Praghsáil ar Airbnb a thuiscint
Tá 3 chineál praghais ar Airbnb: bunphraghas, praghas don deireadh seachtaine agus praghas saincheaptha. Oibríonn siad le chéile chun do liostú a thabhairt chun suntais i gcaitheamh na bliana agus chun do spriocanna tuillimh a bhaint amach.
Tairgeann Airbnb leideanna pearsantaithe faoi phraghsanna do na 3 chineál praghais ar fad. I measc na dtosca a úsáideann siad tá suíomh, saoráidí, áirithintí roimhe seo agus na praghsanna is déanaí i do cheantar.
Bunphraghas
Is é do bhunphraghas an praghas réamhshocraithe ar gach oíche ar d'fhéilire. Roghnaíonn tú an praghas sin ar dtús in Airbnb Tús Maith, agus is féidir leat é a athrú i do shocruithe praghsanna ag am ar bith.
Feictear leid faoin mbunphraghas ina bhfuil praghas molta faoi bhun na huimhreach a chuireann tú isteach. Más mian leat praghas difriúil a shocrú, déan iarracht cothromaíocht a bhaint amach idir do chostais féin agus an méid a bheidh aíonna sásta a íoc. Seo cúpla rud le cur san áireamh.
- Do chostais óstála: Cuir rudaí amhail morgáiste, fóntais, cothabháil agus cánacha san áireamh.
- An luach ar airgead a chuireann tú ar fáil: Smaoinigh ar bhealaí chun do liostú a thabhairt chun suntais agus tarraing aird ar shaoráidí a bhfuil tóir orthu, ar ghnéithe inrochtaineachta agus ar ghaireacht do nithe is díol spéise sa cheantar.
- Liostuithe den chineál céanna: Bain úsáid as an uirlis phraghsála seo chun comparáid a dhéanamh idir meánphraghas na dtithe atá curtha in áirithe agus nach bhfuil curtha in áirithe ar léarscáil de do cheantar. Ní bheidh liostuithe den chineál céanna le feiceáil má úsáideann tú Praghsáil Chliste.
- An praghas iomlán a íocfaidh aíonna: Bíonn tionchar ar an bpraghas iomlán ag táillí a ghearrann tú, amhail táille ghlantacháin.
D'fhéadfadh bunphraghas níos ísle cabhrú leat do chéad aíonna agus do chéad léirmheasanna a mhealladh agus tú ag obair i dtreo do spriocanna tuillimh.
Praghas don deireadh seachtaine
Is féidir leat costas breise a chur leis don deireadh seachtaine, is é sin oícheanta Aoine agus Sathairn. Dá n-athrófá do phraghas de réir na hoíche, d'fhéadfadh sé cabhrú leat d'áirithintí a uasmhéadú.
Feictear leid faoi phraghsanna don deireadh seachtaine faoi bhun na huimhreach a chuireann tú isteach agus is méadú céatadáin é ar do bhunphraghas. Mura socraíonn tú praghas don deireadh seachtaine, bainfidh do bhunphraghas le gach lá den tseachtain.
Praghas saincheaptha
Is féidir leat praghas saincheaptha a shocrú d'oíche ar bith. Sáróidh sé sin do bhunphraghas nó do phraghas don deireadh seachtaine do na hoícheanta a roghnóidh tú.
Tá leideanna faoi phraghsanna in aghaidh na hoíche le feiceáil faoi bhun do phraghais shaincheaptha ar gach lá de d'fhéilire chun cabhrú leat praghas a chur ar laethanta éagsúla, ar shéasúir éagsúla agus ar imeachtaí speisialta.
An fáth nach bhfeiceann tú leideanna faoi phraghsanna
Mura bhfeiceann tú leideanna faoi phraghsanna, d'fhéadfadh sé a bheith amhlaidh ar na cúiseanna seo a leanas:
- Tá Praghsáil Chliste casta air
- Tá do phraghas laistigh den raon a mholtar
- Tá lascainí nó promóisin i bhfeidhm ar na hoícheanna sin cheana féin
- Níl go leor sonraí ann chun leideanna faoi phraghsanna a ghiniúint
Más mian leat do phraghas a choigeartú go huathoibríoch, cas Praghsáil Chliste air.
Is tusa a rialaíonn do phraghsáil agus do shocruithe eile i gcónaí. D'fhéadfadh do thorthaí a bheith éagsúil.
Seans gur athraigh an t-eolas atá sa mhír seo ó foilsíodh í.
