An chéad duine a chuirfidh tú fáilte roimhe nó roimpi a roghnú do do chéad áirithint
B'fhéidir go mbraithfeadh sé sách aisteach fáilte a chur roimh stráinséar i do theach den chéad uair. Chun suaimhneas intinne a thabhairt duit, tá teicneolaíochtaí i bhfeidhm againn chun cabhrú leis na rioscaí duit féin agus do do réadmhaoin a laghdú.
Mar Óstach nua, is féidir leat an cineál aoi le bheith ar an gcéad aoi a fhanfaidh i d'áitse a roghnú freisin. Sa chéim seo, roghnaigh an mian leat fáilte a chur roimh:
- aon aoi Airbnb
- aoi seanbhunaithe
Is éard atá i gceist le “aon aoi Airbnb” duine ar bith ar ball dár bpobal é nó í, daoine nua ina measc. Má phiocann tú an rogha seo, b'fhéidir go bhfaighfeá do chéad áirithint níos tapa, toisc go n-osclaíonn sé an doras do níos mó aíonna ionchasacha agus iad ag cuardach áiteanna le fanacht.
Is éard atá i gceist le haoi seanbhunaithe duine a bhfuil dea-theist aige nó aici ar thrí fhanacht ar a laghad ar Airbnb gan aon drochléirmheas. Fíoraíodh aitheantas gach aoi seanbhunaithe agus tá modh íocaíochta acu ar an gcomhad. Mar gheall ar an dea-theist sin, d'fhéadfadh sé nó sí an scanrúlacht a bhaint de bheith ag óstáil den chéad uair agus aiseolas cabhrach a thabhairt duit maidir leis an bhfanacht agatsa.
Is roghanna iontacha iad an dá rogha sin. Roghnaigh an ceann a oireann duitse.