait, agus bí cinnte go bhfuil tú sásta leis na praghsanna atá á bhfáil agat
    • Ceannaigh ar an mórchóir gach sé mhí, agus coinnigh súil ar an méid stuif atá agat i scarbhileog
    • Le hearraí amhail braillíní, ná déan dearmad a smaoineamh faoin méid uaireanta ar mian leat iad a cheannach le linn na bliana. Is mian leat a chinntiú i gcónaí go bhfuil braillíní deasa glana agat don aoi.

    Costais chothabhála agus bainistíochta: Clúdaíonn sé seo gach rud a theastaíonn chun do spás a choinneáil sábháilte, te agus compordach, lena n-áirítear spásanna faiche agus spásanna lasmuigh. An mbeidh tú ag fostú duine chun cabhrú leis an nglantachán nó comhóstach le cabhair a thabhairt le hathruithe idir aíonna?

    Suimigh na huimhreacha seo agus bí cinnte go bhfuil tú compordach le d’uimhreacha infheistíochta agus le do spriocanna réalaíocha. Mura mbíonn tú sásta leo, b’fhéidir go mbeidh ort beagán níos mó a shábháil roimh ré ionas gur féidir leat spás a mbeidh tú bródúil as a chruthú."

    4. Smaoinigh mar aoi

    Sarah: “Is é seo ceann de na leideanna is fearr liom a roinnt le hóstaigh, agus is é sin iarraidh ar chara macánta neamhbhalbh fanacht ag do spás. Bíonn tú an-chleachta leis mar atá agus tá seans ann go ndéanfá dearmad ar na rudaí a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil ó thaistealaí—amhail scuab fiacla nó taos fiacla—nó locht dearaidh nár smaoinigh tú faoi. Is féidir le cara cabhrú le haiseolas a thabhairt ar na sonraí damanta sin atá fós tábhachtach. Níl tú ag iarraidh gurb é aoi a íocann as, an duine a léireodh iad duit."

    Nick: "Is maith linn ciseán 'Forget something?' a chur ann a bhfuil earraí maisíochta agus earraí a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil ó aíonna ag an nóiméad deireanach. Ní mór meon fáilteachais a bheith i gcroílár do ghnó chun go n-éireoidh leat. Sin é an fáth a dtéann daoine chuig na hóstáin bhranda éagsúla is breá leo—toisc go mbíonn a fhios acu cad a bheidh rompu: spás ina mothaíonn siad gurb iadsan na chéad daoine a leag cos ann riamh, cuireadh filleadh sna tuáillí go cúramach, agus bíonn a fhios acu go bhfuil na mionsonraí ar fad amhail luchtaire fóin ann in aice leis an mbord cois leapa. Ba chóir duit an leibhéal céanna iarrachta a chur isteach sa tseirbhís a chuireann tú ar fáil d’aíonna ionas go mbeidh siad ag iarraidh teacht ar ais arís agus arís eile."

    5. Déan uathoibríoch é

    Nick: “Tá an óstáil dúshlánach, ach tá athrú mór tagtha air ón uair a cuireadh Airbnb ar bun. Tá i bhfad níos mó teicneolaíochta, uirlisí, acmhainní agus tacaíochta ann chun cabhrú leat an próiseas a eagrú agus do shaol a dhéanamh rud beag níos éasca mar óstach."

    Sarah: “Nuair a bhíonn óstaigh ag tosú, molaimid dóibh an próiseas, ón tús go deireadh, a dhéanamh do gach fanacht: an teachtaireacht áirithinte thosaigh, beannú d’aíonna, an glanadh agus an t-athrú idir aíonna a dhéanamh. Chomh luath agus a thuigfidh tú bun agus barr na rudaí ar fad, is féidir leat é a uathoibriú ar roinnt bealaí éagsúla, mar shampla:

    • Aipeanna bunaithe ar an ngréasán: Tá aipeanna ann ar féidir leat iad a úsáid (amhail IFTTT) chun spreagthóirí imeachta a chlárú agus uirlisí digiteacha a nascadh. Mar shampla, nuair a gheobhaidh tú deimhniú áirithinte i mbosca isteach do ríomhphoist, d'fhéadfadh sé meabhrúchán féilire uathoibríoch a sheoladh chugat, chuig do pháirtí, nó chuig an duine a dhéanfaidh an glantachán.
    • Is mór an cabhrú iad glais chliste. Is féidir cód uathúil, nach mairfidh ach ar feadh tréimhse na háirithine, a sheoladh chuig aíonna. Ligeann siad d’aíonna iad féin a sheiceáil isteach, rud a chiallaíonn nach gá dúinn am a chomhordú chun iad a ligean isteach san árasán. Is féidir linn teagmháil a dhéanamh leo i lár a bhfanachta.
    • An liosta mar a rinneadh riamh: Tá seicliosta ráithiúil déanta agam do gach teach ina bhfuil na rudaí a chaithfidh mé a dhéanamh maidir le sábháilteacht agus cothabháil, rudaí amhail scagairí na foirnéise a sheiceáil, a chinntiú go bhfuil na cadhnraí sna haláraim dóiteáin ag obair, agus scuabadh faoi na leapacha. Déanaim an liosta a phriontáil agus cuirim ar crochadh é ar chófra—má bhím ag réadmhaoin, is féidir liom a stádas don bhliain amach romhainn bheith ar eolas agam."

    Nick: “Is obair chrua é gnó Airbnb a chruthú. Ach tá súil againn gur féidir linn a thaispeáint do dhaoine gur féidir teach a bheith acu agus é a dhéanamh go lánaimseartha—agus go bhfuil níos mó ná bealach amháin ann chun é a dhéanamh."

    Sarah: “D'athraigh mise mo shlí bheatha, agus bhí an-eagla orm nach n-aimseoinn aon rud a chuirfeadh an oiread áthais orm agus a chuir an stáitse. Ach d'athraigh Airbnb ár saol. Is féidir linn ár roghanna cruthaitheacha féin a dhéanamh agus bheith inár mbas féin—agus déanann sé sin i bhfad níos speisialta é."

    Nick: “Ligeann sé dúinn bheith solúbtha agus níos mó taitnimh a bhaint as an saol. Tá súil againn gur féidir leat bealach a aimsiú chun gnó Airbnb a sheoladh agus é a phearsantú. Má theastaíonn tuilleadh comhairle uait, is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn."

    Go mbaine tú sult as an óstáil!
    Nick + Sarah, Nestrs

    Buaicphointí

    • Cruthaigh ráiteas misin chun tosú

      • Amharc ar liostuithe áitiúla le haghaidh inspioráide

      • Déan buiséad ionas go bhfanfaidh tú ar an mbóthar ceart le do spriocanna óstála

      • Iarr ar chara fanacht i d'áit chun aiseolas a thabhairt duit sula dtiocfaidh do chéad aoi

      • Déan iniúchadh ar theicneolaíocht, amhail aipeanna agus glais chliste, chun cabhrú leat bheith ag óstáil

      Airbnb
      19 Iúil 2019
      Ar chabhraigh sé seo leat?