Airbnb 2021
Seoladh an Gheimhridh

Breis agus 50 uasghrádú chun go mbeidh Airbnb níos fearr fós

Seo chugaibh AirCover d'Óstaigh

Cosaint ó bhun go barr. San áireamh agus saor in aisce i gcónaí. Ar Airbnb amháin.

Cosaint ó bhun go barr. San áireamh agus saor in aisce i gcónaí. Ar Airbnb amháin.

Árachas dliteanais $1M USD

Tá tú faoi chosaint—fiú ar an drochsheans go ngortófaí aoi.

Cosaint damáiste $1M USD

Clúdaímid damáiste a dhéanann aíonna do do spás is do do rudaí, lena n-áirítear nithe luachmhara.

Cosaint ar dhamáiste a dhéanann peataí

Ná bíodh imní ort: clúdaítear an damáiste gan choinne a dhéanann aíonna ceathairchosacha.

Cosaint ar ghlanadh cuimsitheach

Déanaimid costais ghlantacháin gan choinne a chúiteamh leat.

Cosaint ar chaillteanas ioncaim

Aisíocann Airbnb ioncam caillte sa chás go gcuireann tú áirithintí deimhnithe ar ceal mar gheall ar dhamáiste.

Tréimhse 14 lá lena chur isteach

Tá 14 lá agat anois chun damáiste a thuairisciú - fiú má tá áitihintí díreach i ndiaidh a chéile agat.

Aisíocaíochtaí gasta

Aisíocfaimid thú as damáistí a rinne aoi go gasta—laistigh de choicís de ghnáth.

Nós imeachta níos tapa do Sháróstaigh

Tá rochtain ag Sáróstaigh ar líne thiomnaithe tacaíochta le ródú tosaíochta.

Faigh tuilleadh eolais fós faoi AirCover d'Óstaigh agus gach rud a thairgtear leis, mar aon leis na téarmaí agus na coinníollacha, .

Nuálaíochtaí nach bhfaighidh tú ach ar Airbnb

Translation Engine

An teicneolaíocht aistriúcháin is forásaí a tairgeadh riamh dár bpobal.

Athbhreithniú inrochtaineachta

Déanaimid athbhreithniú ar gach gné inrochtaineachta a chuireann Óstaigh áiteanna fanachta isteach le haghaidh cruinneas 100%.

Wi-Fi deimhnithe

Ceadaíonn ár n-uirlis nua tástála luais d’aíonna a chinntiú go gcomhlíonann an WiFi i liostú a gcuid riachtanas.

Tá mé (fiú níos) Solúbtha

Cuardaigh suas le 12 mhí roimh ré, agus déan iniúchadh ar níos mó cineálacha áiteanna fanachta uathúla.

An cluaisín Turas feabhsaithe

Cuireann an cluaisín athdheartha Turas do chuid sonraí tábhachtacha taistil ar fad go háisiúil san aon áit amháin.

Leathnú ar Cuir ceist ar Sháróstach

Is féidir le hÓstaigh nua teagmháil a dhéanamh le Sáróstach faoi choinne cuidiú duine le duine atá bunaithe ar thaithí.

Eispéireas aoi níos cliste, níos simplí

Aistriúchán fíor-ama

Ní gá duit cnaipe aistriúcháin a thapáil a thuilleadh chun ábhar i do theanga féin a léamh.

Aistriúcháin níos fearr

Aistriúcháin fheabhsaithe do níos mó ná 99% de liostuithe Airbnb, bunaithe ar staidéar tríú páirtí.

62 bealach le “Fáilte” a rá

Tá gach liostú agus gach léirmheas ar fáil láithreach i ngach teanga a dtacaímid léi ar fud an domhain.

Scagairí cuardaigh feabhsaithe

De bharr scagairí inrochtaineachta níos suntasaí tá sé éasca áiteanna fanachta a fháil le haghaidh éagsúlacht riachtanas.

Inrochtaineacht Eispéireas

Tá gnéithe cosúil le “teanga chomharthaíochta” nó “gan aon chéimeanna” ar taispeáint go soiléir anois le haghaidh Eispéireas.

Stair íocaíochtaí aoi

Tá idirbhearta aoi (aisíocaíochtaí, admhálacha agus go leor eile) ar fáil go héasca anois.

Comhaireamh síos do do sheiceáil isteach

Anois tá cluaisín níos cliste agus níos iomasaí ann ina gcomhairtear na laethanta go dtiocfaidh tú.

Sonraí inlíne maidir leis an tseiceáil isteach

Tá do chuid eolais don tseiceáil isteach le feiceáil anois mar aon le do chuid sonraí áirithinte.

Ríl de bhuaicphointí an Eispéiris

Faigh spreagadh ó fhíseáin um Eispéiris thumthacha gar don cheann scríbe a bheidh agat.

Deilbhíní léarscáile d'Eispéiris Nua

Cuireann an léarscáil seo béim ar Eispéiris a bhfuil clib orthu de réir cineáil, cosúil le bia, an saol amuigh faoin aer, agus go leor eile.

Rudaí le déanamh, díreach duitse

Molaimid na hEispéiris is fearr duit bunaithe ar cé leis a bhfuil tú agus cá mbeidh tú.

Mianliosta le cairde

Anois is féidir le do chairde féachaint ar do Mhianliostaí trí chliceáil nó trí thapáil uair amháin, gan aon síniú isteach ag teastáil.

Cártaí bronntanais athshamhlaithe

Tabhair saoirí gearra mar bhronntanais i mbliana le níos mó bealaí chun cártaí bronntanais Airbnb a aimsiú, a cheannach agus a fhuascailt.

Téann cártaí bronntanais ar fud an domhain

Seol sonas le cártaí bronntanais Airbnb, atá ar fáil in AU, CA, DE, FR, IT, SP agus sa Ríocht Aontaithe.

Cuardach polasaí an Ionaid Cabhrach

Ag lorg polasaí ar leith? Faigh a bhfuil uait lenár n-uirlis cuardaigh aonair.

Óstáil atá níos éasca fós

Meaitseáil do Cheisitgh Sáróstach

Déanfaimid tú a phéireáil le Sáróstach, bunaithe ar do shuíomh, do theanga agus do liostú.

Cabhair phraiticiúil do liostú

An dteastaíonn uait súil duine eile a chaitheamh ar do liostú? Faigh leideanna ó Sháróstach ar an méid a d’oibrigh dóibh.

Sárchabhair ó Sháróstaigh

Haigh! ¡Hola! Bonjour! Ceangail le Sáróstach i mbreis agus 30 teanga in 196 tír.

Ag tosú amach, simplithe

Cuir fáilte roimh aíonna nua in aon chéim amháin ag úsáid sreabhadh simplithe ionduchtaithe sa chluaisín Inniu.

Sonraí áirithinte an táib Inniu

Déan athbhreithniú ar áirithintí nua agus freagair go tapa dóibh gan an cluaisín Inniu a fhágáil.

Foláirimh Óstaigh an táib Inniu

Anois ní thaispeánann an cluaisín Inniu ach foláirimh Óstaigh, ní na foláirimh aoi a fhaigheann tú agus tú ag taisteal.

leideanna saincheaptha an táib Inniu

Faigh leideanna pearsantaithe maidir le do liostú a uasghrádú, amhail saoráidí a thaitin go mór le haíonna a chur leis.

An cluaisín Inniu d'Óstaigh Gairmiúla

Úsáideoirí Pro tools, bígí sásta! Anois is féidir leat an cluaisín Inniu a úsáid fiú má tá liostuithe iolracha agat.

Uirlis tástála luais Wi-Fi

Is féidir le hOstaigh luas Wi-Fi a liostaithe a thástáil go háisiúil laistigh de aip Airbnb.

Réamhamharc praghais d’Óstaigh

Seiceáil praghsáil do liostaithe de réir mar a fheictear d’aíonna í.

Táillí glantacháin ghearrfhanachta

Roghnaigh táille ghlantacháin níos ísle a thairiscint le haghaidh tréimhsí oíche agus dhá oíche.

Rogha táille peataí

Anois is féidir leat a roghnú táille peataí a chur le do phraghas oíche.

Aisíocaíochtaí ar Eispéiris

Roghnaigh aisíocaíocht iomlán a thabhairt d’aíonna má chealaíonn siad suas le 24 uair an chloig roimh ré.

Treoir fheabhsaithe ar na gnéithe

Cuidíonn treoir níos fearr le hÓstaigh a ngnéithe inrochtaineachta a thaispeáint ar bhealach níos cruinne.

Uaslódálacha físe simplithe

Ar mhaith leat réamhamharc físe a chruthú do d'Éispéireas? Tá sé níos éasca anois gearrthóga a uaslódáil.

Cuardaigh bosca isteach Óstach de réir téacs

Ní bheidh scrollú síoraí á dhéanamh agat: anois tá sé éasca teachtaireachtaí a aimsiú le hiontrálacha téacs simplí.

Uaslódáil grianghraf feabhsaithe

Oibríonn an t-eagraí uathoibríoch anois nuair a dhéanann tú grianghraif a uaslódáil ceann ar cheann.

Praghsáil promóisin do liostú nua

Cuir do liostú nua chun cinn le lascaine speisialta mar chuid den sreabhadh óstála 10 gcéim.

Rangú cuardaigh feabhsaithe

Taispeánann rangú cuardaigh níos fearr Óstaigh a bhfuil cáilíocht agus luach den scoth ag baint leo.

Teachtaireachtaí trí-bhealach Luxe

Is féidir le Luxe concierge aíonna agus Óstaigh a áireamh anois i dteachtaireachtaí trí-bhealach.

Athnuachan an fhéilire deisce

Glanadh an féilire Óstaigh ar an deasc chun go mbeidh sé soiléir so-úsáidte.

Roghanna don fhéilire

Saincheap na cealla dáta chun go dtaispeánfar an t-eolas is ábhartha duitse iontu (deasc amháin).

Feabhsúcháin ar thaispeáint praghsanna

Is féidir le hÓstaigh a gcuid praghsanna a sheiceáil anois in amharc an fhéilire ar an mbliain iomlán (ríomhaire deaisce amháin).

Scagadh riosca leathnaithe

Tá bearta laghdaithe páirtí anseo d’Óstaigh sa Phortaingéil agus sa Ríocht Aontaithe.

Réitigh chuíchóirithe

Cumasaíonn próiseas nua bainistíochta éileamh, réitigh thapa agus simplí d’Óstaigh.

Tuilleadh Tacaíochta Comharsanachta

Leathnaíodh an líne thacaíochta do chomharsana Óstach go 12 theanga in 29 tír.

Athghníomhachtú liostuithe

Is féidir liostuithe a athghníomhachtú i dTairseach na Cathrach tar éis d'Óstaigh a gclárúcháin a nuashonrú.

D'fhéadfadh am scaoilte gné nó infhaighteacht ghné a bheith éagsúil bunaithe ar an suíomh.