Treoirlínte faoi theideal do liostaithe a chumadh

Nuashonraigh do theideal chun do spás a chur ar taispeáint sna torthaí cuardaigh.
Le Airbnb ar an 17 Meith 2022
Léamh 3 nóiméad
Nuashonraithe ar an 23 DFómh 2023

Tá teideal do liostaithe ar cheann de na chéad rudaí a léann aíonna sna torthaí cuardaigh, agus is deis é aird a tharraingt ar uathúlacht do spáis. Lean na treoirlínte seo maidir le teideal éifeachtach a chumadh chun do liostú a thabhair chun suntais sa chuardach, spéis a mhúscailt i do spás agus ionchais a shocrú d'aíonna.

Is iad teidil ghearra is fearr

Úsáideann aíonna gléasanna de gach sórt ar a bhfuil scáileáin de mhéideanna éagsúla chun cuardach a dhéanamh ar Airbnb. Teideal a oibríonn go maith i mbrabhsálaí gréasáin, seans go mbeadh sé rófhada d'aíonna atá ag scrolláil liostuithe ar an aip mhóibíleach.

Má chloíonn tú leis an teorainn 32 charachtar cinntíonn tú go mbeidh iomlán do theidil ar taispeáint ar ghléasanna deisce agus móibíleacha.

Seo trí shampla mhaithe de theidil liostaithe ghearra:

  • Lochta nua i lár na cathrach

  • Tearmann teolaí sléibhe do chócairí

  • Villa cois trá in aice le Año Nuevo

Más faide do theideal ná 32 charachtar, cuir an t-eolas is tábhachtaí ag an tús. Ciorraítear teidil fhada go huathoibríoch sna torthaí cuardaigh agus cuirtear comhartha focalbhá in ionad an chuid eile de do theideal. Mar shampla, in ionad “Cábán tuaithe óna bhfuil radharc ar loch, poll dóiteáin, rampa báid” feictear “Cábán tuaithe óna bhfuil radharc ar loch...” sna torthaí cuardaigh.

Is fearr an cás abairte a úsáid

Sa chás abairte ní scríobhtar ach an chéad litir den chéad fhocal i do theideal ina ceannlitir. D'fhéadfadh sé a bheith níos soléite agus níos comhráití ná an cás teidil, ina gcuirtear ceannlitir ar fhormhór na bhfocal, nó CEANNLITREACHA AR FAD.

Chun an cuardach a éascú d'aíonna, seachain ceannlitreacha a chur i bhfocail eile i do theideal mura ainm dílis é amhail cathair. Is féidir eisceacht a dhéanamh freisin de ghiorrúcháin, amhail BÁC, nó cód aerfoirt, amhail SNN.

Seo trí shampla mhaithe de theidil liostaithe sa chás abairte:

  • Bothán cois farraige in Bondi Beach

  • Seomra aíochta Victeoiriach rómánsúil

  • Stiúideo éiceabhách in aice le LAX

Is soiléire focail ná emoji

Seans go gcuirfeadh emoji agus siombailí mearbhall nó míthuiscint ar dhaoine toisc go mbainfí cialla éagsúla astu in áiteanna éagsúla ar domhan. Mar shampla, d'fhéadfaí ordóg in airde a thuiscint mar chomhartha sástachta, uimhir a haon nó comhartha maslach.

Chun teideal do liostaithe a dhéanamh níos tarraingtí agus níos soléite, cloígh le focail shimplí thuairisciúla faoi d'áit. Tá sé ceart go leor carachtair speisialta (amhail !, # nó *) a úsáid, ach níl sé ceart go leor iad a scríobh arís is arís eile chun béim a chur orthu (amhail !!! nó ***). Chun smaointe a scaradh, úsáid camóga le spásanna nó slais amháin gan spásanna.

Seo sampla de rudaí nach gceadaítear:

  • ****Sealla sciála agus gailf****!

Seo bealach níos fearr chun é sin a scríobh:

  • Sealla sciála/gailf ag a bhfuil clós príobháideach

Is fearr tuilleadh sonraí ná athrá

Den chuid is mó, ní gá aon eolas a thugtar d'aíonna sna torthaí cuardaigh a thabhairt arís, amhail do chathair nó do bhaile nó líon iomlán na leapacha. Ina ionad sin, tabhair sonraí uathúla i dteideal do liostaithe chun aird a tharraingt.

Mar shampla, más in Buenos Aires atá do liostú, d'fhéadfá do chomharsanacht, amhail “Recoleta", a chur i dteideal do liostaithe. Más i bhFlórans na hIodáile atá sé, d'fhéadfá “in aice le Uffizi” nó sainchomhartha eile atá gar do d'áit a lua. Nó, má tá spás oifige tiomnaithe agat, b'fhéidir nár mhiste “oiriúnach don obair” a lua sa teideal. Cuidíonn sé seo le sonraí tábhachtacha a shoiléiriú d'aíonna.

Ní gá an focal “nua” a chur i dteideal liostaithe nua, toisc go mbíonn suaitheantas sna torthaí cuardaigh a chuireann an t-eolas sin in iúl d'aíonna cheana féin.

Léigh Polasaí Ábhair Airbnb

Seans gur athraigh an t-eolas atá sa mhír seo ó foilsíodh í.

Airbnb
17 Meith 2022
Ar chabhraigh sé seo leat?