Comhpháirtí Domhanda Oilimpeach agus Parailimpeach
Óstáil an domhan mór

Óstáil an domhan mór.

Nuair a thagann na Cluichí Oilimpeacha agus Parailimpeacha, cuireann muintir na háite fáilte roimh aíonna as gach cearn den domhan. Le Airbnb, beidh do chathair agus do theach páirteach i spleodar an chomórtais spóirt is mó le rá ar domhan.

Tá Airbnb ar bís faoinár gcomhpháirtíocht le Coiste Idirnáisiúnta na gCluichí Oilimpeacha (IOC) chun tacú leis an nGluaiseacht Oilimpeach go dtí 2028. Maireann an chomhpháirtíocht naoi mbliana agus cúig Chluiche agus cuireann sí taisteal idirnáisiúnta chun cinn do lúthchleasaithe agus dá lucht leanúna sna Cluichí Oilimpeacha agus Parailimpeacha. 

Tacaíocht do na lúthchleasaithe

Lúthchleasaí Airbnb

Deontas Taistil Airbnb do Lúthchleasaithe 

Tuigeann Airbnb go gcaithfidh lúthchleasaithe fanacht gar dá n-áit traenála agus iomaíochta, agus sin an fáth a bhfuilimid ag tairiscint an Deontais Taistil seo, a bhfuil luach USD $2000 air, do lúthchleasaithe incháilithe. Le tacaíocht ón Deontas, is féidir le 1,000 de na hOilimpigh agus de na Parailimpigh is fearr ar domhan cabhair bhreise a fháil le costas a dtraenála agus a gcáilíochta tríd an deontas a úsáid ag lóistíní ar Airbnb.
Ciste Taistil Airbnb500

Ciste Taistil Airbnb500 

Chun meas a léiriú ar Oilimpigh agus Parailimpigh as a gcuid iarrachtaí agus éachtaí, tá an-bhród orainn Ciste Taistil ceiliúrtha ar luach USD $500 a chur ar fáil. Is féidir le lúthchleasaithe incháilithe an Ciste a úsáid i gcomhair lóistíní Airbnb chun ceann scríbe nua a iniúchadh, a scíth a chur díobh — cibé rud. Chun Deontas Airbnb500 a fháil, ní mór duit clárú ar Athlete365 chun an tairiscint a éileamh agus critéir incháilitheachta shonracha a chomhlíonadh.

Tacaíocht do na cluichí

Níos fearr do mhuintir na háite

Níos fearr do mhuintir na háite

Cuirfidh na céadta míle óstach nua lóistín agus eispéiris áitiúla bharántúla ar fáil do lúthchleasaithe agus dá lucht leanúna a thabharfaidh cuairt ar Pháras, ar Milano-Cortina agus ar Los Angeles sna naoi mbliana amach romhainn. Tá pobal Airbnb an-bhródúil as lóistíní a chur ar fáil nuair a thiocfaidh borradh faoi líon na gcuairteoirí, agus ginfidh ár gcomhpháirtíocht ioncam díreach d'óstaigh agus do phobail na háite. 
An Ghluaiseacht Oilimpeach

An Ghluaiseacht Oilimpeach

Tá ríméad orainn tacú le Coiste Idirnáisiúnta na gCluichí Oilimpeacha ina mhisean an tOilimpeachas a chur chun cinn—fealsúnacht saoil a chumascann spórt le cultúr agus oideachas chun domhan níos fearr a chruthú. Ní fhéadfaimis a bheith ní ba bhródúla go n-iompróidh ár bpobail óstach an spiorad Oilimpeach, agus táimid tiomanta do chuidiú leis na Cluichí is cuimsithí, is inrochtana agus is inbhuanaithe riamh a chruthú. 
Óstáil aíonna i do theach

Óstáil aíonna i do theach 

Is cuma cé acu seomra cluthar nó teach fairsing atá agat, tugann Airbnb deis uathúil do mhuintir na háite ar thaitneamh a bhaint as na Cluichí agus cairdeas a dhéanamh le daoine nua. Agus tú i d'óstach, ní hamháin go mbeidh tú ag cur le spleodar na gCluichí ach cuirfidh tú le do phobal áitiúil freisin. Tá sé furasta clárú, agus tá sé saor in aisce liostú a chruthú.  

An bhfuil tú ag lorg tacaíochta agus acmhainní do thaistealaithe?

Tuilleadh eolais

An bhfuil tú ag lorg tacaíochta agus acmhainní do thaistealaithe?

Tuilleadh eolais