Do phraghas tosaigh a shocrú
Má shocraíonn tú praghas iomaíoch, d'fhéadfadh sé do liostú a thabhairt chun suntais agus aíonna a spreagadh le háirithint a dhéanamh. Bíonn tusa i gceannas ar do phraghas i gcónaí, agus is féidir leat é a athrú ag am ar bith.
Praghsáil i rith na seachtaine agus ag an deireadh seachtaine
Roghnaigh bunphraghas do laethanta na seachtaine ar dtús. Is é sin an praghas réamhshocraithe ar gach oíche ar d'fhéilire. Tá an rogha agat costas breise a chur leis an deireadh seachtaine, is é sin an Aoine agus an Satharn.
Úsáideann na leideanna faoi phraghsanna a thaispeántar tosca amhail suíomh, saoráidí, áirithintí roimhe seo agus na praghsanna is déanaí i do cheantar. Más mian leat praghas a shocrú atá difriúil leis an méid a mholtar, déan iarracht ar chothromaíocht a bhaint amach idir do chostais féin agus an méid a bheidh aíonna sásta a íoc. Seo cúpla rud le cur san áireamh.
- Do chostais óstála: D'fhéadfadh an morgáiste, na fóntais, cothabháil agus cánacha a bheith san áireamh sna costais sin.
- An luach ar airgead a chuireann tú ar fáil: Smaoinigh ar na rudaí atá agat i do liostú, amhail saoráidí a bhfuil tóir orthu, gnéithe inrochtaineachta agus cóngaracht do nithe is díol spéise sa cheantar.
- An praghas iomlán a íocann aíonna: Cuimhnigh go mbíonn tionchar ar an bpraghas iomlán ag táillí a bheartaíonn tú a ghearradh, amhail táille peataí.
D'fhéadfadh sé cabhrú leat do chéad aíonna agus do chéad léirmheasanna a mhealladh má thosaíonn tú le praghas níos ísle.
Lascainí a thairiscint
D'fheadfadh promóisin agus lascainí rangú cuardaigh do liostaithe a fheabhsú agus aíonna a mhealladh.
- Promóisean liostaithe nua: Tairg lascaine 20% ar do chéad trí áirithint chun cabhrú leat na chéad aíonna agus na chéad léirmheasanna a fháil.
- Lascaine ag an nóiméad deiridh: Laghdaigh do phraghas ar áirithintí a dhéantar uair ar bith idir lá amháin agus 28 lá roimh an tseiceáil isteach chun bearnaí i d'fhéilire a líonadh.
- Lascainí seachtainiúla agus míosúla: D'fhéadfadh lascainí ar thréimhsí fanachta níos faide cabhrú leat d'fhéilire a líonadh níos luaithe agus líon na n‑idirthréimhsí a laghdú.
Feictear do phraghas lascainithe in aice le do phraghas bunaidh, a mbeidh líne tríd.
Beidh rochtain agat ar níos mó uirlisí praghsála tar éis duit do liostú a fhoilsiú. Dá n-úsáidfeá uirlisí Airbnb chun do phraghas a choigeartú go rialta, d'fhéadfadh sé cabhrú leat do spriocanna tuillimh a bhaint amach.
Seans gur athraigh an t-eolas atá sa mhír seo ó foilsíodh í.