Hairicín Helene

Déanann an téarnamh i ndiaidh hairicín laochra de strainséirí

Is baile beag gleoite é Old Fort, North Carolina, atá suite i gcoinne Shléibhte Blue Ridge. Ar ghnáthlá, téann sruthán ag boilgearnach faoi dhroichid chlúdaithe fad a thaiscéalann rothaithe agus siúlóirí Foraois Náisiúnta Pisgah in aice láimhe.'Má tá cónaí ort anseo le fada, ní féidir leat dul chuig an siopa fiú gan 20 duine a bhfuil aithne agat orthu a fheiceáil,' arsa Melissa, cónaitheoir saoil san áit, a bhfuil aithne aici ar bheagnach gach duine sa bhaile.
Tá bean ar a bhfuil geansaí buí agus jíons ina seasamh taobh thiar de dhoras dearg agus miongháire uirthi.
D'oscail Melissa gach ceann dá trí theach Airbnb do mhuintir na háite a bhí easáitithe agus d'oibrithe deonacha, saor in aisce.
Ar an 26 Meán Fómhair 2024, dhoirt Hairicín Helene os cionn 15.5 orlach báistí i dtrí lá. Rinneadh aibhneacha fraochmhara de shrutháin réidhe, baineadh tithe dá mbunsraith agus stoitheadh crainn a bhí ina seasamh leis na glúnta. Tháinig sciorrthaí láibe ina ndíle le fánaí sléibhte, anuas ar ghluaisteán, ag gearradh cumhachta agus crainn cheallacha, agus ag scoitheadh comharsanachtaí óna chéile—agus comharsana óna chéile.
Teach buí leathleagtha agus smionagar timpeall air ar lá geal le spéartha gorma.
Rinne Hairicíní Helene agus Milton damáiste do bhreis agus 73,000 teach ar fud Iarthar North Carolina.
'Ní fhéadfá cur síos a dhéanamh ar an mothúchán sin—cuireadh saol gach duine bunoscionn i bhfaiteadh na súl', arsa MelissaD'fhreagair an pobal láithreach, mar is dual do mhuintir Old Fort. 'Tá feithicil ag gach duine le tiomáint thart, agus mar sin, laistigh de 30 nóiméad, thosaigh na daoine go léir ag teacht lena sábha slabhracha agus lena n-uirlisí chun iarracht a dhéanamh rudaí a chur as an mbealach.' Tá Melissa ina hóstach Airbnb le hocht mbliana. Tá trí theach Airbnb sa cheantar aici a bhainistíonn sí—ceann in Old Fort, ceann in Asheville agus ceann in Black Mountain. 'Is breá liom Iarthar North Carolina, agus is breá liom daoine a chur ar a suaimhneas a oiread agus is féidir—bídís anseo ar a laethanta saoire nó chun cabhrú lenár bpobal rudaí a chur ina gceart arís.'
Cuireann bean agus buachaill táirgí páipéir isteach i mbúit SUV dhuibh os comhair tí.
Rinne Hairicíní Helene agus Milton damáiste do bhreis agus 73,000 teach ar fud Iarthar North Carolina.

'Ní fhéadfá cur síos a dhéanamh ar an mothúchán sin—cuireadh saol gach duine bunoscionn i bhfaiteadh na súl.'

Ó tharla an hairicín, d'oscail Melissa a tithe trí Airbnb.org do 24 ghrúpa oibrithe deonacha agus 13 theaghlach atá easáitithe ag an hairicín. 'Gach lá feiceann tú postáil ghrúpa a deir go bhfuil a n-eaglais nó a n-eagraíocht neamhbhrabúis ag teacht le dóthain bia chun 2,000 duine a bheathú,' ar sise. 'Tá daoine ann fós nach bhfuil cumhacht ná post acu.'
Tá beirt bhan ina seasamh ar gach taobh de bhean scothaosta, a bhfuil grianghraf ina lámh aici, agus iad ag déanamh miongháire os comhair toilg i seomra suí teolaí.
Rinne Melissa agus duine dá haíonna, Amanda, cairdeas le Miss Joyce, a bhfuil cónaí uirthi sa cheantar le fada an lá

'D'éirigh linn roinnt daoine áitiúla a óstáil, daoine a chaill a dteach agus daoine eile nach raibh cumhacht ná uisce agus idirlíon acu.'

Tháinig Amanda, oibrí deonach as Jamestown, North Carolina, chuig teach Airbnb Melissa agus ualach clúidíní, bainne foirmle agus soláthairtí éigeandála aici lena ndáileadh. Rinneadh misean teaghlaigh as an bhfanacht amháin sin. Thug Amanda a clann, Avis, 13, agus Briggs, 10, ar thurais léi ina dhiaidh sin, rud a d'athraigh lóistín Melissa ina bhunáit le haghaidh oibríochtaí fóirithinte. Trí mhí i ndiaidh Hairicín Helene, tá Old Fort fós ag streachailt le teacht chuige féin. Ach le linn na géarchéime ar fad, tá réadmhaoin Melissa fós ina lóchrann dóchais, a thairgeann foscadh agus muintearas dóibh siúd a chuidíonn lena baile dúchais a atógáil.'D'éirigh linn roinnt daoine áitiúla a óstáil a chaill a dteach agus daoine eile nach raibh cumhacht agus uisce agus idirlíon acu—agus bhíomar in ann Starlink a nascadh fiú, rud a chabhraigh go mór. Agus, ar ndóigh, d'óstálamar go leor oibrithe deonacha a tháinig thar an stát isteach chun cabhrú linn.'
Tá bean ar a bhfuil jíons, cóta dubh agus miongháire ina seasamh in aice le buachaill ar a bhfuil jíons agus cóta gorm, agus a lámh timpeall air.
Bhí teaghlach Amanda páirteach sna hiarrachtaí deonacha.
Sháigh na páistí iad féin isteach in iarrachtaí téarnaimh. Scríobh Avis nótaí spreagúla lena gcur i seachadtaí béile, agus rinneadh 'fostaí oinigh na míosa' de Briggs ag an ionad tabhartas, é ag beannú do gach carr a tháinig tríd an líne. 'Ní fhaca mé riamh é ag obair chomh crua,' arsa Amanda. 'Cor cinniúnach a bhí ann.'Bhí sé deacair na laethanta a dhealú ó chéile leis an ngníomhaíocht sheasta. 'D'éirímis ag breacadh an lae. A luaithe a bhíodh an ghriain ina suí, bhímís amuigh, ag déanamh seachadtaí go dtí 9pm uaireanta,' arsa Melissa.
Tá dhá nóta lámhscríofa i lámh scothaosta os comhair balla adhmaid taobh istigh de theach.
Chuir clann Amanda, Avis agus Briggs, iontas ar Miss Joyce le nótaí tacaíochta.
I measc an léirscriosta, d'aimsigh Melissa dóchas in áiteanna gan choinne. Mar shampla, nuair a dhiúltaigh Avis imeacht, í i bhfolach sa teach chun fanacht in aice le Miss Joyce, an cónaitheoir scothaosta a raibh cairdeas aici léi, nó nuair a d'inis Amanda di go ndúiseodh Briggs ag 6am ag fiafraí, 'An bhfuilimid chun dul go teach Melissa? Céard a dhéanfaimid inniu?'I gcás Melissa, ba ríléir di an fáth ar oscail sí a teach do thaistealaithe an chéad lá riamh. 'Tá sé corraitheach go ndearna duine nach as an áit seo gealltanas chomh mór sin dár bpobal', ar sise. 'Tá siad ar nós cuid dár dteaghlach tar éis achar gearr ama.'
Beireann beirt bhan barróg ar bhean scothaosta agus déanann siad miongháire os comhair doras adhmaid tí.
Míonna tar éis na stoirme, bhláthaigh cairdeas ó chuairteanna le bia agus soláthairtí.
Beirt ina suí ag bord i seomra teolaí ina bhfuil seilfeanna leabhar sa chúlra, déanann siad miongháire agus iad ag plé rud éigin atá ar fhón.

Bí páirteach

Bí páirteach sa phobal, ina bhfuil breis agus 60,000 óstach, a chuireann tithíocht éigeandála ar fáil le linn géarchéime.

Baineann scéal le gach fanacht

Cuir aithne ar na daoine atá thíos le tubaistí, agus orthu siúd a chabhraigh leo.