An chaoi a n-oibríonn Catagóirí Airbnb

Faigh amach faoin ngné agus seiceáil cén chatagóir ina bhfuil do liostú.
Le Airbnb ar an 16 Samh 2022
Léamh 2 nóiméad
Nuashonraithe ar an 21 Márta 2023

Nóta ón eagarthóir: Foilsíodh an mhír seo mar chuid de Airbnb: Nuashonrú Geimhridh 2022. Seans gur athraigh an t-eolas ó foilsíodh í. Faigh tuilleadh eolais faoin nuashonrú táirge is déanaí uainn.

Is cuid d'aoibhneas an taistil é áiteanna nua le fanacht a aimsiú. Is mian linn a chinntiú gur féidir le haíonna atá ag lorg spáis mar do spás féin é a aimsiú go héasca. Is cuma cé acu ionad campála, árasán nó caisleán atá tú a óstáil, is féidir leat suaithinseacht do spáis a chur ar taispeáint agus aíonna a mhealladh chun áirithint a dhéanamh le catagóirí Airbnb.

Cad is Catagóirí Airbnb ann?

I mí na Bealtaine 2022, thugamar Catagóirí Airbnb isteach, bealach nua d'aíonna chun iniúchadh a dhéanamh ar na milliúin áit uathúil le fanacht ar fud an domhain. In os cionn 60 catagóir éagsúil rangaítear tithe de réir a stíle, a suímh nó a gcóngarachta do ghníomhaíocht.

Is féidir le haíonna atá ag cuardach áit le fanacht catagóirí a bhrabhsáil amhail Cábáin, Cois Locha agus Páirceanna Náisiúnta. Is féidir leo liostuithe a chuardach de réir ceann scríbe freisin agus feictear na torthaí faoi Gach Teach.

Taispeántar liostuithe i mbreis agus 60 Catagóir Airbnb. Dea-dhearadh, Faoin tuath agus Tithe crainn san áireamh.

D'fhéadfaí gach liostú ar Airbnb a fheiceáil faoi Gach Teach má thagann sé le cuardach aoi ar cheann scríbe áirithe. Is féidir go mbeidh sé le feiceáil i gCatagóir Airbnb amháin nó níos mó freisin má chomhlíonann sé critéir shonracha.

Cuirtear na liostuithe i ngach catagóir trí phróiseas coimeádaíochta. Déantar meastóireacht ar na milliúin teach ar Airbnb le meaisínfhoghlaim chun anailís a dhéanamh ar theidil, cur síos, fotheidil ghrianghraf agus léirmheasanna ó aíonna.

Conas catagóir do liostaithe a sheiceáil

Is féidir leat an chatagóir ina bhfuil do liostú a sheiceáil ó do chuntas óstála. Téigh chuig sonraí do liostaithe agus scrollaigh síos go dtí an rannóg Catagóirí. Taispeántar ainm na Catagóire Airbnb ansin, má bhaineann sé le ceann amháin nó níos mó acu. Tapáil nó cliceáil chun cur síos a fháil ar an gcatagóir sin.

I rannóg na gCatagóirí i do liostú taispeántar an chatagóir ina bhfuil do liostú. Is féidir leat tapáil chun tuilleadh eolais a fháil faoin gcatagóir sin.

Agus muid ag leanúint ar aghaidh ag leathnú catagóirí agus ag nuashonrú ár seirbhíse, tá sé tábhachtach sonraí do liostaithe a choinneáil cothrom le dáta. Déan athbhreithniú ar do shaoráidí lena chinntiú gur roghnaigh tú gach rud atá ar fáil i do spás.

Airbnb
16 Samh 2022
Ar chabhraigh sé seo leat?