Conas a oibríonn an cuardach ar Airbnb

Faigh leideanna chun do rangú i dtorthaí cuardaigh a fheabhsú.
Le Airbnb ar an 11 Beal 2022
Léamh 3 nóiméad
Nuashonraithe ar an 21 Samh 2022

Buaicphointí

  • Bíonn tionchar ag a phraghas, a cháilíocht agus an tóir air ar an dóigh a dtaispeántar do liostú i dtorthaí cuardaigh aíonna

  • Bain triail as níos mó dátaí a oscailt ar d'fhéilire chun teacht le critéir chuardaigh níos mó aíonna

Chruthaigh agus d'fhoilsigh tú liostú, agus anois is mian leat go mbreathnóidh daoine air. Conas a aimsíonn siad é? Seo cúpla rud is féidir leat a dhéanamh chun do rangú cuardaigh a fheabhsú.

Na bunghnéithe a thuiscint

Úsáideann algartam cuardaigh Airbnb a lán tosca chun ord na liostuithe sna torthaí cuardaigh a chinneadh. Ní hionann tionchar gach toisce. Bíonn tionchar mór ag praghas, cáilíocht agus tóir ar liostú ar an dóigh a dtaispeántar liostú.

Tugann an t-algartam tús áite do phraghas iomlán an liostaithe roimh chánacha (táillí agus lascainí san áireamh), agus do cháilíocht an liostaithe, i gcomparáid le liostuithe atá cosúil leis sa cheantar. Cuidíonn grianghraif, léirmheasanna ó aíonna agus tréithe eile de liostú lena cháilíocht a dhéanamh amach.

D'fhéadfadh praghas iomaíoch agus ardchaighdeán cabhrú leat do rangú a fheabhsú, toisc gur gnách go rangaítear liostuithe a thairgeann an luach is fearr i réigiún ar leith níos airde sna torthaí cuardaigh.

Déan do dhícheall chun go bhfuil tóir ort

Baineann algartam Airbnb úsáid as réimse leathan eolais chun an tóir ar do liostú a mheasúnú. Ina measc sin tá a mhinice a chuireann aíonna do liostú in áirithe, a mhinice a thugann aíonna cuairt ar leathanach do liostaithe agus a mhinice a chuireann siad do liostú ar a mianliostaí.

Dá mhéad an tóir ar liostú, is ea is airde a rangaítear sna torthaí cuardaigh é, go hiondúil. Le spéis aíonna a spreagadh, molaimid duit:

  • Saoráidí a theastaíonn ó aíonna, amhail Wi-Fi ardluais, féinseiceáil isteach agus páirceáil saor in aisce a thairiscint.
  • Déan cur síos ar thréithe uathúla do spáis le sonraí faoi leith a chuireann in iúl d'aíonna go díreach an méid atá rompu.
  • Cuir grianghraif ardchaighdeáin ann a chuireann cuma tharraingteach ar do liostú. D'fhéadfadh grianghraif ardchaighdeáin thú a dhéanamh níos feiceálaí laistigh de chatagóir.

Cuir níos mó infhaighteachta ar fáil

Cuireann algartam Airbnb infhaighteacht do liostaithe, amanna freagartha ar fhiosruithe, agus cé chomh minic agus a ghlacann tú le háirithintí san áireamh. Dá mhéad dátaí oscailte a thairgeann tú ar d’fhéilire, is ea is dóichí go dtiocfaidh do liostú le critéir chuardaigh aoi agus go mbeidh sé le feiceáil sna torthaí cuardaigh.

Gníomhartha is féidir leat a dhéanamh chun rangú cuardaigh do liostaithe a fheabhsú:

  • Freagair iarratais ar áirithint laistigh de 24 uair an chloig. Ná diúltaigh iarratais ar áirithint go minic.
  • Úsáid Áirithint ar an bPointe, ionas gur féidir le haíonna do liostú a aimsiú nuair a scagann siad a dtorthaí cuardaigh de réir an rogha sin. Leis an ngné seo is féidir le haíonna d'áit a chur in áirithe láithreach (gan gá duit glacadh lena n-iarratas), mar sin cuireann sí dlús le d'am freagartha.
  • Laghdaigh líon na srianta a chuireann tú ar áirithintí, amhail íosfhad agus uasfhad an fhanachta.

Cuir fáilteachas den scoth ar fáil

Is iondúil go bhfeabhsaítear do rangú i gcuardaigh le himeacht ama má tá tú ábalta ionchais aíonna a shocrú sa chur síos ar do liostú agus ansin na hionchais sin a chomhlíonadh nó a shárú mar Óstach.

Má thugann tú sonraí cruinne faoi d'áit agus má dhéanann tú cumarsáid shoileír le haíonna, d'fhéadfaidís rátálacha níos airde agus léirmheasanna níos fearr ar a bhfanacht agat a thabhairt. B'fhéidir go sheachnóidh tú gearáin seirbhíse do chustaiméirí freisin, rud a chuirfeadh isteach go diúltach ar rangú do liostaithe.

Cuireann an t-algartam san áireamh freisin an Sáróstach thú—ár dtéarma ar Óstach seanbhunaithe ardmholta—nó an gcomhlíonann tú na riachtanais go léir, nó cuid díobh, le bheith i do Sháróstach. I measc na riachtanas tá rudaí amhail freagairt go tapa ar fhiosruithe ó aíonna faoi áirithint agus a laghad áirithintí agus is féidir a chur ar ceal thú féin.

Tá an rogha ag aíonna a dtorthaí cuardaigh a scagadh ionas nach dtabharfar ach liostuithe a thairgeann Sáróstaigh dóibh.

Faigh tuilleadh eolais inár dtreoir faoi liostú rathúil a chur ar bun

Seans gur athraigh an t-eolas atá sa mhír seo ó foilsíodh í.

Buaicphointí

  • Bíonn tionchar ag a phraghas, a cháilíocht agus an tóir air ar an dóigh a dtaispeántar do liostú i dtorthaí cuardaigh aíonna

  • Bain triail as níos mó dátaí a oscailt ar d'fhéilire chun teacht le critéir chuardaigh níos mó aíonna

Airbnb
11 Beal 2022
Ar chabhraigh sé seo leat?