Bunphrionsabail na hóstála ar Airbnb

Seo an dóigh le hairgead a thuilleamh mar Óstach.
Le Airbnb ar an 20 Samh 2019
Léamh 3 nóiméad
Nuashonraithe ar an 8 Samh 2023

Is iomaí cúis a thugann ar dhaoine tosú ag óstáil ar Airbnb, mar shampla airgead a shaothrú agus bualadh le taistealaithe as gach cearn den domhan. Is féidir leat aon chineál spáis atá ar fáil agat a óstáil, cibé acu teach iomlán, seomra breise, nó teach aíochta é. Seo cúpla rud le déanamh chun tús a chur leis.

Cruthaigh do liostú

Ceann de na chéad rudaí a chaithfidh tú a dhéanamh ná do liostú a chur ar bun. Déan cur síos cruinn ar do spás, luaigh na rudaí atá uathúil, agus socraigh ionchais shoiléire d'aíonna. Is deis é seo aíonna a mhealladh chun d'áit a chur in áirithe.

  • Grianghraif: Uaslódáil grianghraif iomadúla de gach seomra ó uillinneacha éagsúla chun na rudaí a mbeidh fáil ag aíonna orthu a thaispeáint. Is féidir le huirlis faoi thiomáint intleachta saorga cabhrú leat na grianghraif a eagrú de réir seomra chun camchuairt fhíorúil a chruthú. Cuir sonraí le gach seomra, amhail eagar codlata agus gnéithe inrochtaineachta.

  • Teideal agus cur síos: Déan iarracht eolas faoi do spás a chur in iúl d'aíonna. Úsáid teanga ionchuimsitheach chun a chur in iúl go soiléir go gcuireann tú fáilte roimh dhaoine de gach cúlra.

  • Saoráidí: Roghnaigh ó liosta tosaigh na roghanna agus tú ag cur an liostú ar bun. Tar éis duit do liostú a fhoilsiú, brabhsáil liosta iomlán na saoráidí agus cuir gach rud atá agat leis. Cuir sonraí úsáideacha san áireamh, amhail an bhfuil gnéithe inrochtaineachta i d'áit.

  • Rialacha tí: Úsáid do rialacha tí chun ionchais a shocrú, chun réamhamharc a thabhairt ar do stíl óstála, agus chun eolas riachtanach—amhail cosc ar chaitheamh tobac—a roinnt le haíonna ionchasacha.

Socraigh do phraghas

Is fútsa féin do phraghas in aghaidh na hoíche. Tá an praghas molta a thaispeántar le linn Airbnb Tús Maith bunaithe ar chúinsí amhail suíomh, saoráidí, éileamh ó aíonna, agus liostuithe den chineál céanna. Is féidir leat cloí leis an bpraghas sin nó ceann difriúil a shocrú, agus is féidir leat é a athrú ag am ar bith.

D'fhéadfadh tuiscint ar an éileamh áitiúil cabhrú leat praghas iomaíoch a ghearradh ar d'áit. Féach ar mheánphraghsanna liostuithe den chineál céanna a cuireadh in áirithe in aice láimhe díreach ó d'fhéilire. Is féidir leat triail a bhaint as ár n-uirlis 'Praghsáil Chliste', a choigeartaíonn do phraghas in aghaidh na hoíche go huathoibríoch de réir an éilimh.

Is féidir le lascainí agus promóisin aíonna a mhealladh i gcásanna ar leith. Ina measc seo tá an promóisean do liostú nua, a bhaineann lascaine 20% de do phraghas in aghaidh na hoíche do do chéad trí áirithint, mar aon le lascainí do thréimhsí fanachta seachtainiúla agus míosúla.

Conas agus cathain a íoctar thú

Gearrann Airbnb an táille ar gach aoi go díreach sula seiceálfaidh siad isteach. Seolaimid chugat an t-airgead a thuilleann tú ón óstáil thart ar 24 uair an chloig tar éis am sceidealaithe gach aoi don t-seiceáil isteach. Braitheann an uair a thiocfaidh an t-airgead isteach i do chuntas ar an modh eisíocaíochta a roghnóidh tú.

Bíonn na modhanna eisíocaíochta—aistriú bainc, PayPal, Western Union, agus Mear-íocaíocht, gan ach cuid acu a lua—éagsúil ag brath ar do shuíomh. Is féidir leat do mhodh eisíocaíochta a shocrú anois agus é a athrú ag am ar bith. Faigh tuilleadh eolais maidir leis an dóigh íocaíocht a fháil as an óstáil.

Ullmhaigh tú féin chun fáilte a chur roimh do chéad aíonna

Bíonn aíonna ag súil go mbeidh d'áit glan agus go mbeidh na bunriachtanais inti. Tá siad ag súil freisin go roinnfidh tú eolas úsáideach. Seo roinnt bealaí chun do spás a ullmhú agus cumarsáid éifeachtach a dhéanamh:

  • Cuir eispéireas réidh ar bun. Cuir treoracha soiléire céim ar chéim leis don tseiceáil isteach agus don tseiceáil amach, in éineacht le grianghraif den phróiseas don tseiceáil isteach.

  • Déan teagmháil ag tráthanna tábhachtacha. Seol teachtaireachtaí sceidealaithe chuig aíonna le heolas tráthúil nuair a dhéanfaidh siad áirithint, roimh an tseiceáil isteach, tar éis dóibh teacht, agus nuair a imeoidh siad.

  • Bí cáiréiseach faoin nglanadh. Cruthaigh seicliosta chun díriú ar áiteanna a mbíonn daoine go minic, cuir caoi ar gach seomra i gcónaí, agus bí ag faire amach do smáil, gruaig agus salachar.

  • Bíodh na bunriachtanais agat. Bíonn aíonna ag súil go mbeidh saoráidí riachtanacha i d'áit amhail gallúnach, línéadach agus tuáillí.

  • Cuir cúpla rud breise leis. Smaoinigh ar fhéirín fáilte a thabhairt agus earraí amhail cuibheoirí plugála agus cluichí boird a chur ar fáil chun do spás a dhéanamh níos compordaí.

Seans gur athraigh an t-eolas atá sa mhír seo ó foilsíodh í.
Airbnb
20 Samh 2019
Ar chabhraigh sé seo leat?