Lógó Airbnb: Nuashonrú Geimhridh 2022
Nuashonrú Geimhridh

Tá sé níos fusa ná riamh do theach a chur ar Airbnb

Sáróstach gealgháireach in aip Airbnb. Cuireann téacs in iúl dúinn gur Myranda is ainm di. Tá taithí trí bliana aici ag óstáil in Little Rock agus tá rátáil Airbnb de 4.96 réalta as 5 réalta aici.

Airbnb Tús Maith: An bealach úrnua fíoréasca le tosú

Is féidir le haon duine an áit atá aige nó aici a chur ar Airbnb—agus tosú ag saothrú airgid—le treoir duine le duine saor in aisce, an bealach ar fad.
Taispeánann fón preabtheachtaireacht a deir: Faigh treoir duine le duine ó Sháróstach. Os cionn an teidil seo feicimid Myranda, Sáróstach, agus níos mó ciorcal ina bhfuil Sáróstaigh gealgháireacha timpeall uirthi.

Deir an téacs ar an scáileán: Cuirfimid le hÓstach seanbhunaithe thú. Treoróidh sé nó sí thú trí mheán comhrá nó físeáin agus tú ag cur d'áite ar Airbnb. Is féidir leat tosú i d'aonar freisin agus Sáróstach a fháil níos déanaí.

Tugann dhá chnaipe thíos an rogha duit dul le Sáróstach, nó tosú i d'aonar.

Treoir duine le duine ó Sháróstach

Faigh Sáróstach de do chuid féin—Óstach seanbhunaithe a bheidh ábalta cabhair phraiticiúil a thabhairt duit ó do chéad cheist go dtí do chéad aoi. Tá siad ar fáil ar an bhfón, ar fhíseán nó trí chomhrá i mbreis agus 80 tír.
Tá teideal le feiceáil ar fhón a deir: Roghnaigh cé a óstálfaidh tú do do chéad áirithint. Tá an rogha ag Óstaigh fáilte a chur roimh aon aoi Airbnb, nó fáilte a chur roimh aoi seanbhunaithe. Roghnaíodh cnaipe an aoi sheanbhunaithe.

Aoi seanbhunaithe don chéad áirithint

Chun cabhrú leat a bheith níos compordaí an chéad uair a óstálann tú, tá an rogha agat anois fáilte a chur roimh aoi seanbhunaithe—duine a bhfuil trí fhanacht ar a laghad déanta aige nó aici agus ar a bhfuil dea-theist ar Airbnb.
Taispeánann fón an Cluaisín 'Inniu' d'Óstaigh Airbnb, le socruithe éagsúla dóibh chun an liostú a bhainistiú, amhail uirlis féilire. Sa leath íochtarach den scáileán tá roghanna ann d'Óstaigh nua comhrá a dhéanamh leis an Sáróstach, nó rochtain a fháil ar thacaíocht speisialaithe ó Airbnb, ach tapáil ar an gcnaipe ar an scáileán.

Tacaíocht speisialaithe ó Airbnb

Le tapáil amháin, is féidir le hÓstaigh nua teagmháil a dhéanamh lenár ngníomhairí sainoilte Tacaíochta Pobail chun cabhair a fháil le haon rud idir fhadhbanna cuntais agus íocaíochtaí. Tá siad ar fáil in 42 theanga faoi láthair.
Focalmharc AirCover d'Óstaigh

Seo chugat níos mó cosaintí fós

Deimhniú aitheantais aoi

Seiceálann ár gcóras cuimsitheach deimhnithe sonraí amhail ainm, seoladh, ID rialtais agus eile chun aitheantas na n-aíonna a dhéanann áirithint ar Airbnb a dheimhniú.

Scagadh áirithintí

Déanann ár dteicneolaíocht dhílsithe anailís ar na céadta toisc i ngach áirithint agus cuireann sí bac ar áirithintí áirithe a thugann le tuiscint go bhfuil baol mór ann maidir le cóisirí callánacha agus damáiste do réadmhaoin.

Cosaint damáiste $3M

Aisíocann Airbnb thú as an damáiste a dhéanann aíonna do do theach nó do do chuid rudaí, agus tá na cosaintí speisialaithe seo san áireamh:

Ealaín agus earraí luachmhara

Athchóireoidh Airbnb ealaín nó earraí luachmhara a ndearnadh damáiste dóibh nó cuirfidh sé cinn nua ina n-áit nó íocfaidh sé astu.

Mótarfheithiclí agus báid

Cosnaímid na carranna, na báid agus na hárthaí uisce eile a pháirceálann tú nó a stórálann tú ag do theach.

Damáiste ó pheataí

Íocfaimid as chun an damáiste a rinne peata aoi a dheisiú.

Caillteanas ioncaim

Má tá ort áirithintí Airbnb a chur ar ceal mar gheall ar dhamáiste a rinne aoi, cúiteofar an t-ioncam caillte leat.

Dianghlanadh

Aisíocfaimid thú as na seirbhísí glantacháin breise a theastaíonn tar éis fanacht aoi—mar shampla, glanadh gairmiúil cairpéad.

Árachas dliteanais $1M

Tá tú faoi chosaint ar an drochsheans go ngortófaí aoi nó go ndéanfaí damáiste nó gadaíocht ar ghiuirléidí aoi.

Líne shábháilteachta 24 uair sa lá

Má mhothaíonn tú go bhfuil tú i gcontúirt aon uair, tá rochtain láithreach ar fáil inár n-aip ar ghníomhairí sábháilteachta sainoilte, lá agus oíche.

Faigh sonraí iomlána faoin dóigh a gcosnaíonn AirCover d'Óstaigh thú agus faoi aon eisiamh atá i bhfeidhm.

Airbnb amháin a thugann AirCover duit

AirbnbIomaitheoirí
Deimhniú aitheantais aoi
Scagadh áirithintí
Cosaint damáiste $3M
Ealaín agus earraí luachmhara
Mótarfheithiclí agus báid
Damáiste ó pheataí
Caillteanas ioncaim
Dianghlanadh
Árachas dliteanais $1M
Líne shábháilteachta 24 uair sa lá

Tá an chomparáid bunaithe ar eolas poiblí agus ar thairiscintí saora ó na príomhiomaitheoirí ó 10/22.

Catagóirí Airbnb: Iolracht uathúlachta

Inniu táimid ag tabhairt isteach sé chatagóir nua agus ag feabhsú an phearsantaithe.
Nua
Seoda iontacha a cuireadh le Airbnb le 10 seachtaine anuas.
Sna Sléibhte
Tithe atá thart ar 3,000 méadar os cionn leibhéal na farraige, agus radhairc iontacha uathu go minic.
I mBéal an Phobail
Tithe ardmholta atá ag tarraingt go leor airde ar Airbnb.
Gan céimeanna isteach
Deimhnithe go bhfuil cosáin gan chéimeanna isteach sa teach, sa seomra folctha agus sa seomra leapa.
Súgradh
Áiteanna ina bhfuil seomraí cluichí, sleamhnáin uisce agus eile.
Tithe hanok
Tithe traidisiúnta na Cóiré déanta as ábhair nádúrtha.
Taispeánann ríomhaire glúine agus fón leathanach baile Airbnb agus dhá shraith tithe ó chatagóir nua de chuid Airbnb: Nuashonrú Geimhridh, ar a dtugtar Nua, ina bhfuil tithe a cuireadh le Airbnb le 10 seachtaine anuas.Taispeánann ríomhaire glúine agus fón leathanach baile Airbnb agus dhá shraith tithe ó chatagóir nua de chuid Airbnb: Nuashonrú Geimhridh, ar a dtugtar Sna Sléibhte, ina bhfuil tithe ar airde, thart ar 3,000 méadar os cionn leibhéal na farraige.Taispeánann ríomhaire glúine agus fón leathanach baile Airbnb agus dhá shraith tithe ó chatagóir nua de chuid Airbnb: Nuashonrú Geimhridh, ar a dtugtar I mBéal an Phobail, ina bhfuil tithe a mbítear ag amharc orthu go minic le déanaí.Taispeánann ríomhaire glúine agus fón leathanach baile Airbnb agus dhá shraith tithe ó chatagóir nua de chuid Airbnb: Nuashonrú Geimhridh air, ar a dtugtar Gan céimeanna isteach. Sa chatagóir seo tá tithe atá oiriúnach do chathaoireacha rothaí agus tá sé deimhnithe go bhfuil bealach isteach gan chéimeanna iontu chuig na seomraí leapa agus chuig na seomraí folctha.Taispeánann ríomhaire glúine agus fón leathanach baile Airbnb agus dhá shraith tithe ó chatagóir nua de chuid Airbnb: Nuashonrú Geimhridh air, ar a dtugtar Súgradh. Sa chatagóir seo tá tithe ag a bhfuil gníomhaíochtaí spraíúla amhail seomraí cluichí, sleamhnáin uisce, cúirteanna cispheile agus go leor eile.Taispeánann ríomhaire glúine agus fón leathanach baile Airbnb agus dhá shraith tithe ó chatagóir nua de chuid Airbnb: Nuashonrú Geimhridh, ar a dtugtar Tithe Hanok, ina bhfuil tithe traidisiúnta na Cóiré Theas ón 14ú haois atá déanta as ábhair nádúrtha.
Nua
Pearsantú feabhsaithe
Tá na catagóirí a thaispeánfaimid duit níos ábhartha fós againn—mar shampla, má bhrabhsálann tú tithe in Napa, taispeánfaimid Fíonghoirt duit an chéad uair eile a osclóidh tú an aip.
Sonraí breise
Gheobhaidh tú níos mó sonraí freisin faoi gach teach de réir mar a bhrabhsálann tú. Mar shampla, i gCatagóir na bPáirceanna Náisiúnta taispeánfar an fad ón teach go dtí bealach isteach na páirce.

Uasghráduithe breise d'Óstaigh

Próiseas éilimh níos fusa in AirCover d'Óstaigh

Is féidir le hÓstaigh iarratas ar aisíocaíocht a dhéanamh i gcúpla céim gan stró anois agus a stádas a rianú ar an gCluaisín 'Inniu'.

Seo chugaibh Mear-íocaíocht

Tá an rogha ag Óstaigh anois eisíocaíochtaí a fháil ar a gcárta dochair laistigh de 30 nóiméad nó níos lú (ar fáil sna Stáit Aontaithe amháin).

Léirmheasanna níos mionsonraithe

Is féidir le haíonna agus le hÓstaigh clibeanna a chur lena léirmheasanna anois chun níos mó mionsonraí a thabhairt faoi fhanacht.

Cosaintí ar léirmheasanna díoltais

Mhéadaíomar na cúiseanna ar ar féidir cur i gcoinne léirmheasa agus táimid ag ligean d'Óstaigh a iarraidh go mbainfí aon léirmheas díoltais de stair a léirmheasanna.

Príomhrialacha d'aíonna

Le príomhrialacha níos simplí, agus tacaíocht ó pholasaithe freagrachta níos láidre, cinntítear go gcaithfidh aíonna le gach teach go cúramach agus le meas.

Rialuithe nua catagóire

Ag tosú go luath in 2023, beidh Óstaigh in ann féachaint cén chatagóir ina bhfuil a dteach agus sonraí sainiúla faoi chatagóir a chur lena liostú.