Na 10 rud is suntasaí ó Airbnb: Nuashonrú Geimhridh 2022

Faigh amach faoi na 10 n-uasghrádú a rinneamar ar son Óstach.
Le Airbnb ar an 16 Samh 2022
Léamh 7 nóiméad
Nuashonraithe ar an 21 Iúil 2023

Nóta ón eagarthóir: Foilsíodh an mhír seo mar chuid de Airbnb: Nuashonrú Geimhridh 2022. Seans gur athraigh an t-eolas ó foilsíodh í. Faigh tuilleadh eolais faoin nuashonrú táirge is déanaí uainn.

Mar Óstaigh, thug sibh neart aiseolais dúinn le bliain anuas. As siocair bhur n-aiseolais, rinneamar athruithe chun an t-eispéireas óstála a fheabhsú.

Aircover d'Óstaigh

1. Níos mó AirCover fós: Anois cuimsíonn AirCover d'Óstaigh cosaintí do charranna agus do bháid atá páirceáilte ag do theach, chomh maith le clúdach leathnaithe d'ealaín agus d'earraí luachmhara. Táimid ag méadú cosaint damáiste, ó $1 mhilliún USD go $3 mhilliún USD.

2. Deimhniú aitheantais aoi: Tá deimhniú aitheantais leathnaithe chuig gach aoi a chuireann taisteal in áirithe sna 35 thír agus réigiún is mó a bhfuil tóir orthu in Airbnb, agus is ionann sin agus 90% de na háirithintí go léir. Cuirfimid é seo ar fáil ar fud an domhain go luath in 2023.

3. Scagadh áirithintí: D'fhorbraíomar teicneolaíocht scagtha áirithintí a dhéanann anailís ar thart ar chéad toisc chun aird a tharraingt ar áirithintí ar dócha go mbeadh cóisirí neamhúdaraithe nó damáiste do réadmhaoin i gceist leo. Tar éis tástáil rathúil san Astráil, táimid ag seoladh teicneolaíocht scagtha áirithintí sna Stáit Aontaithe agus i gCeanada, agus beidh sí ar fáil ar fud an domhain go luath in 2023.

4. Próiseas aisíocaíochta níos simplí: Is féidir leat iarratas ar aisíocaíocht a chur isteach i gcúpla céim.

Léigh faoi na nuashonruithe ar AirCover d'Óstaigh

Príomhrialacha d'aíonna

5. Aíonna níos freagraí: Táimid ag tabhairt isteach príomhrialacha d'aíonna, sraith nua de chaighdeáin infheidhmithe lena gceanglaítear ar aíonna meas a bheith acu ar do theach agus cloí le do rialacha tí. Glacfaidh gach aoi leis na príomhrialacha seo roimh áirithint a dhéanamh. Coinneoimid aíonna cuntasach trí chóras oideachais, fionraí agus, más gá, baint den ardán.

Léigh faoi phríomhrialacha d'aíonna

Feabhsuithe ar an gcóras léirmheasanna

6. Léirmheasanna mionsonraithe ar aíonna: Beidh tú in ann níos mó sonraí a scríobh nuair a fhanfaidh duine agat, agus níos mó eolais a léamh ó Óstaigh eile faoi aíonna. Cuideoidh do chuid aiseolais leis na príomhrialacha a fhorfheidhmiú.

7. Cosaintí ar léirmheasanna díoltais: Beidh tú ábalta aon léirmheas díoltais a dhíospóid, is cuma cé chomh fada ó shin a postáladh é. Ina measc sin tá léirmheasanna ó aíonna a sháraíonn do ghnáthrialacha tí go mór, a eagraíonn cóisir i do theach, a dhéanann damáiste do do réadmhaoin nó a sháraíonn tréimhse a n-áirithinte.

Léigh faoi na feabhsuithe ar an gcóras léirmheasanna

Mear-íocaíocht

8. Íocaíochtaí níos tapúla: Seachadann Mear-íocaíocht, modh eisíocaíochta nua, do chuid airgid laistigh de 30 nóiméad tar éis do Airbnb é a scaoileadh, fiú ar laethanta saoire agus ag an deireadh seachtaine. Tá Mear-íocaíocht ar fáil sna Stáit Aontaithe i mbliana ar tháille 1.5%, le huasteorainn de $15 USD in aghaidh na heisíocaíochta.

Léigh sonraí faoi Mhear-íocaíocht

Catagóirí Airbnb

9. Uirlisí catagóire: Go luath in 2023, beidh tú ábalta an chatagóir ina bhfuil do theach a sheiceáil. Beidh tú ábalta níos mó sonraí a chur leis freisin faoi ghnéithe de d'áit ionas gur féidir do theach a chur sa chatagóir cheart.

10. Catagóirí nua: Táimid ag cur catagóirí nua leis chun cuidiú le haíonna níos mó de bhur dtithe a aimsiú. Seo na Catagóirí Airbnb is déanaí: Nua, I mBéal an Phobail, Tithe Hanok, Sna Sléibhte, Gan Céimeanna Isteach, Súgradh agus Seomraí Príobháideacha.

Léigh a bhfuil nua le Catagóirí Airbnb

An bhfuil aithne agat ar dhuine atá ag iarraidh dul i mbun óstála? Inis dó nó di faoi Airbnb Tús Maith—bealach úrnua fíor-éasca chun do theach a chur ar Airbnb le treoir duine le duine saor in aisce ó Sháróstach.

Má tá barúil agat faoin nuashonrú is déanaí, bímid ag éisteacht i gcónaí. Seol d'aiseolas chugainn, le do thoil.

Léigh ár dtreoir faoi Airbnb: Nuashonrú Geimhridh 2022

Ní chlúdaíonn cosaint damáiste d'Óstaigh, árachas dliteanais d'Óstaighárachas dliteanais d'Eispéiris Aircover d'Óstaigh Óstaigh a chuireann áiteanna fanachta agus Eispéiris ar fáil sa tSeapáin, áit a bhfuil Árachas d'Óstaigh na Seapáine agus Árachas Cosanta Eispéiris na Seapáine i bhfeidhm, ná Óstaigh a chuireann áiteanna fanachta ar fáil trí Airbnb Travel LLC. Maidir le hÓstaigh a chuireann áiteanna fanachta nó Eispéiris ar fáil ar mhórthír na Síne, tá an Plean Cosanta d'Óstaigh na Síne i bhfeidhm. Coinnigh i gcuimhne gur in USD a thaispeántar na teorainneacha cumhdaigh go léir.

Ní árachas é cosaint damáiste d'Óstaigh agus ní bhaineann sé le hárachas dliteanais d'Óstaigh. Maidir le liostuithe i Stát Washington, tá oibleagáidí conarthacha Airbnb faoi chosaint damáiste d'Óstaigh clúdaithe le polasaí árachais a cheannaigh Airbnb. Faoi chosaint damáiste d'Óstaigh, aisíoctar thú as damáistí áirithe a dhéanann aíonna do do theach nó do do chuid giúirléidí mura n-íocann an t-aoi as an damáiste sin. 

Maidir le hÓstaigh a bhfuil a dtír chónaithe nó a dtír bhunaíochta lasmuigh den Astráil, tá cosaint damáiste d'Óstaigh faoi réir na dtéarmaí, na gcoinníollacha agus na dteorainneacha seo. Maidir le hÓstaigh a bhfuil a dtír chónaithe nó a dtír bhunaíochta san Astráil, tá cosaint damáiste d'Óstaigh faoi réir na téarmaí, na gcoinníollacha agus na dteorainneacha seo.

Seans gur athraigh an t-eolas atá sa mhír seo ó foilsíodh í.

Airbnb
16 Samh 2022
Ar chabhraigh sé seo leat?