Taispeánfar moltaí i ndiaidh duit an t-ionchur cuardaigh a chlóscríobh. Úsáid na saigheada suas agus síos chun athbhreithniú a dhéanamh. Úsáid Iontráil chun roghnú. Más frása é an roghnúchán, cuirfear an frása sin isteach lena chuardach. Más nasc é an moladh, nascleanfaidh an brabhsálaí chuig an leathanach sin.
Polasaí pobail

Polasaí um Mórtheagmhais Shuaiteacha

Tá an Polasaí seo á nuashonrú. Tá an Polasaí nua le feiceáil ag barr an leathanaigh seo agus beidh sé i bhfeidhm ar gach áirithint a bheidh ar siúl ar an 6 Meitheamh 2024 nó ina dhiaidh sin, mura gcuireann Airbnb a mhalairt in iúl d'úsáideoirí. Tá an Polasaí reatha le feiceáil ag bun an leathanaigh agus baineann sé le háirithintí atá níos luaithe ná seo.

Dáta éifeachtach: 6 Meitheamh 2024

Forléargas

Go ginearálta, rialaítear cealuithe agus aisíocaíochtaí le haghaidh áirithintí Airbnb le polasaí cealaithe an liostaithe. Sna himthosca neamhchoitianta ina gcuireann teagmhais mhóra cosc nó toirmeasc dlíthiúil ar chríochnú áirithinte, d'fhéadfadh an Polasaí um Mórtheagmhais Shuaiteacha (an “Polasaí”) a bheith i bhfeidhm. Nuair a bheidh an Polasaí seo i bhfeidhm, is féidir le haíonna a n-áirithint a chur ar ceal agus aisíocaíocht, creidmheas taistil agus/nó comaoin eile a fháil beag beann ar pholasaí cealaithe na háirithinte, agus is féidir le hÓstaigh áirithint a chur ar ceal gan táillí ná iarmhairtí dochracha eile, cé go gcuirfear bac ar fhéilire a liostaithe do dhátaí na háirithinte a cuireadh ar ceal.

Baineann an Polasaí seo le háirithintí maidir le lóistíní agus Eispéiris araon, agus baineann sé le háirithintí atá ar siúl nó lena bhfuil seiceáil isteach ar an dáta éifeachtach nó ina dhiaidh sin, mura gcuireann Airbnb a mhalairt in iúl d'úsáideoirí. Ní polasaí árachais é an Polasaí um Mórtheagmhais Shuaiteacha.

Cad iad na teagmhais a chumhdaítear

Cumhdaítear na teagmhais seo a leanas faoin bPolasaí seo má théann siad i bhfeidhm ar shuíomh d'áirithinte, má tharlaíonn siad i ndiaidh thráth déanta na háirithinte, agus má chuireann siad cosc nó toirmeasc dlíthiúil ar áirithint amach anseo nó ar áirithint atá ar bun a chríochnú (dá ngairtear “Teagmhais” sa Pholasaí seo):

Éigeandálaí sláinte poiblí agus eipidéimí dearbhaithe. Ina measc sin tá eipidéimí, paindéimí agus éigeandálaí sláinte poiblí atá dearbhaithe ag an rialtas. Ní áirítear orthu sin galair eindéimeacha (mar shampla, an fliú) nó galair a bhaineann go coitianta le ceantar (mar shampla, maláire sa Téalainn). Níl COVID-19 cumhdaithe faoin bPolasaí um Mórtheagmhais Shuaiteacha seo.

Srianta taistil ón rialtas. Srianta éigeantacha taistil arna bhforchur ag gníomhaireacht rialtais, amhail ordú aslonnaithe. Ní áirítear orthu sin treoir thaistil neamhcheangailteach agus treoir chomhchosúil ón rialtas.

Gníomhartha míleata agus cogaíocht eile. Gníomhartha cogaidh, cogaíocht, ionradh, cogadh cathartha, sceimhlitheoireacht, pléascanna, buamáil, reibiliúin, círéibeacha agus éirí amach.

Briseadh mórscála fóntas riachtanach. Briseadh fada fóntas riachtanach, amhail teas, uisce agus leictreachas, a théann i bhfeidhm ar fhormhór mór na dtithe in áit ar leith.

Tubaistí nádúrtha. Tubaistí nádúrtha agus teagmhais adhaimsire eile. Ní chumhdaítear aimsir nó dálaí nádúrtha atá coitianta go leor gur féidir iad a thuar in áit ar leith—mar shampla, hairicíní a tharlaíonn le linn shéasúr na hairicíní in Florida—ach amháin nuair a bhíonn Teagmhas eile cumhdaithe ag an bPolasaí seo mar thoradh orthu a chuireann cosc ar chríochnú na háirithinte, amhail ordú éigeantach aslonnaithe nó briseadh mórscála fóntas riachtanach.

Cad a tharlaíonn má théann Teagmhas atá clúdaithe i bhfeidhm ar áirithint

Nuair a tharlaíonn teagmhas mórscála, déanaimid measúnú ar an gcás chun a chinneadh an bhfuil feidhm ag an bPolasaí um Mórtheagmhais Shuaiteacha. Má tá, gníomhachtaímid an Polasaí don limistéar agus don tréimhse ama atá buailte i gcás ina mbeimid ag súil go gcuirfidh an Teagmhas cosc nó toirmeasc dlíthiúil ar áirithintí a chríochnú. D'fhéadfadh sé nach mbeadh áirithintí lasmuigh den limistéar sainithe agus den tréimhse ama sainithe incháilithe, cé go bhféadfaí go mbeadh Óstaigh fós in ann an áirithint a chur ar ceal gan iarmhairtí díobhálacha mura bhfuil siad in ann óstáil. Déanaimid monatóireacht leanúnach ar na cásanna seo agus déanaimid an clúdach a choigeartú de réir mar is gá chun teacht le dálaí a athraíonn go leanúnach. Má chreideann tú go mbaineann an Polasaí seo le d'áirithint, déan teagmháil linn chun fiosrú a dhéanamh faoi incháilitheacht.

An méid nach gclúdaítear

Tuigimid go bhféadfadh cúinsí eile nach bhfuil smacht agat orthu cur isteach ar do phleananna. I gcásanna ar bith nach bhfuil liostaithe thuas, beidh d'áirithint fós faoi réir pholasaí cealaithe an Óstaigh don liostú.

I measc na samplaí de theagmhais choitianta nach gcumhdaítear faoin mbeartas seo tá:

  • Teagmhais a théann i bhfeidhm ar aoi nó ar a c(h)umas a bheith ag taisteal, ach ní suíomh na háirithinte
  • Gortú nó breoiteacht gan choinne
  • Oibleagáidí rialtais amhail dualgas giúiré nó teacht os comhair na cúirte
  • Foláirimh taistil neamhcheangailteacha nó treoir eile ón rialtas nach bhfuil cosc nó toirmeasc taistil i gceist leo
  • Imeacht dá ndearnadh an áirithint a chur ar ceal nó a athsceidealú
  • Cur isteach ar iompar nach mbaineann le Teagmhas atá clúdaithe, amhail dócmhainneacht aerlíne, stailceanna iompair, agus dúnadh bóithre mar gheall ar chothabháil

Maidir le háirithintí nach gclúdaítear faoin bPolasaí seo, molaimid d'aíonna agus d'Óstaigh socrú atá inghlactha go frithpháirteach a aimsiú, amhail aisíocaíocht iomlán nó aisíocaíocht pháirteach nó athrú ar dhátaí na háirithinte. Tabhair faoi deara gur faoi rogha an Óstaigh atá aon aisíocaíochtaí lasmuigh de pholasaí cealaithe na háirithinte. Ní bhíonn Airbnb páirteach sna haisíocaíochtaí sin ná ní ráthaíonn sé iad.

Conas a théann an polasaí seo i bhfeidhm ar Óstaigh

Má tá áirithint faoi chlúdach an Pholasaí um Mórtheagmhais Shuaiteacha, is féidir le hÓstaigh áirithint a chur ar ceal gan táillí agus gan iarmhairtí díobhálacha eile. Má chuireann Óstach an áirithint ar ceal faoin bpolasaí seo, cuirfear bac ar fhéilire a liostaithe le linn dhátaí na háirithinte a cuireadh ar ceal. Má chuirtear áirithint ar ceal faoin bPolasaí seo, ní fhaigheann an tÓstach eisíocaíocht as dátaí na háirithinte a cuireadh ar ceal, nó, má rinneadh an eisíocaíocht cheana féin, coinneofar siar méid na haisíocaíochta ón gcéad eisíocaíocht nó ó na chéad eisíocaíochtaí eile.

Is cuma cé acu atá áirithint clúdaithe ag an bPolasaí seo nó nach bhfuil, is féidir le hÓstaigh áirithint a chur ar ceal ar chúiseanna bailí áirithe, amhail damáiste mór do liostú, gan táillí gan iarmhairtí díobhálacha eile. Tá sé d'oibleagáid ar Óstaigh áirithint a chur ar ceal má tá a liostú do-áitrithe nó mura bhfuil sé ag teacht leis an áit a chur an t-aoi in áirithe; mura ndéanann Óstach amhlaidh d'fhéadfadh sé go mbainfí an liostú, go gcuirfí na háirithintí atá ann cheana ar ceal agus go dtabharfaí aisíocaíocht d'aíonna go dtí go mbeadh an liostú ináitrithe agus ag teacht leis an gcur síos ar an liostú. Mura ndéantar é sin is sárú é ar ár bPríomhrialacha d'Óstaigh, agus d'fhéadfadh iarmhairtí a bheith ann dá bharr, go fiú an cuntas a bhaint.

Rudaí eile le bheith ar an eolas fúthu

Ní chuireann an Polasaí seo teorainn le do chearta faoi rialacháin áitiúla, agus ní dhéanann aon chinntí a dhéanann Airbnb faoin bPolasaí seo difear do do chearta reachtúla.

Polasaí um Imthosca Maolaitheacha

Dáta feidhme: 20 Eanáir 2021

Forléargas

Mínítear sa Pholasaí um Imthosca Maolaitheacha seo an dóigh a ndéileáiltear le cealuithe i gcás go dtarlódh teagmhais gan choinne nach mbeadh neart agat orthu i ndiaidh duit áirithint a dhéanamh agus go mbeadh sé dodhéanta nó mídhleathach d’áirithint a chríochnú dá mbarr. Baineann an Polasaí seo le háirithintí ag lóistíní agus Eispéiris araon.

Nuair a cheadaíonn an bPolasaí seo cealú, rialóidh sé polasaí cealaithe na háirithinte agus beidh tosaíocht aige air. Is féidir le haíonna a bhfuil tionchar ag teagmhas orthu agus atá clúdaithe sa Pholasaí seo a n-áirithint a chur ar ceal agus aisíocaíocht airgid, creidmheas taistil agus/nó comaoin eile a fháil, ag brath ar na himthosca. Is féidir le hóstaigh a bhfuil tionchar ag teagmhas orthu agus atá clúdaithe sa Pholasaí seo áirithint a chur ar ceal gan aon iarmhairtí dochracha, ach, ag brath ar na himthosca, d'fhéadfaí bac a chur ar a bhféilirí le linn dhátaí na háirithinte a cuireadh ar ceal.

Cad iad na teagmhais a chumhdaítear

Úsáideann an Polasaí seo an téarma “Teagmhas” chun tagairt a dhéanamh do na cásanna seo a leanas a tharlaíonn i ndiaidh na háirithinte, nach rabhthas ag súil leo tráth na háirithinte, agus a chuireann cosc nó toirmeasc dlíthiúil ar an áirithint a chríochnú.

Athruithe ar riachtanais taistil an rialtais. Athruithe gan choinne ar riachtanais víosa nó pas arna bhforchur ag gníomhaireacht rialtais lena gcuirtear cosc ar thaisteal chuig an gceann scríbe. Ní áirítear orthu sin doiciméid taistil a cailleadh nó atá imithe in éag nó imthosca pearsanta eile a bhaineann le húdarú aoi chun taisteal a dhéanamh.

Éigeandálaí agus eipidéimí dearbhaithe. Éigeandálaí áitiúla nó náisiúnta, eipidéimí, paindéimí agus éigeandálaí sláinte poiblí a d'fhógair rialtas. Ní áirítear orthu sin galair eindéimeacha ná galair a bhaineann go coitianta le ceantar—mar shampla, maláire sa Téalainn nó fiabhras deinge i Haváí.

Srianta taistil an rialtais. Srianta taistil arna bhforchur ag gníomhaireacht rialtais lena gcuirtear cosc nó toirmeasc ar thaisteal chuig suíomh an Liostaithe, ar fhanacht ag suíomh an Liostaithe nó ar fhilleadh as suíomh an Liostaithe. Ní áirítear orthu sin treoir thaistil neamhcheangailteach agus treoir chomhchosúil ón rialtas.

Gníomhartha míleata agus cogaíocht eile. Gníomhartha cogaidh, cogaíocht, ionradh, cogadh cathartha, sceimhlitheoireacht, pléascanna, buamáil, reibiliúin, círéibeacha, éirí amach, neamhord sibhialta, agus corraíl shibhialta.

Tubaistí nádúrtha. Tubaistí nádúrtha, foichí Dé, briseadh mórscála fóntas riachtanach, brúchtaí bolcánacha, súnámaithe, agus teagmhais aimsire neamhghnácha eile. Ní áirítear orthu sin dálaí aimsire nó dálaí nádúrtha atá coitianta go leor le gur féidir iad a thuar sa suíomh sin—mar shampla, hairicíní a tharlaíonn le linn shéasúr na hairicíní in Florida.

An méid nach gclúdaítear

Gach rud eile. Ní cheadaíonn an Polasaí seo ach cealuithe maidir leis na Teagmhais a bhfuil cur síos déanta orthu thuas. Tá gach rud eile eisiata. I measc samplaí de chásanna nach gceadaítear cealuithe faoin bPolasaí seo tá: galar, tinneas nó gortú gan choinne; oibleagáidí rialtais amhail dualgas giúiré, teacht os comhair na cúirte nó dualgais mhíleata; treoracha taistil nó treoir eile rialtais (nach bhfuil cosc ná toirmeasc taistil i gceist leo); cealú nó athsceidealú imeachta dá ndearnadh an áirithint; agus cur isteach ar iompar nach mbaineann le Teagmhas atá clúdaithe amhail dúnadh bóithre, chomh maith le cealuithe eitilte, traenach, bus agus báid farantóireachta. Má chuireann tú an áirithint ar ceal sna cásanna seo, cinnfear an méid a aisíocfar de réir an pholasaí cealaithe a bhaineann leis an áirithint.

Céard atá le déanamh anois

Má thugaimid fógra duit nó má fhoilsímid eolas lena ndeimhnítear go mbaineann an Polasaí seo le d’áirithint, lean na treoracha cealaithe a chuirimid ar fáil, le do thoil. Nuair a bheidh fógra tugtha againn duit nó nuair a bheidh eolas foilsithe againn faoin dóigh a bhfuil feidhm ag an bPolasaí seo, ba cheart an rogha a bheith agat an áirithint a chur ar ceal faoin bPolasaí seo trí dhul chuig do leathanach Turas agus an áirithint lena mbaineann a chur ar ceal. Má chreideann tú go mbaineann an Polasaí seo le d’áirithint, ach nár thugamar fógra duit nó nár fhoilsíomar eolas faoin Teagmhas, déan teagmháil linn, le do thoil, chun d’áirithint a chur ar ceal. I ngach cás, ba cheart duit bheith réidh le doiciméid a chur ar fáil ina dtaispeántar an dóigh a bhfuil tionchar ag an Teagmhas ort féin nó ar d’áirithint.

Má tá ceisteanna agat, déan teagmháil linn.

Rudaí eile le bheith ar an eolas agat

Baineann an Polasaí seo le gach áirithint lena bhfuil an dáta don tseiceáil isteach ar an dáta éifeachtach nó ina dhiaidh sin.

Ar chuidigh an mhír seo?

Míreanna gaolmhara

Faigh cabhair le d'áirithintí, do chuntas, agus rudaí eile.
Logáil isteach nó cláraigh