Taispeánfar moltaí i ndiaidh duit an t-ionchur cuardaigh a chlóscríobh. Úsáid na saigheada suas agus síos chun athbhreithniú a dhéanamh. Úsáid Iontráil chun roghnú. Más frása é an roghnúchán, cuirfear an frása sin isteach lena chuardach. Más nasc é an moladh, nascleanfaidh an brabhsálaí chuig an leathanach sin.
Taispeánfar moltaí i ndiaidh duit an t-ionchur cuardaigh a chlóscríobh. Úsáid na saigheada suas agus síos chun athbhreithniú a dhéanamh. Úsáid Iontráil chun roghnú. Más frása é an roghnúchán, cuirfear an frása sin isteach lena chuardach. Más nasc é an moladh, nascleanfaidh an brabhsálaí chuig an leathanach sin.

Conas a bheith níos fearr ná mar a shíleann aíonna

Úsáid léirmheasanna aíonna chun do sheirbhís a thabhairt chun suntais ar Airbnb.
Le Airbnb ar an 17 MFómh 2025

D'fhéadfadh rátálacha den scoth agus léirmheasanna dearfacha níos mó áirithintí agus tuilleamh níos fearr a mhealladh. Bain úsáid as aiseolas ó aíonna chun do sheirbhís a fheabhsú i gcónaí.

Taispeánann an rannóg Léargas do rátáil fhoriomlán, léirmheasanna poiblí, nótaí ó aíonna agus rátálacha mionsonraithe maidir le fáilteachas, suíomh (nuair is bainteach), iontaofacht agus luach ar airgead.

Fáilteachas

Is mór ag aíonna a bheith ar a sáimhín só agus ar a gcompord. Déan do dhícheall le hearra ardchaighdeáin a sholáthar agus bí ag súil lena riachtanais.

  • Déan teagmháil nuair a dheimhnítear an áirithint. Seol teachtaireacht chuig aíonna agus cuir ceist maidir lena roghanna ionas gur féidir leat an tseirbhís a phearsanú. D'fhéadfadh lónadóir ceist a chur faoin gcineál imeachta agus faoi ailléirgí bia nó srianta cothaithe.
  • Tabhair sonraí riachtanacha. Bí cinnte go bhfuil eolas tábhachtach ag aíonna roimh an tseirbhís, mar shampla, an duine a dhéanfaidh an tseirbhís—tú féin nó comhóstach. D'fhéadfadh grianghrafadóir réamhaisnéis mhionsonraithe agus moltaí i dtaca le héadaí a roinnt freisin.
  • Smaoinigh ar dhearcadh an aoi. Seans go bhfuil roinnt aíonna nua i do chathair nó i do thír. B'fhéidir go mbeadh cabhair bhreise ag teastáil uathu chun a mbealach a dhéanamh tríd an gceantar nó chun nósanna áitiúla a thuiscint. Déan iarracht a bheith croíúil cabhrach agus cumarsáid a dhéanamh go measúil.
  • Tabhair soláthairtí breise leat. Bí cinnte go bhfuil tú ullmhaithe le haghaidh fadhbanna a d'fhéadfadh tarlú, mar shampla má bhriseann uirlisí nó trealamh nó má dhéanann aoi dearmad ar earra tábhachtach. D'fhéadfadh traenálaí pearsanta mataí ióga breise a phacáil.
  • Bí i dteagmháil i ndiaidh na seirbhíse. Seol teachtaireacht chun buíochas a ghabháil le haíonna agus chun aghaidh a thabhairt ar na chéad chéimeanna eile. D'fhéadfadh an dáta a bheidh grianghraif ar fáil nó oideas a thaitneoidh go mór le haíonna a bheith i gceist leis sin.

Láthair

Má óstálann tú seirbhís ag do ghnólacht nó i spás poiblí, iarrtar ar aíonna an láthair a rátáil. D'fhéadfadh sciamheolaí cóireáil aghaidhe a chur ar fáil ag a spá nó d'fhéadfadh grianghrafadóir seisiún a thairiscint i bpáirc. Is mór ag aíonna spásanna fáilteacha atá glan agus dea-fheistithe.

  • Dírigh ar chompord aíonna. Cuir spás sábháilte glan ar fáil chun gur féidir le haíonna taitneamh a bhaint as an tseirbhís. Ba chóir do shuathaire spá an-ghlan a sholáthar ionas gur féidir le haíonna a scíth a ligean le linn suathaireacht dhomhain.
  • Seol treoracha. Bí soiléir faoin méid atá roimh aíonna ag do láthair agus faoin áit a mbuailfidh sibh le chéile. Smaoinigh ar fhadhbanna páirceála agus fadhbanna iompair phoiblí a d'fhéadfadh a bheith ann. Cuir treoracha don tseiceáil isteach ar fáil má tá tú i spás comhroinnte. Coinnigh an inrochtaineacht i gcuimhne freisin. Mar shampla, an bhfuil láthair do dhreasa fhótagrafaíochta inrochtana do chathaoireacha rothaí? 

Ní iarrfar ar aíonna aiseolas a thabhairt ar an áit má thaistealaíonn tusa chuig an áit ina bhfuil siadsan.

Iontaofacht

Bíonn aíonna ag súil go gcuirfidh a n-óstach seirbhís gan stró ar fáil. Is ionann sin agus tabhairt le tuiscint go soiléir d'aíonna an méid atá rompu, cumarsáid thráthúil shoiléir a dhéanamh agus a bheith eagraithe.

  • Tabhair tús áite do chruinneas. Bí cinnte go gcuireann do chur síos agus do ghrianghraif in iúl an méid go díreach a fhaigheann aíonna. D'fhéadfadh gruagaire cur síos a dhéanamh ar na táirgí agus na teicnící a úsáideann sé nó sí agus grianghraif a chur ar fáil de na stíleanna agus na cineálacha trilseán a dhéanann siad.
  • Bí freagrúil. Socraigh do chuid uaireanta rialta sa chluaisín Liostuithe lena chur in iúl go soiléir an t-am a bheidh tú ar fáil. Cas fógraí air in aip Airbnb agus i socruithe do ghléis ionas gur féidir leat teachtaireachtaí aíonna a fheiceáil láithreach agus freagairt go tapa.
  • Pleanáil roimh ré. Ullmhaigh soláthairtí ar bith roimh ré lena chinntiú go mbeidh do sheirbhís de réir an sceidil. D'fhéadfadh cócaire glasraí a ghearradh roimh ré don anraith a chócarálfaidh sé nó sí ag áit an aoi.
  • Tabhair leat aon tacaíocht a theastaíonn uait. B'fhéidir go mbeadh comhóstach nó cúntóir agat le cabhrú leat má tá tú ag óstáil grúpa mór nó ag tairiscint seirbhís níos casta. Éilítear ort na daoine a bheidh in éineacht leat le linn na seirbhíse a chur in iúl d'aíonna le dóthain fógra chun an áirithint a chur ar ceal gan táille.
  • Bí ann in am. Má tá tú ag taisteal chuig suíomh an aoi, smaoinigh ar do bhealach agus cuir an trácht san áireamh.
  • Bíodh meas agat ar an réadmhaoin. Má tá tú ag cur na seirbhíse ar fáil i dteach duine eile, fág an spás chomh maith agus a fuair tú é.

Luach ar airgead

Lorgaíonn aíonna seirbhísí a chuireann caighdeán eisceachtúil ar fáil ar phraghas maith. Smaoinigh ar conas d'earraí a dhéanamh níos speisialta agus gur fiú na praghsanna a íocann aíonna orthu.

  • Cuir raon roghanna ar fáil. Cuir 3 earra ar a laghad ar fáil ar phraghsanna difriúla chun níos mó roghanna a thabhairt d'aíonna agus chun do spriocanna tuillimh a bhaint amach. Is den dea-chleachtas é earraí a shocrú ar phraghsanna bunúsacha, caighdeánacha agus bisigh. Mar shampla, d'fhéadfadh grianghrafadóir in SAM seisiún leathuair an chloig a chur ar fáil ar chostas níos lú ná $50 USD, seisiún portráide pearsantaithe ar chostas idir $50 USD agus $150 USD, agus seisiún teaghlaigh ar chostas níos mó ná $150 USD.
  • Saincheap do chuid earraí. Cuidíonn uirlisí teachtaireachta Airbnb leat cumarsáid a dhéanamh le haíonna chun do chuid earraí a phearsantú agus praghsanna saincheaptha a shocrú.
  • Cuir seirbhís iontach ar fáil. Is mór an cuidiú é ábhair ar ardchaighdeán a úsáid agus rudaí beaga breise a chur ar fáil a dhéanann d'earra níos speisialta. D'fhéadfadh sciamheolaí bláthola saor in aisce a chur san áireamh.

Caithfidh na hóstaigh, na grianghraif agus sonraí an liostaithe go léir na caighdeáin agus na riachtanais maidir le Seirbhísí Airbnb a chomhlíonadh.

Seans gur athraigh an t-eolas atá sa mhír seo ó foilsíodh í.

Airbnb
17 MFómh 2025
Ar chabhraigh sé seo leat?