Bord Comhairleach na nÓstach Tí

Is óstaigh den scoth iad baill den bhord agus iad i gcomhpháirtíocht le Airbnb chun tionchar a imirt ar thodhchaí na hóstála. Roghnaítear óstaigh de réir a saineolais, a bhfáilteachais agus an tionchar atá acu ina bpobal.
Andrea Henderson

Andrea Henderson

Na Stáit AontaitheAg óstáil ó 2018Ceann de na rudaí is fearr liom faoin óstáil is ea gur snaithe mé in inneach thaistil gach aoi. Tugaim teaghlaigh agus cairde le chéile chun go mbeidh turas acu a mairfidh ina gcuimhne go deo. Tá bród orm freisin as freastal ar óstaigh i mo cheantar mar Cheannaire Pobail.
Andreia

Andreia Palma

An PhortaingéilAg óstáil ó 2016Óstálaim árasáin ar le mo sheantuismitheoirí iad. Is é mo mhisean rialacháin chóra maidir le lóistín ar chíos gearrthéarmach a mholadh agus is é sásamh na n‑aíonna a spreagann mé. Is trí Airbnb, áit a bhfuil mé i mo Cheannaire Pobail, a chuir mé aithne ar chuid de na cairde is fearr dá bhfuil agam.
Annik

Annik Rauh

An GhearmáinAg óstáil ó 2021Tá mo liostú ar oileán Rügen 400 ciliméadar ar shiúl ón áit a bhfuil cónaí orm. Táim dírithe ar eispéireas foirfe a eagrú d'aíonna cé nach bhfuil mé ann go fisiciúil. Tá i bhfad níos mó ná focail i gceist sa chumarsáid le m'aíonna, dar liom.
Ansel

Ansel Troy

Na Stáit AontaitheAg óstáil ó 2018Bhí sé de chuspóir agam, nuair a thosaigh mé ag óstáil, an dearcadh ar phobail imeallaithe sa tionscal fáilteachais a athrú ó bhonn agus bheith i mo Sháróstach. Is breá liom spásanna uathúla d'aíonna a dhearadh agus caidreamh a dhéanamh le taistealaithe as ceithre hairde na cruinne.
Féach an phróifíl
Arturo

Arturo Blas

An AirgintínAg óstáil ó 2017D'fhoghlaim mé go bhfuil mé in ann scéalta agus traidisiúin Mheiriceá Laidinigh a roinnt agus feidhmiú mar ambasadóir dár gcultúr saibhir agus mé i m'óstach. Spreagann an fáilteachas mé le dáimh bharántúil a chothú le haíonna i gcéin is i gcóngar.
Féach an phróifíl
Ayu

Ayu Martiasih

An IndinéisAg óstáil ó 2013Is fiontar teaghlaigh é tithe agus eispéiris a óstáil le m'fhear céile. Bíonn ár n‑iníon ag óstáil anois, agus cuidíonn ár mac atá sna déaga leis an nglanadh. Tá neart cairdis againn agus scéalta ó aíonna agus ónár bpobal, agus tá saol níos saibhre againn ná mar a mbeimis ag súil leis riamh.
Féach an phróifíl
Baljeet

Baljeet Singh

An IndiaAg óstáil ó 2018Tá an óstáil anois ina cuid shuntasach de mo shaol toisc go gcuireann sí ar mo chumas fealsúnacht na hIndia a chur i bhfeidhm, mar atá, “Atithi Devo Bhava”, an creideamh go bhfuil aoi ar chomhchéim le Dia. Thosaigh mé le hárasán beag, ach anois bainistím i bhfad níos mó réadmhaoine.
Féach an phróifíl
Bree

Bree Nield

An AstráilAg óstáil ó 2017Fuair mé amach go dtaitníonn sé go mór liom áiteanna fanachta lán mionsonraí a chruthú d'aíonna nuair a rinne mé athchóiriú ar 2 aonad a bhí ag titim as a chéile. Tá tionchar ag mo chúlra i maisiú cácaí orm, ceird ina bhfuil cruinneas agus fáilteachas croíúil ríthábhachtach. Is Ceannaire Pobail agus Ambasadóir Sáróstaigh mé.
Féach an phróifíl
Brunello

Brunello Negrini

An BhrasaílAg óstáil ó 2011B'aoi mé ar dtús agus bhí mé ag iarraidh a bheith i m'óstach láithreach. Agus mé i mo Cheannaire Pobail le fada an lá, cuidím le hóstaigh eile fás. Is é mo mhisean léargas ó óstaigh, ó aíonna agus ó mo thaithí féin a thabhairt chuig Airbnb ar mhaithe leis an margadh ar fad agus le mo phobal.
Féach an phróifíl
Cinzia

Cinzia Nadalini

An IodáilAg óstáil ó 2017Agus m;e i mo Cheannaire Pobail agus i m'Ambasadóir Sáróstaigh, táim díograiseach faoi thacú le hóstaigh nua agus faoi éisteacht le mo phobal. Mar óstach, cuirim fáilteachas inbhuanaithe chun cinn agus déanaim iarracht i gcónaí tréimhsí fanachta den scoth a chur ar fáil do m'aíonna.
Féach an phróifíl
Claire

Claire Howard-Jones

An Ríocht AontaitheAg óstáil ó 2018Thosaigh an scéal nuair a bhí seomraí breise agam i mo theach agus mé ag iarraidh cuideachta agus mo iníonacha ar shiúl. Agus seantaithí agam ar an taisteal, ba rud nádúrtha é mo dhoirse a oscailt. Is beag rud atá níos fearr ná miongháire a fheiceáil ar aghaidh aíonna.
Féach an phróifíl
Clara

Clara Reeves

Na Stáit AontaitheAg óstáil ó 2017Tá i bhfad níos mó i gceist le hóstáil ná áit le fanacht a chur ar fáil—tá dáimh dhílis agus eachtraí dodhearmadta i gceist. Tá áthas orm ár bpíosa grianmhar de pharthas a roinnt le haíonna as gach cearn den domhan.
Féach an phróifíl
Elena

Elena Gallo

An SpáinnAg óstáil ó 2015Is breá liom caidreamh a dhéanamh le haíonna as gach cearn den domhan agus tréimhsí fanachta iontacha a chruthú. Braithim go bhfuil an óstáil fíor-speisialta dom agus cuireann sí sonas mór orm toisc go bhfuil an deis agam ar thacú le hóstaigh eile mar Ambasadóir Sáróstaigh agus mar chomhóstach.
Féach an phróifíl
Elizabeth

Elizabeth Muckensturm

Na Stáit AontaitheAg óstáil ó 2017Bhí mé i m'aoi agus mé ag críochnú mo dhochtúireachta, rud a spreag mé chun dul i mbun óstála. Anois is Ceannaire Pobail, Ambasadóir Sáróstaigh agus comhóstach mé. Is breá liom aithne a chur ar dhaoine nach mbeinn ag súil leo agus scéalta a chloisteáil ó aíonna agus ó óstaigh.
Féach an phróifíl
Enoch

Enoch Choi

South KoreaHosting since 2018I started hosting during the 2018 Winter Olympics. It’s especially meaningful to me to support seniors as they discover economic opportunities and create fulfilling twilight chapters through hosting. I’m also a Superhost Ambassador. 
Féach an phróifíl
Geoff

Geoff Gedge

An AstráilAg óstáil ó 2014Le linn na géarchéime domhanda airgeadais, chaill mé mo phost agus thosaigh mé ag óstáil. Rinne mé cuspóir nua den riachtanas. Is éard atá i gceist le hóstáil tréimhsí fanachta a chruthú a mbeidh cuimhne orthu, cibé acu atá aíonna ag fanacht ag m'áit le haghaidh ceiliúir pósta, comóraidh nó rud éigin eile.
Féach an phróifíl
Jorge

Jorge Ramos

MeicsiceoAg óstáil ó 2017Thosaigh m'eachtra san óstáil ar Airbnb nuair a liostaigh mé spás beag i mo sheomra suí chun airgead a choigilt le bheith in ann taisteal. Inniu, chomh maith leis an mionlochta atá agam féin agus ag mo bhean chéile, cuidím le comharsana agus le cairde a gcuid spásanna a bhainistiú.
Féach an phróifíl
Karen

Karen Belland

CeanadaAg óstáil ó 2014Rinne mé tearmann cluthar cois trá dár seangharáiste mar sheachobair. Is chun pobail, caidreamh agus muintearas a chruthú a roinnim mo shaineolas fáilteachais. Déanaim mo dhícheall lenár ndomhan a dhéanamh níos inbhuanaithe agus níos ionchuimsithí do chách.
Féach an phróifíl
Lamine

Lamine Madjoubi

An FhraincAg óstáil ó 2019Dearaím spásanna a chuireann aíonna ar a suaimhneas ag siúil isteach dóibh. Is ionann an óstáil dom agus taisteal sa bhaile—bualadh le haíonna as tíortha eile, tuiscint a fháil ar a gcultúr agus sonas agus compord a chur ar fáil. 
Féach an phróifíl
Nathan

Nathan Waldon

Na Stáit AontaitheAg óstáil ó 2016Agus mé ag óstáil ag an deireadh seachtaine i dtearmann atá i bhfolach faoi chrainn chrónghiúise, fuair mé amach láithreach go dtaitníonn sé liom spás teolaí a chruthú agus caidreamh a dhéanamh le taistealaithe. Ag óstáil dom agus mé i mo Cheannaire Pobail, is breá liom daoine níos mó ná mar a mbeinn ag súil leis.
Féach an phróifíl
Sophie

Sophie Begusseau

An FhraincAg óstáil ó 2021Is breá liom fáilte a chur roimh theaghlaigh chuig mo theach agus cur le rath a dturais le leideanna faoin gceantar a thabhairt ó dhuine de bhunadh na háite. Is Ceannaire Pobail agus Ambasadóir Sáróstaigh mé, agus cabhraím le hóstaigh nua agus óstaigh sheanbhunaithe rath a bhaint amach. Is eachtra dhaonna amach is amach é Airbnb.
Féach an phróifíl
Yusuke

Yusuke Komori

An tSeapáinAg óstáil ó 2015Chuireamar croí agus anam isteach i dtithe stairiúla baile mhóir (Machiya) agus i dteach beag aíochta in aice lenár dteach a athchóiriú. Is é an chuid is fearr de fáilte a chur roimh thaistealaithe agus iad a fheiceáil ag déanamh miongháire nuair a bhaineann siad sult as ár spásanna agus nuair a aimsíonn siad na háiteanna ceilte a mholaimid.
Féach an phróifíl
Zamani Khumalo

Zamani Khumalo

An Afraic TheasAg óstáil ó 2019D'óstáil mé aíonna as gach cearn den domhan. Tá sé d'aidhm agam go mothódh gach aoi gur cuid de mo theaghlach é nó í. Tugaim iarracht ar thráthanna dodhearmadta agus caidreamh dílis a chothú, agus táim an-bhuíoch go deo as a bheith i mo chuid de Airbnb.
Féach an phróifíl