Bord Comhairleach na nÓstach

Tá 23 óstach ar fud an domhain ar an mBord agus is iadsan guth ár bpobail óstach.
Zamani
Elena Gallo outside her listing next to a wall with potted flowers
 Lamine Madjoubi standing inside his listing leaning against a credenza with plants
Geoff Gedge outside on a brick path next to his listing
Arturo Blas inside his listing writing at a table
Clara Reeves
Ansel Troy

Cuir aithne ar na baill

Cuireann siad le heispéireas óstach Airbnb trína ndúil san óstáil, an méid a dhéanann siad ar mhaithe le pobail áitiúla, agus a ndearcthaí uathúla.
Andrea Henderson

Andrea Henderson

Na Stáit AontaitheThosaigh ag óstáil in 2018Thosaigh mé ag óstáil nuair a roinn mé mo theach le haíonna a bhí ag tabhairt cuairt ar Colorado. Ceann de na rudaí is fearr liom faoin óstáil ná gur féidir liom a bheith i mo shnaithe in inneach thaisteal gach aoi. Tugaim teaghlaigh agus cairde le chéile chun go mbeidh eispéireas acu a mairfidh cuimhne orthu go deo. Tá bród orm go bhfuil mé i mo cheannaire pobail ar Denver ó bhí 2022 ann.
Annik Rauh

Annik Rauh

An Ghearmáin Thosaigh ag óstáil in 2021 Ós rud é go bhfuil mo liostú Airbnb ar oileán Rügen sa Ghearmáin 400 ciliméadar ar shiúl ó mo bhaile dúchais Brandenburg an der Havel, is breá liom díriú ar fhanacht foirfe a chruthú d'aíonna cé nach bhfuil mé ann i mo steillbheatha.  Tá i bhfad níos mó ná focail i gceist, dar liom, agus mé ag déanamh cumarsáid le mo chuid aíonna.
Ansel Troy

Ansel Troy

Na Stáit AontaitheThosaigh ag óstáil in 2018Thosaigh mé ag óstáil le Airbnb in California agus ba é an cuspóir a bhí agam bheith i mo Sháróstach agus an dearcadh ar phobail a dtugtar neamhaird orthu san fháilteachas a athrú ó bhonn. Is breá liom spásanna uathúla a dhearadh agus caidreamh a dhéanamh le taistealaithe as ceithre hairde na cruinne.
Arturo Blas

Arturo Blas

An AirgintínThosaigh ag óstáil in 2017San Airgintín, chuir mé spéis in Airbnb mar bhealach chun scéalta agus traidisiúin Mheiriceá Laidinigh a roinnt leis an domhan. Dar liomsa, spreagann an fáilteachas mé le dáimh bharántúla a chothú i gcéin is i gcóngar. Agus mé i m'óstach, ní hamháin go gcuirim fáilte roimh aíonna, ach bím i m'ambasadóir dár gcultúr saibhir freisin.
Féach an phróifíl
Cinzia Nadalini

Cinzia Nadalini

An Iodáil Thosaigh ag óstáil in 2017Tá bród orm a bheith i mo Cheannaire Pobail agus i m'Ambasadóir Sáróstaigh ag Loch Como san Iodáil. Táim díograiseach faoi thacú le hóstaigh nua, éisteacht le mo phobal, cleachtais fáilteachais inbhuanaithe a chur chun cinn agus fanacht a chur ar fáil do mo chuid aíonna nach ndéanfaidh siad dearmad air go deo.
Féach an phróifíl
Clara Reeves

Clara Reeves

Na Stáit AontaitheThosaigh ag óstáil in 2017Is breá liom ár bpíosa de pharthas in Florida a roinnt le haíonna as gach cearn den domhan. Tá níos mó i gceist le hóstáil ná áit le fanacht a chur ar fáil—is éard atá i gceist caidreamh fónta a dhéanamh agus eispéiris dhodhearmadta a chruthú.
Féach an phróifíl
Dandara Buarque

Dandara Buarque

An Bhrasaíl Thosaigh ag óstáil in 2019Is Ceannaire Pobail áitiúil agus Ambasadóir Sáróstaigh mé in Maceió sa Bhrasaíl. Tá mo chroí istigh in Airbnb mar go ligeann sé dom caidreamh pearsanta a dhéanamh leis an oiread sin daoine agus cultúr éagsúil.
Féach an phróifíl
Dolly Duran

Dolly Duran

Na Stáit AontaitheThosaigh ag óstáil in 2017Thosaigh mé ag óstáil stiúideo beag i mo theach in Florida chun cabhrú liom an morgáiste a íoc. Tacaím le réadmhaoine iomadúla agus thóg mé ról orm féin mar Ambasadóir Sáróstaigh chun cabhrú le hóstaigh nua atá ag tosú.
Féach an phróifíl
Elena Gallo

Elena Gallo

An SpáinnThosaigh ag óstáil in 2015Agus mé i m'óstach in Marbella sa Spáinn, fuair mé amach gur breá go deo liom caidreamh a dhéanamh le haíonna as gach cearn den domhan agus eispéiris iontacha a chruthú dóibh. Tá an deis agam freisin tacú le hóstaigh eile mar Ambasadóir Sáróstaigh agus mar chomhóstach. Cuireann sin gliondar ar mo chroí agus tá an óstáil fíorspeisialta dom dá bharr.
Féach an phróifíl
Enoch Choi

Enoch Choi

An Chóiré TheasThosaigh ag óstáil in 2018Thosaigh mé ag óstáil le linn Chluichí Oilimpeacha an Gheimhridh in 2018, agus tá mé i m'óstach agus i m'Ambasadóir Sáróstaigh ó shin i leith. Tá sé tábhachtach dom tacú le hóstaigh shinsearacha agus iad i mbun a ngníomhaíochtaí eacnamaíocha.
Féach an phróifíl
Geoff

Geoff Gedge

An AstráilThosaigh ag óstáil in 2014Thosaigh mé ag óstáil san Astráil le linn na géarchéime domhanda airgeadais nuair a chaill mé mo phost. Rinne mé cuspóir nua den riachtanas nua. Is éard atá i gceist le hóstáil, dar liom, eispéiris a chruthú do mo chuid aíonna a mbeidh cuimhne acu orthu, cibé acu atá siad ag fanacht ag m'áit le ceiliúr pósta a chur, le 40 bliain ar an bhfód a chomóradh nó le ham a chaitheamh le cairde nó leis an teaghlach i bhfad ón saol.
Féach an phróifíl
Jue Murugu

Jue Murugu

An ChéiniaThosaigh ag óstáil in 2015Tá dúthracht ionam don óstáil. Agus mé i mo Cheannaire Pobail agus i m'Ambasadóir Sáróstaigh in Nairobi, cuireann sé áthas orm nuair a dhéantar Sáróstach de chuid de na daoine ar thug mé cúnamh dóibh.
Féach an phróifíl
Karen Belland

Karen Belland

CeanadaThosaigh mé ag óstáil in 2014Ní raibh ann ach jaibín breise ar dtús ach tháinig sé i mbláth go mór. Thosaigh mé ag óstáil nuair a rinne mé tearmann cluthar cois trá dár seangharáiste i gCeanada. Is chun pobail, caidreamh agus muintearas a chruthú a roinnim mo shaineolas óstála. Déanaim mo dhícheall lenár ndomhan a dhéanamh níos inbhuanaithe, níos cineálta agus níos ionchuimsithí do chách.
Féach an phróifíl
Katie Mead

Katie Mead

Na Stáit AontaitheThosaigh mé ag óstáil in 2014Is eachtra iontach é an óstáil a thosaigh in Palm Springs, California. Mar Ambasadóir Sáróstaigh agus mar Cheannaire Pobail, thacaigh mé le hóstaigh agus mhol mé rialacháin réasúnacha. Is breá liom a bheith ag óstáil mar is féidir liom a bheith i mo chuid bheag de scéal duine éigin. Maireann cuimhní iontacha taistil ar feadh an tsaoil.
Féach an phróifíl
Keshav Aggarwal

Keshav Aggarwal

An IndiaThosaigh mé ag óstáil in 2019Chláraigh mé le Airbnb chun eispéireas ealaíne sráide a óstáil i nDeilí san India, agus leathnaigh mé mo scóip chun tithe uathúla cré a óstáil. Is maith liom caidreamh cultúir a chothú agus mé i mo Cheannaire Pobail maidir le heispéiris.
Féach an phróifíl
Lamine Madjoubi

Lamine Madjoubi

An FhraincThosaigh mé ag óstáil in 2019Is ionann an óstáil dom agus taisteal sa bhaile sa Fhrainc—caidreamh a dhéanamh le daoine ar fud an domhain agus tuiscint a fháil ar a gcultúr. Is breá liom spás a chruthú a chuireann aíonna ar a suaimhneas chomh luath agus a shiúlann siad isteach. Is é a sonas agus a gcompord a fheiceáil an chuid is sásúla de.
Féach an phróifíl
Marielle Terouinard

Marielle Terouinard

An FhraincThosaigh mé ag óstáil in 2015 Tugann an óstáil léargas duit ar an domhan agus tá draíocht ann sin, dár liom. Thosaigh mé le Airbnb mar óstach i sráidbhaile beag in aice le Chartres sa Fhrainc, agus anois is Ceannaire Pobail gníomhach agus oibrí deonach mé.
Féach an phróifíl
Mauricio Bernal Cruz

Mauricio Bernal Cruz

MeicsiceoThosaigh mé ag óstáil in 2019Chuir mé cor i mo shaol nuair a d'oscail mé doirse mo thí do dhaoine as ceithre hairde na cruinne. Agus mé i mo Sháróstach agus i mo Cheannaire Pobail, is mór agam an áit a bhfuil cónaí orm. Is breá liom daoine eile a spreagadh chun an muintearas a bhaint amach, agus ghlac mé leis an deis le feabhas a chur ar mo thimpeallacht trí fháilteachas.
Féach an phróifíl
Rachel Melland

Rachel Melland

An Ríocht AontaitheThosaigh mé ag óstáil in 2015Beagnach deich mbliana tar éis dom pubaill yurt a óstáil den chéad uair ar ár bhfeirm i bPáirc Náisiúnta Peak District i Sasana, is breá liom go fóill aoibhneas na n-aíonna a fheiceáil nuair a thagann siad. Is Ambasadóir Sáróstaigh mé freisin.
Féach an phróifíl
Rie Matsumura

Rie Matsumura

An tSeapáinThosaigh mé ag óstáil in 2017Tá bród orm gur chuir mé fáilte roimh aíonna as cultúir éagsúla in Okinawa sa tSeapáin. Bhí mé i mo Cheannaire Pobail anseo ón tús, ag obair chun deiseanna óstála a leathnú ar an oileán.
Féach an phróifíl
Sarah Huang

Sarah Huang

An AstráilThosaigh mé ag óstáil in 2015Agus mé spreagtha ag Muhammad Yunus, buaiteoir Dhuais Nobel na Síochána, le bheith i mo chruthaitheoir poist seachas i mo chuardaitheoir poist, tháinig mé ar Airbnb. Agus mé i m'óstach Airbnb, tá an deis agam na rudaí is maith liom a dhéanamh agus saoirse airgeadais a bheith agam ag an am céanna. Is mar sin a d'éirigh liom mo chaithimh aimsire agus mo ghairm bheatha a chur le chéile, agus spreag sé mé le toradh an tsaoil agus Airbnb a fhoghlaim agus iniúchadh a dhéanamh air
Féach an phróifíl
Tatiya Uttarathiyang

Tatiya Uttarathiyang

An TéalainnThosaigh mé ag óstáil in 2014Is Ceannaire Pobail mé sa Téalainn agus is breá liom an dóigh a gcasann Airbnb daoine ar a chéile. Thosaigh mé ag óstáil mar chaitheamh aimsire, agus anois déanaim tithe agus eispéiris a óstáil agus a chomhóstáil go lánaimseartha.
Féach an phróifíl
Zamani Khumalo

Zamani Khumalo

An Afraic TheasThosaigh mé ag óstáil in 2019Is máthair agus Sáróstach Airbnb mé agus tá mo chroí istigh sa dúlra. Bhí sé de phribhléid agam fáilte a chur roimh thaistealaithe as gach cearn den chruinne isteach inár dteach. Tá sé d'aidhm agam go mothódh gach aoi gur cuid de mo theaghlach é nó í. Bhi sé ina aistear dochreidte, aistear inar cothaíodh eispéiris dhodhearmadta, caidreamh fónta agus foghlaim ar feadh an tsaoil. Táim an-bhuíoch go deo as a bheith i mo chuid de Airbnb.
Féach an phróifíl