Níl an t-ábhar seo ar fáil i do theanga roghnaithe, mar sin chuireamar ar fáil é sa teanga is cosúla léi atá ar fáil.

Glac grianghraif iontacha de do spás ar d'fhón

Seo an chaoi chun do shocruithe ceamara a choigeartú, grianghraf a ghlacadh, agus scéal a chur i dtoll a chéile.
Le Airbnb ar an 2 Iúil 2020
Léamh 8 nóiméad
Nuashonraithe ar an 4 DFómh 2022

Buaicphointí

  • Tá sé éasca pictiúr a ghlacadh de na rudaí a dhéanann do spás iontach

  • Lean na céimeanna seo, ina bhfuil roinnt rudaí le déanamh agus le seachaint

  • Bain úsáid as ár seicliosta lena chinntiú go bhfuil na bunghnéithe agat

Má tá tú ag glacadh grianghraif den chéad uair nó má tá tú ag iarraidh do liostú a nuashonrú d'fhonn na hathruithe atá déanta agat ar d'áit a chur ar taispeáint, tá sé níos éasca ná mar a cheapfá íomhánna iontacha a ghlacadh le d'fhón cliste.

1. Ullmhaigh d'áit

Sula dtosóidh tú, aimsigh an soilsiú is fearr agus eagraigh do spás ag baint úsáid as straitéisí ónár gcúrsa teagaisc grianghrafadóireachta. Cuir am ar leataobh chun cúig nó sé ghrianghraf de gach seomra a ghlacadh.

Agus grianghraif á nglacadh agat, tá sé tábhachtach go dtuigeann tú an chaoi a dtaispeántar grianghraif do liostaithe ar Airbnb:

  • Is é do chéad íomhá do ghrianghraf cumhdaigh, an príomhghrianghraf ar leathanach do liostaithe agus an ceann a thaispeántar i dtorthaí cuardaigh.
  • Taispeántar do chéad chúig ghrianghraf, ina measc sin an grianghraf cumhdaigh, mar cholláis ag barr leathanach do liostaithe agus bearrtar ina gcearnóg iad. Mar sin de, ná déan dearmad fócas do ghrianghraif a chur sa lár.
  • Coinnítear do chuid grianghraf go léir i do ghailearaí íomhánna le gur féidir le haíonna breathnú orthu.

2. Seiceáil do shocruithe

Is féidir le go leor fón grianghraif iontacha a ghlacadh. Seo roinnt gnéithe cabhracha agus an chaoi chun iad a úsáid.

Cas air na greillí
Féadfaidh greillí cabhrú leat íomhá a fhrámú agus a chur in iúl an bhfuil sí díreach. Chun do ghreillí a choigeartú:

  • Maidir le iPhone: Téigh go dtí Socruithe > Ceamara agus scoránaigh greille do ghutháin go Ar Siúl.
  • Maidir le Android: Lainseáil aip an cheamara, téigh go Socruithe, scrollaigh síos, agus cuir an rogha Línte Greille go Ar Siúl.

Le haghaidh tuilleadh leideanna maidir le húsáid greillí, féach ar an rannóg faoi riail na dtrianta thíos.

Múch an splanc
Is féidir go gcuirfeadh splanc cuma ghéar air, mar sin is fearr i bhfad solas geal nádúrtha. Má tá fuinneoga i d'áit, bain triail as grianghraf a ghlacadh di sa chuid is gile den lá. Mura bhfuil fuinneoga san áit, is féidir atmaisféar teolaí a chruthú ach lampaí a chasadh air.

Chun an splanc a mhúchadh, oscail aip do Cheamara, aimsigh an deilbhín tintrí, agus roghnaigh Múch.

Seiceáil taifeach na híomhá
Bíonn taifeach 1024 x 683 picteilín ar a laghad sna grianghraif is grinne. D'fhéadfadh sé go bhfuil socruithe d'fhóin optamaithe chun nach stóráiltear ach íomhánna ísealtaifigh; mar sin de, seiceáil go bhfuil tú ag sábháil íomhánna ardtaifigh do do dhreas fótagrafaíochta. Is féidir leat é seo a athrú ar ais nuair a bheidh do ghrianghraif glactha agat.

3. Glac grianghraf gairmiúil

Seo roinnt rudaí le déanamh agus le seachaint chun íomhánna ardchaighdeáin a ghlacadh.

Coinnigh na línte díreach
DÉAN: Coinnigh d'fhón díreach agus comhthreomhar leis an urlár. Chun an príomhbhall troscáin a chur sa lár, b'fhéidir go mbeidh ort do lámha a ardú nó a ísliú. I seomraí leapa, dírigh ar an leaba; i seomraí suí, dírigh ar an tolg, b'fhéidir. Mar threoir ghinearálta, ba chóir go mbeadh an ceamara ard go leor i gcónaí chun barr leapacha, táblaí agus cuntar oibre a ghlacadh ar ghrianghraf.

NÁ DÉAN: Ná hardaigh d'fhón os do chionn chun radharc níos fearr a fháil agus ná cuir ar fiar é, rud a mhilleann agus a chuireann an íomhá as a riocht go minic.

Lean riail na dtrianta
Is prionsabal de chomhdhéanamh grianghraf é riail na dtrianta ina roinntear íomhá ina trianta go cothrománach agus go hingearach, chun go gcruthaítear naoi gcearnóg agus ceithre phointe ina dtrasnaíonn na línte. Trí ghné na greille a chur ar siúl ar d'fhón agus trí úsáid a bhaint as riail na dtrianta, cinntíonn tú go bhfuil do ghrianghraif díreach agus dea-chomhdhéanamh iontu.

DÉAN: Cuir fócas na híomhá áit a dtrasnaíonn línte na greille, beagán amach ón lár. Mar shampla, socraigh d'fhón ionas go ndíreofar do ghrianghraf san áit a dtrasnaíonn na línte ar chlé nó ar dheis do scáileáin—bíodh sin ar do tholg, ar do leaba nó ar do bhord.

NÁ DÉAN: Ná cuir an fócas lárnach sa trian íochtarach ná uachtarach, nó b'fhéidir go ngearrfá amach eolas tábhachtach.

Déan an méid a leanas chun grianghraif atá i bhfócas a ghlacadh

DÉAN: Úsáid uathfhócas ionas nach gá duit an fócas a choigeartú de láimh.

NÁ DÉAN: Ná glac grianghraif le leathláimh. Má úsáideann tú do dhá láimh, cabhróidh sé leat do lámha a choinneáil socair chun íomhá níos soiléire a ghlacadh. Bain triail as d'uillinneacha a theannadh i gcoinne d'easnacha chun do lámha a choinneáil socair.

Tuig an t-am le zúmáil
Is minic a bhíonn móid réamhshocraithe ar fhóin nua-aimseartha le haghaidh socruithe áirithe—mar shampla, mód portráide, mód tírdhreacha agus mód leathan. Má tá na roghanna sin ar cheamara do ghutháin, bain úsáid astu sin in ionad an ceamara a bhogadh go fisiciúil.

Is chun sonraí fíneálta de do spás a ghlacadh is mó a éiríonn le zúmáil—mar shampla an íomhá a shuí chun díriú ar chuid bheag den tábla caife, an tolg agus pictiúr ar crochadh os a gcionn.

Mura bhfuil na móid sin ar fáil ar do ghuthán, bain úsáid as do réamhshocruithe chun grianghraif a thógáil den seomra ina iomláine, agus ná zúmáil isteach ach chun íomhánna gar-amhairc a fháil, amhail crobhaing bláthanna ar an mbord cois leapa, nó an tolg agus ealaín crochta os a chionn.

4. Inis scéal

Cuir in iúl an fáth ar chóir d'aíonna a bheith ag súil go mór le fanacht i d'áitse. Cé go bhfuil sonraí tábhachtacha ann sa chur síos ar do liostú, is mó is fiú pictiúr ar Airbnb ná focail.

    Cuir béim ar na saoráidí
    Is maith le haíonna eolas a fháil faoi na rudaí breise speisialta atá le fáil i d'áit, mar sin, bí cinnte agus glac grianghraif de shaoráidí atá suntasach. Is cuidiú é iad a ghlacadh i gcomhthéacs na háite ina hiomláine—mar shampla, íomhá ar leathanfhráma de thuáillí fillte ar bhinse in aice le folcadán, seachas grianghraf gar-amhairc de dhaingneáin an tobáin.

    Seo roinnt samplaí de shaoráidí a bhféadfá grianghraif a ghlacadh díobh agus iad a lua i d'fhotheidil:

    Cuir do cheamara in áit
    Úsáid íomhánna cothrománacha do do chéad chúig ghrianghraf, mar is iad siúd is fearr a thaispeántar sa ghreille ar leathanach do liostaithe.

    DÉAN: Úsáid seatanna ingearacha le haghaidh spásanna cúnga, amhail vardrús ar féidir siúl isteach ann, seomraí folctha beaga, nó balcóiní.

    NÁ DÉAN: Ná húsáid íomhá ingearach mar cheann de na cúig ghrianghraf sa ghreille, ós rud é go mbeidh sé bearrtha chun dul in oiriúint don dearadh cothrománach.

    Athraigh do chomhdhéanamh
    Féadfaidh tú cabhrú le haíonna iad féin a shamhlú i d'áit trína léiriú ní hamháin an áit ina gcodlóidh siad, an áit ina n-íosfaidh siad agus an áit ina ligfidh siad a scíth, ach trí ghrianghraif de shonraí suimiúla a chur ann freisin.

    Déan iarracht meascán de chomhdhéanaimh a bheith agat de gach seomra, éagsúlacht de ghrianghraif leathana, lár-raoin agus gar-amhairc, roinnt grianghraf cothrománach agus roinnt grianghraf ingearach. Seo an t-am le gach cineál comhdhéanaimh a úsáid:

    • Íomhánna bunaithe is ea grianghraif leathana a chabhraíonn le daoine méid an tseomra agus gach a bhfuil ann a thuiscint.
    • Oibríonn íomhánna lár-raoin go maith ó dhearcadh díreach, agus ní ar fiar. Cabhraíonn an íomhá sin le haíonna tuiscint a fháil ar an bpríomhghné den seomra.
    • Cabhraíonn grianghraif ghar-amhairc
    • le carachtar an tseomra a léiriú, amhail leabhair ar bhord cois leapa. Agus tú ag glacadh grianghraif gar-amhairc, tabhair aird bhreise ar a bhfuil sa fhráma: Ná déan dearmad piliúir a chroitheadh, sreanga a cheilt, agus na roic a bhaint as na braillíní.

    DÉAN: Taispeáin an chaoi a nascann seomraí lena chéile laistigh de do ghrianghraif—mar shampla, taispeáin an seomra suí sa chúlra in íomhá ghar-amhairc. Bíodh do ghailearaí íomhánna ann marthuras treoraithe chun tuairim éigin a thabhairt d'aíonna den phlean urláir.

    Glac níos mó grianghraf ná mar a theastaíonn uait
    Tá an obair go léir a bhaineann le d'áit a ullmhú déanta agat, mar sin de, bí cinnte agus glac grianghraif de gach rud. Is féidir leat cinneadh níos déanaí cé na cinn atá le roinnt.

    Agus na roghanna á ndéanamh agat, cuimhnigh gur chóir go n-inseodh do ghrianghraif scéal faoi d'áit a chuirfidh in iúl d'aíonna cad atá rompu. Seo duit roinnt moltaí:

    • Cuir go leor grianghraf ar fáil chun cabhrú le hionchais aíonna a shocrú
    • Cuir idir dhá agus ceithre ghrianghraf de gach seomra a bhfuil rochtain ag aíonna orthu san áireamh
    • Glac grianghraif ó chúinní éagsúla de gach seomra chun an pictiúr iomlán a thabhairt
    • Glac grianghraif ghar-amhairc chun carachtar do spáis a léiriú
    • Léirigh go soiléir aon ghné inrochtaineachta

    Úsáid an seicliosta seo
    D'fhonn cabhrú leat tosú ar do dhreas fótagrafaíochta, cuireamar liosta de ghrianghraif mholta agus d'uillinneacha i dtoll a chéile duit.

    Seomraí Leapa

    • Grianghraf leathan de gach seomra leapa
    • Uillinn mhalartach de na seomraí le comhthéacs níos fearr a thabhairt
    • Íomhá lár-raoin de na príomhghnéithe, amhail an leaba agus an bord taoibh
    • Grianghraf gar-amhairc ina léirítear carachtar na háite, amhail leabhar nó bláthanna ar an mbord taoibh

    An seomra suí

    • Grianghraf leathan den seomra suí ar fad (ina bhfuil solas ó fhuinneog más féidir)
    • Íomhá lár-raoin de tholg nó de limistéar suí
    • Grianghraf gar-amhairc ina leagtar béim ar charachtar d'áite, amhail teallach

    An seomra folctha

    • Grianghraf leathan den phríomhsheomra folctha
    • Íomhá lár-raoin de sheomra folctha tánaisteach, ina bhfuil folcadán nó cithfholcadán agus doirteal
    • Grianghraf gar-amhairc de charn tuáillí nó grianghraf den radharc ó fhuinneog

    An chistin

    • Grianghraf leathan den chistin nó den chistinéad ina hiomláine
    • Íomhá lár-raoin den oigheann, suite in aice le cuntair oibre atá néata agus eagraithe
    • Grianghraf gar-amhairc de chóiriú bláthanna i lár an tábla
    • Grianghraf gar-amhairc de chiseán fáilte ina bhfuil soláthairtí glantacháin d'aíonna

    Lasmuigh

    • Grianghraf leathan de bhalcóin, gairdín, paitió nó deic iomlán
    • Íomhá lár-raoin ina bhfuil aon áiteanna suí lasmuigh (agus b'fhéidir an radharc uathu freisin)
    • Grianghraf gar-amhairc d'aon mhaisiúchán fíneálta, amhail plandaí pota in aice le troscán allamuigh
    • Grianghraf leathan den chosán chuig do bhealach isteach

    Is agatsa is fearr atá cur amach ar do spás, mar sin bí cinnte agus glac grianghraf de na sonraí is fearr leat féin agus de rud ar bith is mór ag aíonna ina léirmheasanna. Agus sula gcuirfidh tú do dhreas fótagrafaíochta i gcrích, glac cúpla nóiméad chun spléachadh trí na híomhánna go léir lena chinntiú gur ghlac tú grianghraf de gach rud atá agat ar do liosta.

    Seans gur athraigh an t-eolas atá sa mhír seo ó foilsíodh í.

    Buaicphointí

    • Tá sé éasca pictiúr a ghlacadh de na rudaí a dhéanann do spás iontach

    • Lean na céimeanna seo, ina bhfuil roinnt rudaí le déanamh agus le seachaint

    • Bain úsáid as ár seicliosta lena chinntiú go bhfuil na bunghnéithe agat

    Airbnb
    2 Iúil 2020
    Ar chabhraigh sé seo leat?