Do chéad aíonna a mhealladh
Anois agus d'Eispéireas Airbnb foilsithe, is féidir leat díriú ar aíonna a mhealladh. Cuir le d'infhaighteacht, socraigh praghas iomaíoch agus faigh do chéad léirmheasanna 5 réalta agus beidh an ghaoth i do chúl.
Nuashonraigh d'fhéilire
Ní bheidh do liostú le feiceáil ar Airbnb go dtí go gcuirfidh tú le d'infhaighteacht. Nuashonraigh d'fhéilire láithreach ionas gur féidir le haíonna áirithint a dhéanamh. Cinn cé chomh minic agus a thairgfidh tú an ghníomhaíocht de réir a faid, d'infhaighteachta agus do spriocanna gnó. Má tá comhóstach agat, cinn na hamanna a óstálfaidh gach duine agaibh an t-eispéireas.
Chun cur le d'infhaighteacht, roghnaigh lá is mian leat a óstáil agus tapáil Sceidealaigh eispéireas. Roghnaigh an t-am, an cineál áirithinte, an praghas, méid an ghrúpa agus sonraí eile. Is féidir leat bac a chur ar am roimh ghníomhaíocht agus ina diaidh le haghaidh obair ullmhúcháin nó glantacháin.
Bain triail as na leideanna seo chun do liostú a thabhairt chun suntais.
- Cuir le d'infhaighteacht: Dá mhéad dátaí agus amanna a chuireann tú ar fáil, is ea is mó áirithintí is dócha a gheobhaidh tú. Is minic a thairgeann óstaigh rathúla eispéireas 10 n‑uaire nó níos mó in aghaidh na míosa, lá amháin ar a laghad gach seachtain ag an deireadh seachtaine san áireamh.
- Pleanáil roimh ré: Cuireann a lán óstach suas le 3 mhí lena n‑infhaighteacht chun an seans go gcuirfear in áirithe iad a mhéadú. Is féidir leat eispéireas a thairgeann tú go laethúil a sceidealú suas le 60 lá roimh ré agus eispéireas a thairgeann tú go seachtainiúil suas le 52 seachtain roimh ré.
- Sioncronaigh d'fhéilirí: Sioncronaigh d'fhéilire Airbnb agus d'fhéilire gnó Google chun gach rud a rianú san aon áit amháin agus áirithintí dúbailte de thaisme a chosc. Mar shampla, nuair a chuirtear oíche in áirithe i bhféilire amháin, cuirtear bac uirthi go huathoibríoch ar an bhféilire eile.
- Aimsigh deiseanna: Nuair a thosóidh tú ag óstáil, aithin amanna ciúine agus amanna gnóthacha, agus smaoinigh ar d'infhaighteacht agus do phraghas a choigeartú dá réir. Dá mhéad infhaighteachta a thairgeann tú anois, is ea is mó seans go mbeidh tú in ann freastal ar thréimhsí ina bhfuil an t-éileamh ard.
Socraigh praghas iomaíoch
Mionchoigeartaigh do phraghas chun do chéad áirithintí a fháil agus dul ó neart go neart. Tá 4 phríomhthoisc le cur san áireamh.
- Costais oibriúcháin: Bí cinnte gur leor do phraghas chun do chuid costas a íoc.
- Ioncam: Uaireanta, d'fhéadfadh praghas níos ísle in aghaidh an duine níos mó aíonna a mhealladh agus d'ioncam a mhéadú. Mar shampla:
- Ceathrar aíonna a rinne áirithint ar $75 USD an duine = $300 USD
- Ochtar aíonna a rinne áirithint ar $60 USD an duine = $480 USD
- Eispéiris den chineál céanna: Cuardaigh gníomhaíochtaí atá cosúil le do cheannsa ar Airbnb agus ar ardáin eile chun comparáid a dhéanamh idir praghsanna áitiúla agus chun tuiscint a fháil ar an méid a bheadh iomaíoch. Is é idir $65 agus $81 USD an meán-phraghasraon domhanda ar Eispéireas Airbnb.*
- An praghas iomlán: Ní mór gach táille agus gach séisín a bheith san áireamh i do phraghas.
Bealach eile chun do liostú a thabhairt chun suntais is ea lascaine a thairiscint. Tá 3 lascaine ar fáil i do shocruithe praghsanna.
- Am teoranta: Tairg lascaine atá idir 5% agus 50% go ceann 90 lá chun do chéad aíonna agus léirmheasanna luatha a mhealladh.
- Luatháirithint: Tabhair lascaine 20% d'aíonna a dhéanfaidh áirithint níos mó ná coicís roimh ré. Meallann sin taistealaithe a bhíonn ag pleanáil chun tosaigh agus cabhraíonn sí leat d'fhéilire a líonadh.
- Grúpa mór: Is féidir leat rátaí lascainithe in aghaidh an duine a shocrú chun grúpaí móra a mhealladh. Mar shampla, d'fhéadfá lascaine 10% a thairiscint do bheirt nó triúr, lascaine 20% do cheathrar nó do chúigear agus lascaine 30% do níos mó ná seisear. Cuireann formhór na n-aíonna eispéireas in áirithe in éineacht le duine amháin eile ar a laghad.*
Má tá do lascaine níos mó ná 10% ar do phraghas iomlán, feiceann aíonna an praghas lascainithe in aice leis an mbunphraghas agus líne tríd sna torthaí cuardaigh agus ar do liostú.** Má chuireann tú níos mó ná lascaine amháin ar fáil, gheobhaidh an t-aoi an lascaine is mó a spárálann airgead air nó uirthi. Ní féidir lascainí iomadúla a fháil ar an áirithint chéanna.
Tairg áirithintí príobháideacha
B'fhéidir gur mian leat d'eispéireas a thairiscint d'aoi nó do ghrúpa ar leith ar phraghas saincheaptha. Mar shampla, is bealach iontach é d'eispéireas a roinnt le baill teaghlaigh agus le cairde ar phraghas níos ísle nó saor in aisce chun do chéad léirmheasanna 5 réalta a fháil.
Chun babhta príobháideach a chruthú, roghnaigh dáta agus am ar d'fhéilire, tapáil Cuir in eagar agus socraigh an infheictheacht go príobháideach. Cóipeáil an nasc saincheaptha agus roinn le haoi nó le grúpa ar leith é. Ní féidir ach le haíonna a ghlacann páirt san áirithint léirmheas a scríobh.
*Bunaithe ar áirithintí Eispéireas Airbnb ón 13 Bealtaine 2025 go dtí an 20 Iúil 2025, i 30 cathair ar fud an domhain
**Caithfidh an lascaine a bheith $3 USD ar a laghad, nó a chomhluach áitiúil, ar an bpraghas iomlán
Is tusa a rialaíonn do phraghsáil agus do shocruithe eile i gcónaí. D'fhéadfadh do thorthaíse a bheith éagsúil.
Seans gur athraigh an t-eolas atá sa mhír seo ó foilsíodh í.
