Conas straitéis phraghsála a shocrú

Is féidir leat aíonna a mhealladh agus cur le do thuilleamh ach an praghas ceart a bheith agat ar Airbnb.
Le Airbnb ar an 1 Noll 2020
Léamh 3 nóiméad
Nuashonraithe ar an 20 Samh 2023

Tá an praghas ar cheann de na príomhrudaí a smaoiníonn aíonna air agus iad ag roghnú áit le fanacht. Is cuma cé chomh hiontach is atá do spás, má tá praghas níos airde air ná áiteanna cosúil leis in aice láimhe, tá gach seans go gcaillfidh tú áirithintí.

Bhí os cionn 30% níos mó oícheanta in áirithe ag liostuithe a ndearnadh nuashonrú ar a bpraghsanna ceithre huaire in 2022 ná liostuithe nach ndearnadh.* Bain triail as na leideanna seo chun straitéis phraghsála a oireann duitse a oibriú amach.

Cuir eolas ar do cheantar

Bain úsáid as d'fhéilire chun do phraghas a chur i gcomparáid le meánphraghsanna liostuithe den chineál céanna in aice láimhe ar léarscáil de do cheantar. Is féidir leat a roghnú cé acu a fhéachfaidh tú ar liostuithe atá curtha in áirithe nó nach bhfuil curtha in áirithe.

Seo an bealach chun praghsanna a chur i gcomparáid ar an léarscáil:

  • Roghnaigh aon dáta nó raon dátaí suas le 31 oíche.

  • Tapáil nó cliceáil do phraghas in aghaidh na hoíche, ansin tapáil nó cliceáil an cnaipe a thaispeánann biorán suímh leis na focail “Liostuithe den chineál céanna” agus raon praghsanna.

Léiríonn na praghsanna a thaispeántar ar an léarscáil an meánphraghas atá ag gach liostú ar na hoícheanta a cuireadh in áirithe agus nár cuireadh do na dátaí a roghnaíodh. I measc na dtosca a rialaíonn cé hiad na liostuithe atá cosúil le do liostú féin tá suíomh, méid, gnéithe, saoráidí, rátálacha, léirmheasanna agus na liostuithe eile a mbreathnaíonn aíonna orthu agus iad ag smaoineamh ar do liostúsa.

Cuir an margadh is fearr ar fáil

Má thuigeann tú an méid a íocann d'aíonna, is féidir leat an margadh is fearr a thairiscint agus tacú le do spriocanna tuillimh. Cuimsíonn a bpraghas iomlán do phraghas in aghaidh na hoíche, aon táillí breise a shocraíonn tú (ar ghlantachán, aíonna breise nó peataí), táillí seirbhíse Airbnb agus cánacha.

D'fhéadfadh praghsáil iomaíoch do liostú a thabhairt chun suntais agus rangú níos airde a fháil dó sna torthaí cuardaigh. Tugann an t-algartam tús áite don phraghas iomlán agus do chaighdeán an liostaithe i gcomparáid le liostuithe den chineál céanna in aice láimhe.

D'fhéadfadh sé go gcuireann tú roinnt costas san áireamh i do phraghas nach bhfuil follasach d'aíonna. An gcuireann tú rudaí breise ar fáil, amhail bricfeasta iomlán, táirgí folctha sómasacha nó seirbhísí sruthaithe teilifíse? Bíodh sé sin soiléir i do chur síos ar do liostú chun cabhrú le haíonna luach do phraghais a thuiscint.

Smaoinigh ar lascainí agus ar phromóisin

Trí lascainí agus promóisin is féidir leat praghsanna níos ísle a thairiscint faoi choinníollacha áirithe gan do ghnáthphraghas in aghaidh na hoíche a athrú. Tacaíonn na huirlisí seo le cásanna éagsúla, amhail fáilte a chur roimh do chéad aíonna nó tréimhsí fanachta níos faide a óstáil.

  • Liostuithe Nua: Má chuireann tú liostú úrnua chun cinn le lascaine 20% ar do phraghas in aghaidh na hoíche, d'fhéadfadh sé cabhrú leat do chéad triúr aíonna a mhealladh chun áirithint a dhéanamh. Taispeánann sonraí Airbnb gur luaithe a fhaigheann Óstaigh a gcéad áirithint má thairgeann siad an promóisean seo le linn an chéad 30 lá atá an liostú gníomhach.

  • Tréimhsí fanachta níos faide: Má thairgeann tú lascainí seachtainiúla agus míosúla d'fhéadfadh níos mó áitíochta, níos lú athruithe agus níos lú oibre a bheith i gceist duit. B'ionann áirithintí seachtaine nó níos faide agus 46% de na hoícheanta a cuireadh in áirithe ar Airbnb in 2022.

Is féidir na lascainí agus na promóisin atá ar fáil do do liostú a shocrú ó d'fhéilire óstála.

*Bunaithe ar liostuithe ar fud an domhain (seachas an tSín, an Bhealarúis, an Rúis agus an Úcráin) a raibh oíche amháin nó níos mó ar fáil acu idir Eanáir agus Nollaig 2022 agus nach raibh Praghsáil Chliste casta air acu. Bíonn tionchar ag tosca breise ar oícheanta curtha in áirithe.

Seans gur athraigh an t-eolas atá sa mhír seo ó foilsíodh í.

Airbnb
1 Noll 2020
Ar chabhraigh sé seo leat?