Conas do chéad aíonna a roghnú
Mar óstach nua, is féidir leat an cineál aoi a bheidh ar an gcéad aoi a fhanfaidh i d'áitse a roghnú. Roghnaigh an mian leat fáilte a chur roimh:
- Aon aoi ar Airbnb. D'fhéadfadh duine ar bith atá ina b(h)all dár bpobal, daoine nua san áireamh, a bheith i gceist leis sin.
- Aoi seanbhunaithe. Is éard atá i gceist leis sin duine a bhfuil dea-theist aige nó aici ar 3 fhanacht ar a laghad ar Airbnb gan aon drochléirmheas.
Má roghnaíonn tú aon aoi ar Airbnb, d'fhéadfadh sé cabhrú leat do chéad áirithint a fháil níos luaithe, toisc go n-osclaíonn sé an doras do níos mó aíonna ionchasacha a bhíonn ag cuardach áiteanna le fanacht.
Mar gheall ar an dea-theist sin, d'fhéadfadh aoi seanbhunaithe aiseolas úsáideach a thabhairt maidir leis an bhfanacht agatsa.
Is roghanna iontacha iad an dá rogha sin. Roghnaigh an ceann is oiriúnaí duitse.
Ceanglaítear ar gach aoi a dhéanann áirithint ár bpróiseas deimhnithe aitheantais a chur i gcrích. Soláthraíonn AirCover d'Óstaigh cosaint ó bhun go barr gach uair a chuireann tú fáilte roimh aíonna.
