Aíonna a chur ar an eolas faoina bhfuil ar fáil i d’áit

Má luann tú na saoráidí agus na gnéithe sábháilteachta atá agat, d'fhéadfá áirithintí a mhealladh.
Le Airbnb ar an 14 Iúil 2022
Léamh 2 nóiméad
Nuashonraithe ar an 16 Samh 2022

Tá saoráidí ina bpríomhthosaíocht d'aíonna ar Airbnb. Agus iad ag cuardach áit le fanacht, is féidir leo a dtorthaí a scagadh ionas nach dtaispeánfar ach liostuithe ina bhfuil na saoráidí a theastaíonn uathu.

D'fhéadfadh fiú nithe beaga sa bhreis, amhail teilifíseán nó trealamh garchabhrach, turais a dhéanamh níos éasca agus níos taitneamhaí d'aíonna. Mar sin, níor mhiste aon rud a chuireann tú ar fáil a lua.

Is minic a chuardaíonn aíonna liostuithe ina bhfuil:

  • Wi-Fi
  • Cistin
  • Meaisín níocháin nó triomadóir
  • Páirceáil saor in aisce
  • Aerchóiriú
  • Spás oibre tiomnaithe
  • Linn snámha nó tobán te

Chun saoráidí a chur leis, roghnaigh míreanna ó na liostaí de na nithe is fearr le haíonna agus na rudaí a sheasann amach dóibh. Is féidir leat saoráidí nach bhfeiceann tú anseo a chur leis i ndiaidh duit do liostú a fhoilsiú.

Ansin, tabhair faoi deara na hearraí sábháilteachta atá ar fáil agat san áitreabh, amhail aláram deataigh.

Cúpla leid ghasta:

1. Ná déan beag is fiú de d'áit. Má tá saoráid agat, luaigh í. Lig d'aíonna cinneadh, mar shampla, an bhfuil láthair itheacháin lasmuigh ina bhfuil tábla picnice chomh compordach céanna le ceann ina bhfuil suíocháin stuáilte.

2. Socraigh ionchais aíonna. Déan nóta chun níos mó sonraí a chur ar fáil—mar shampla, an gás nó gualach a úsáideann an gríoscán BBQ—sa chur síos ar do liostú.

3. Bí ag smaoineamh amhail is gur aoi thú. Fiafraigh díot féin cad is mian leat agus cad a theastaíonn uait mar aoi agus tú ag taisteal. Smaoinigh ar na hearraí sin, agus saoráidí eile, a chur le do liostú le himeacht ama.

“Bí cinnte agus cuir saoráidí bunúsacha ar fáil,” arsa Harry, Óstach in Aithin na Gréige, toisc go gcabhróidh sin leat áirithintí a mhealladh. “Fuair mé amach gurbh fhiú airgead beag a chaitheamh ar iarann gaile agus triomadóir gruaige.”

Seans gur athraigh an t-eolas atá sa mhír seo ó foilsíodh í.
Airbnb
14 Iúil 2022
Ar chabhraigh sé seo leat?