Seomraí Airbnb, tuiscint úrnua ar sheomraí príobháideacha

Is féidir leat níos mó fút féin a roinnt le haíonna sa ghné nua Faisnéis ar an Óstach.
Le Airbnb ar an 17 Ean 2024
Físeán 4 nóiméad
Nuashonraithe ar an 17 Ean 2024

Nóta ón eagarthóir: Foilsíodh an mhír seo mar chuid de Airbnb: Nuashonrú Samhraidh 2023. Seans gur athraigh an t-eolas ó foilsíodh í. Faigh tuilleadh eolais faoin nuashonrú táirge is déanaí uainn.

Bealach inacmhainne do thaistealaithe fanacht i dteach duine eile a bhí in Airbnb nuair a thosaigh sé. Le himeacht na mblianta, thug Óstaigh seomraí príobháideacha daoine le chéile agus chabhraigh siad le haíonna áiteanna nua a fhiosrú mar a dhéanfadh muintir na háite.

Sa lá atá inniu ann, is mian le daoine a bheith ag taisteal ar phraghas réasúnta, go háirithe agus cúrsaí eacnamaíochta mar atá siad. Agus tar éis blianta a bheith scoite amach le linn na paindéime, tá siad ag lorg bealaí chun bualadh le daoine eile agus eispéiris bharántúla a bheith acu.

Sin an fáth a bhfuilimid ag tabhairt isteach Airbnb Seomraí, tuiscint úrnua ar sheomraí príobháideacha. I measc na n-uasghráduithe tá:

  • Faisnéis ar an Óstach, ionas gur féidir le haíonna aithne a chur ort sula ndéanfaidh siad áirithint

  • Catagóir nua Seomraí agus scagairí cuardaigh athdheartha a éascaíonn é d'aíonna seomraí príobháideacha a aimsiú

  • Sonraí nua a bhaineann le príobháideacht le haghaidh chompord gach duine

Faisnéis ar an Óstach

D'inis aíonna dúinn gur mian leo a fháil amach cé leis a mbeidh siad ag roinnt spáis sula gcuirfidh siad seomra príobháideach in áirithe. Tugann an Fhaisnéis ar an Óstach níos mó bealaí duit anois chun tú féin a chur in aithne d'aíonna. Tarraingíonn sí sonraí ó do phróifíl freisin agus tugtar suntas orthu sa chuardach agus ar do liostú.

Is é an chéad athrú a thabharfaidh tú faoi deara ná go mbeidh do ghrianghraf próifíle le feiceáil ar choirnéal do phríomhghrianghraif liostaithe. Is féidir le haoi tapáil nó cliceáil chun dul chuig an bhFaisnéis ar an Óstach agus cúpla ní a roinn tú fút féin.

Tá d'ainm, do bhlianta ag óstáil, do rátáil réalta agus líon na léirmheasanna ó aíonna le feiceáil ag barr na Faisnéise ar an Óstach. Anseo thíos, tá rannóga nua i do phróifíl inar féidir leat rudaí a roinnt amhail an áit a bhfuil cónaí ort, do chaitheamh aimsire, ainm do pheata, fíricí fánacha agus an rud atá speisialta faoi fhanacht i d'áit.

Is féidir leat an grianghraf agus an t-eolas a roinneann tú a roghnú trí do phróifíl a chur in eagar. Chomh maith leis sin, b'fhéidir go dtabharfaidh faoi deara go bhfuil formáid nua ar chodanna eile de phróifíl an Óstaigh, mar sin, níor mhiste a chinntiú go dtaispeánfar do phost, do chuid teangacha agus do shuíomh mar is áil leat.

Faigh leideanna faoi ghrianghraf iontach a ghlacadh don Fhaisnéis ar an Óstach

Catagóir Seomraí

Tá sé éasca d'aíonna iniúchadh a dhéanamh ar do liostú tríd an gCatagóir nua Seomraí ag barr an leathanaigh baile. Leis an scagaire cuardaigh athdheartha, tá sé éasca aistriú idir seomraí príobháideacha, tithe iomlána agus gach cineál áite. Taispeántar meánphraghas cibé ceann a roghnaíonn an t-aoi ar an scagaire.

Ní mór do do liostú na critéir seo go léir a chomhlíonadh ionas go mbeidh sé sa Chatagóir Seomraí ón 3 Bealtaine:

  • Tá a s(h)eomra leapa príobháideach féin, ar a bhfuil doras, ag an aoi.

  • Tá rochtain ag an aoi ar sheomra folctha príobháideach nó comhroinnte.

  • Tá rochtain ag an aoi ar spás coiteann amháin ar a laghad, amhail cistin, seomra suí nó cúlchlós.

  • Úsáideann Óstaigh a n-ainm féin ar a liostú in ionad ainm gnó nó ainm eile.

  • Tá “seomra príobháideach” roghnaithe mar chineál an liostaithe nó an tseomra i socruithe do liostaithe.

  • Ní hionann seomra príobháideach agus seomra comhroinnte, óstán, ionad saoire, puball, carbhán, aonad neamhspleách (amhail bungaló sa chúlchlós), ná aon chineál eile réadmhaoine ar an liosta seo.

Ní thaispeánfar liostuithe nach gcomhlíonann na critéir nua seo d'aíonna mar Sheomraí sa chuardach nó ar leathanaigh an liostaithe. Is féidir leat cineál nua liostaithe a roghnú nó do liostú a nuashonrú ionas go gcomhlíonfaidh sé na critéir seo. Más mian leat do liostú a chur leis an gCatagóir Seomraí, nó é a bhaint de, is féidir leat iarratas a sheoladh chuig Tacaíocht Phobail.

Príobháideacht agus compord

Is minic a seiceálann aíonna, ag brabhsáil liostuithe seomraí príobháideacha dóibh, an bhfuil sonraí ann a chuidíonn leo a bheith ar a suaimhneas agus a bheith slán. Chun cabhrú leat ionchais a shocrú, bhogamar an t-eolas sin chuig áit níos airde ar leathanach do liostaithe:

  • An bhfuil glas ar dhoras an tseomra leapa? Tá aíonna ag súil go mbeidh siad in ann glas a chur ar an doras. Mura bhfuil glas ar do sheomra príobháideach, smaoinigh ar cheann a chur leis.

  • An bhfuil an seomra folctha príobháideach, príobháideach ach scoite ón seomra leapa nó comhroinnte. I gcás gach liostú ar Airbnb, teastaíonn rochtain ó aíonna ar sheomra folctha ina bhfuil doirteal, leithreas agus cithfholcadán nó folcadán. Is féidir leat a chur in iúl cé acu atá seomra folctha an aoi príobháideach le slí isteach ón seomra leapa, príobháideach ach scoite ón seomra leapa (príobháideach ach rochtain air trí spás comhroinnte, amhail halla), nó comhroinnte le daoine eile.

  • Cé eile a d'fhéadfadh a bheith ar an réadmhaoin? Is mian le haíonna a fháil amach an mbuailfidh siad le daoine eile le linn a bhfanachta, amhail aíonna eile, baill teaghlaigh nó comrádaithe tí. Is féidir leat míthuiscintí a sheachaint trí shonraí a chur leis faoi na daoine a d'fhéadfadh a bheith ann.

  • Cé mhéad caidrimh shóisialta a bheidh ann? Is minic a thaitníonn sé le haíonna am a chaitheamh le hÓstaigh, a chabhródh leo eolas a chur ar a gceann scríbe amhail duine de bhunadh na háite. Is féidir leat a chur in iúl an méid ama is mian leat a chaitheamh le haíonna le linn a bhfanachta.

Chun na sonraí seo a nuashonrú, téigh chuig an rannóg Seomraí agus Spásanna i do liostú.

Táthar ag tosú ar Airbnb Seomraí agus 25 uasghrádú d'Óstaigh a sheoladh de réir a chéile an tseachtain seo mar chuid de Airbnb: Nuashonrú Samhraidh 2023.

Airbnb
17 Ean 2024
Ar chabhraigh sé seo leat?