Taispeánfar moltaí i ndiaidh duit an t-ionchur cuardaigh a chlóscríobh. Úsáid na saigheada suas agus síos chun athbhreithniú a dhéanamh. Úsáid Iontráil chun roghnú. Más frása é an roghnúchán, cuirfear an frása sin isteach lena chuardach. Más nasc é an moladh, nascleanfaidh an brabhsálaí chuig an leathanach sin.
Taispeánfar moltaí i ndiaidh duit an t-ionchur cuardaigh a chlóscríobh. Úsáid na saigheada suas agus síos chun athbhreithniú a dhéanamh. Úsáid Iontráil chun roghnú. Más frása é an roghnúchán, cuirfear an frása sin isteach lena chuardach. Más nasc é an moladh, nascleanfaidh an brabhsálaí chuig an leathanach sin.

Conas caidreamh a chothú

Míníonn óstaigh ardmholta mar a spreagann siad caidreamh le haíonna.
Le Airbnb ar an 13 Beal 2025
Nuashonraithe ar an 13 Beal 2025

Is mór ag aíonna deiseanna ar fíor-chaidreamh leat féin agus le haíonna eile. Cuir dáimh agus muintearas in iúl d'aíonna roimh an eispéireas, lena linn agus ina dhiaidh.

Caidreamh fiúntach a spreagadh

Cuir am i leataobh i do chúrsa taistil chun gur féidir le haíonna dáimh a fhorbairt leatsa, lena chéile agus le do phobal. D'fhéadfadh gníomhaíochtaí struchtúrtha agus neamhstruchtúrtha a bheith i gceist leis sin.

  • Pleanáil conas dul chun comhrá. Smaoinigh ar nod tapa, amhail fiafraí d'aíonna cá as dóibh. Bhí aíonna idirnáisiúnta ag Graciela, a óstálann rang cócaireachta i gCathair Mheicsiceo, uair amháin a fuair amach gur comharsana iad. “Tháinig caidreamh gan choinne as an gcur in aithne simplí sin,” ar sise.
  • Lig don ghrúpa meascadh lena chéile. D'fhéadfá iarraidh ar aíonna ábhar a phlé nó scéal a insint chun aithne a chur ar a chéile. “Buailim le daoine iontacha a bhfuil scéalta beatha iontacha acu,” arsa Alan, a óstálann turas ar Eas Niagara. “Agus is fearr leo eispéiris a dhéanamh chun bualadh le daoine. Teastaíonn an caidreamh pearsanta sin go mór uathu."
  • Cuir do phobal i láthair. Cuidigh le haíonna caidreamh a dhéanamh le muintir na háite, go réamhbheartaithe nó as maoil do chonláin. Deir Ruthy, a óstálann turas bia i Liospóin, gurb ise an nasc a cheanglaíonn aíonna agus an pobal le chéile. f “Is breá le haíonna é nuair a chuirimid an tseanbhean ar an tsráid in aithne dóibh.”

Má dhéanann tú athruithe chun am a thabhairt d'aíonna le caidreamh a dhéanamh, nuashonraigh do chúrsa taistil ionas go mbeidh a fhios acu an méid atá rompu.

An comhrá a threorú

Bí i dteagmháil le d'aíonna sa chluaisín Teachtaireachtaí roimh eispéireas agus ina dhiaidh.

  • Sceidealaigh teachtaireacht fáilte. Cuir tús leis an snáithe teachtaireachta grúpa le réamhrá. Fiafraigh díobh cad a bhfuil siad ag súil leis ón eispéireas agus an bhfuil duine ar bith ag ceiliúradh ócáid speisialta.
  • Cuir aithne ar gach grúpa. Bí páirteach sa chomhrá chun caidreamh pearsanta a chothú. Tá sonraí faoi d'aíonna le fáil sa chluaisín Inniu freisin, ina measc sin na rudaí a bhfuil suim acu iontu agus an áit arb as iad.
  • Bí i dteagmháil i ndiaidh an eispéiris. Roinn grianghraif, físeáin agus moltaí, agus spreag aíonna chun go ndéanfaidh siad amhlaidh. D'fhéadfadh sin an dáimh idir aíonna a threisiú agus an t-eispéireas a choinneáil i gcuimhne dóibh nuair a iarrfar orthu rátálacha agus léirmheasanna a thabhairt.

Caithfidh na hóstaigh, na grianghraif agus na sonraí liostaithe go léir na caighdeáin agus na riachtanais maidir le hEispéiris Airbnb a chomhlíonadh.

Seans gur athraigh an t-eolas atá sa mhír seo ó foilsíodh í.

Airbnb
13 Beal 2025
Ar chabhraigh sé seo leat?