Fanacht 5 réalta a chur ar fáil

Bain triail as na leideanna seo chun do ghnáthamh óstála a mhionchoigeartú.
Le Airbnb ar an 17 Feabh 2023
Léamh 2 nóiméad
Nuashonraithe ar an 17 Feabh 2023
Is mó an seans go gcuirfidh aíonna áiteanna a bhfuil léirmheasanna iontacha leo in áirithe. Má tá tú ag fáil rátálacha ísle, tá roinnt rudaí is féidir leat a dhéanamh chun eispéiris d'aíonna a fheabhsú agus na léirmheasanna cúig réalta sin a bhaint amach.

Ionchais a shocrú

Cinntigh go dtugann an cur síos ar do liostú cuntas iomlán cruinn ar d'áit.

  • Ná téigh thar fóir ag díol d'áite. Inis buaicphointí agus nithe aite, idir an tobán te nó an teallach agus na cláir urláir a bhíonn ag díoscarnach nó torann ón tsráid.

  • Uaslódáil grianghraif ardchaighdeáin, agus léirigh aon fhadhbanna féideartha ón gcur síos ar do liostú i bhfotheidil na ngrianghraf. Déan iarracht a dó nó a trí de ghrianghraif in aghaidh an tseomra nó an limistéir a úsáid, ina measc sin aon saoráidí is mó tóir.

  • Ná húsáid uillinneacha an-leathan agus ná déan ró-eagarthóireacht ar do ghrianghraif, rud a chuirfeadh cuma níos mó agus níos gile ar na seomraí ná mar atá siad.

Cumarsáid rathúil a dhéanamh

Cuimhnigh gur tusa an t-aon phointe teagmhála d'aíonna atá ag fanacht i d'áit.

  • Bí réamhghníomhach agus deimhnigh go bhfuil gach rud a theastaíonn ó aíonna acu roimh an tseiceáil isteach, amhail fios an bhealaigh agus treoracha chun dul isteach san áit.

  • Tabhair freagra chomh tapa agus is féidir ar theachtaireachtaí na n-aíonna.

  • Úsáid teanga ionchuimsitheach i do theachtaireachtaí, rud atá ríthábhachtach chun fáilte a chur roimh gach aoi.

  • Bain úsáid as aip agus uirlisí Airbnb amhail freagraí gasta agus teachtaireachtaí sceidealaithe chun cumarsáid a dhéanamh níos éasca.

  • Seol treoracha don tseiceáil isteach 24 uair an chloig ar a laghad roimh ré, ionas go mbeidh am ag aíonna iad a léamh agus ceisteanna a chur. Tá sé seo tábhachtach go háirithe d'aíonna a bhfuil riachtanais inrochtaineachta acu.

Fáilte a chur roimh aíonna

Uaireanta bíonn an difríocht idir léirmheas ceithre réalta agus léirmheas cúig réalta chomh simplí le cúram a dhéanamh de mhionsonraí.

  • Tá glaineacht ríthábhachtach. Cinntigh go bhfuil gach dromchla, urlár agus fabraic glanta agus dustáilte. Bí ag faire amach do ribí gruaige, nó d'aon chomharthaí salachair nó deannaigh i ndiaidh an áit a ghlanadh. Fiú má tá d'áit fíorálainn, caithfidh sí a bheith chomh glan leis an gcriostal chun léirmheasanna cúig réalta a fháil.

  • Fág do lorg féin ann trí nóta fáilte a fhágáil nó teachtaireacht fáilte a sheoladh san aip.

  • Cuir cuma sheascair ar do spás. Mar shampla, má tá cistin ann, smaoinigh ar photaí agus pannaí, spúnóga boird, agus bunriachtanais chócaireachta a chur inti.

  • Is mór an cuidiú iad bearta beaga, amhail blaincéad a fhágáil ar tholg nó beagán caife nó tae a roinnt.

Gealladh d'áirithintí

Mar chuid de na príomhrialacha d'Óstaigh, níor cheart duit áirithintí deimhnithe a chur ar ceal. Mura féidir cealú a sheachaint, ba cheart duit do dhícheall a dhéanamh í a chur ar ceal leis an oiread réamhfhógra agus is féidir. Déan teagmháil le Airbnb má theastaíonn cúnamh uait.

Airbnb
17 Feabh 2023
Ar chabhraigh sé seo leat?