Bealaí nua d'aíonna le hiniúchadh a dhéanamh ar do liostú

Faigh amach cad a bheidh i gceist leis an athrú is mó a rinneadh ar Airbnb le 10 mbliana anuas d'Óstaigh.
Le Airbnb ar an 11 Beal 2022
Léamh 5 nóiméad
Nuashonraithe ar an 11 Beal 2022

Buaicphointí

  • Dearadh na gnéithe is déanaí chun cabhrú le níos mó aíonna áiteanna iontacha cosúil le d'áitse a aimsiú

  • Is féidir leat cabhrú le do liostú a dhéanamh níos feiceálaí trí ghrianghraif ardchaighdeáin a uaslódáil agus do chuid socruithe a nuashonrú

Le fonn dul ar saoire is minic a thosaíonn na turais is speisialta. Lena oibriú amach cá háit agus cathain a rachaidh siad, is minic a chuardaíonn taistealaithe smaointe ar líne agus iad ag iarraidh teacht ar phlean foirfe. Mar sin, táimid ag tabhairt isteach bealach úrnua d'aíonna chun iniúchadh a dhéanamh ar Airbnb agus liostuithe iontacha mar do cheannsa a aimsiú.

Is ionann Nuashonrú Samhraidh Airbnb 2022 agus an t-athrú is mó a rinneadh ar Airbnb le 10 mbliana anuas. Leis an dearadh úrnua cuirtear liostuithe ar taispeáint i 56 Chatagóir Airbnb ionas go bhfuil sé furasta d'aíonna áiteanna a aimsiú agus a chur in áirithe nach raibh a fhios acu gurbh ann dóibh, agus le gné nuálach ar a dtugtar Tréimhsí Fanachta Roinnte, is féidir le haíonna fanacht níos faide a roinnt idir dhá theach.

Mar Óstach, is féidir leat leas a bhaint as na gnéithe iontacha seo trína chinntiú go bhfuil sonraí iomlána reatha, infhaighteacht cothrom le dáta agus grianghraif ardchaighdeáin ag do liostú.

Tuilleadh bealaí chun tú a aimsiú

Cuidíonn athdhearadh Airbnb le réimse níos leithne aíonna teacht ar do liostú—cé acu an seomra roinnte, seomra príobháideach, nó spás iomlán é—níos luaithe ina bpleanáil do thuras.

Is féidir le haíonna do liostú a aimsiú le:

  • Catagóirí Airbnb. Gach uair a osclóidh aíonna an aip, cuirfear áiteanna fanachta iontacha ina láthair ar féidir leo iad a chur in áirithe láithreach bonn.
  • Tréimhsí Fanachta Roinnte. Áirítear sna torthaí cuardaigh le haghaidh tréimhsí fanachta seacht n-oíche nó níos mó anois an rogha d'aíonna a dturas a roinnt idir dhá spás.
  • Níos mó solúbthachta. Is féidir le haíonna áiteanna fanachta a chuardach ag baint úsáid as dátaí agus suíomhanna oscailte —ag baint úsáid as na gnéithe a chuireamar i bhfeidhmanuraidh—nó is féidir leo a dtorthaí a chúngú chun freastal ar riachtanais ar leith.

Conas a oibríonn Catagóirí Airbnb

Nuair a osclaíonn aíonna Airbnb, feiceann siad catagóirí in uachtar ina bhfuil liostuithe cruinnithe ina mbailiúcháin choimeádta de réir a stíl uathúil, a suímh nó gníomhaíochta in aice láimhe. Cuireann na catagóirí áiteanna fanachta ar taispeáint ina bhfuil gnéithe amhail radhairc áille nó cistineacha móra, cóngaracht do loch nó do pháirc náisiúnta, nó galf nó surfáil in aice láimhe.

Nuair a chuardaíonn aíonna áiteanna fanachta i gceann scríbe ar leith, faigheann siad torthaí atá cosúil leis an dóigh a raibh sé roimhe seo, i gcatagóir ar a dtugtar Gach Teach. Anois, gheobhaidh siad catagóirí breise freisin atá bunaithe ar an suíomh sin, rud a fhágfaidh go mbeidh sé éasca tithe iontacha a aimsiú laistigh dá limistéar cuardaigh nó díreach taobh amuigh de.

D'fhéadfadh liostuithe a bheith le feiceáil i gcatagóirí iomadúla freisin. Má tá cistin mhór i do theach locha, d'fhéadfadh sé go bhfeicfí an liostú sa Chatagóir Tithe Locha agus sa Chatagóir Cistineacha Móra — chomh maith le torthaí cuardaigh ar do shuíomh.

Tá Dea-Dhearadh ar cheann de na catagóirí nua is speisialta, bailiúchán de bhreis agus 20,000 teach is ea é a roghnaíodh mar gheall ar a n-ailtireacht íocónach agus ar a dtaobh istigh ealaíonta. I measc na Catagóire Dea-Dhearadh tá tithe le hailtirí cáiliúla amhail réadmhaoine le Frank Lloyd Wright agus le Zaha Hadid, tithe a bhí i bhfoilseacháin dearaidh, agus spásanna a thairgeann Óstaigh a bhfuil sárobair déanta acu lena bprionsabail dearaidh féin a chur i ngníomh.

Cuireann an dearadh úrnua liostuithe ar taispeáint i 56 Chatagóir Airbnb, ina measc sin Dea-dhearadh, Faoin Tuath agus Tithe Crainn.

Seo roinnt de Chatagóirí Airbnb: Radhairc Áille, Trá, Campáil, Cistineacha Móra, Faoin Tuath, Spásanna Ealaíne, Galf, Tithe Stairiúla, Cathracha Aitheanta, Páirceanna Náisiúnta, Sciáil, Surfáil, Trópaiceach agus Fíonghoirt.

Níl sna catagóirí seo ach an tús an bhealaigh nua seo cuardaithe, rud a chuireann ar chumas aíonna níos mó áiteanna ná riamh a aimsiú. Le himeacht ama tabharfaimid níos mó catagóirí isteach a chuireann gnéithe uathúla agus suíomhanna speisialta do réadmhaoine ar taispeáint. Creidimid gurb iad catagóirí todhchaí an chuardaigh, agus tá catagóir ann do gach teach agus do gach Óstach ar Airbnb.

Cuirtear na tithe i ngach catagóir trí phróiseas coimeádaíochta. Déantar meastóireacht ar na milliúin liostuithe gníomhacha ar Airbnb le meaisínfhoghlaim chun anailís a dhéanamh ar theidil, cur síos, fotheidil ghrianghraf agus léirmheasanna ó aíonna. Mar sin, tá sé tábhachtach a chinntiú go bhfuil eolas do liostaithe cothrom le dáta agus críochnaithe.

Conas a oibríonn Tréimhsí Fanachta Roinnte

Is féidir le haíonna gach liostú a brabhsáil—agus a chur in áirithe—leis an oiread solúbthachta agus a cheadaíonn a gcúinsí. Leis an ngné Tréimhsí Fanachta Roinnte, tugtar an deis do níos mó Óstach a bheith mar chuid de thuras na n-aíonna.

Nuair a chuardaíonn aíonna turas ar feadh seachtaine nó níos mó, feicfear Tréimhsí Fanachta Roinnte go huathoibríoch sna torthaí cuardaigh. Agus aíonna ag scrolláil síos sa Chatagóir 'Gach Teach ', is féidir leo roghanna a fháil lena dturas a roinnt idir dhá theach sa cheann scríbe céanna.

Cuireann an ghné Tréimhsí Fanachta Roinnte 40% níos mó liostuithe leis na torthaí cuardaigh nuair a chuardaíonn aíonna fanacht ar feadh 14 oíche nó níos faide.*

Roimhe seo, dá gcuardódh aíonna turas míosa ach nach raibh infhaighteacht agat ach ar feadh coicíse le linn an ama sin, ní thaispeánfaí do theach sna torthaí cuardaigh. Le Tréimhsí Fanachta Roinnte, is féidir do liostú a phéireáil le liostú eile chun turas iomlán an aoi a chlúdach.

Le gach péire de Thréimhsí Fanachta Roinnte déantar dhá réadmhaoin a thagann leis an suíomh, leis an gcineál réadmhaoine, agus leis na saoráidí ón gcuardach a phéireáil. Mar shampla, má tá teach iomlán ina bhfuil gnéithe inrochtaineachta á chuardach ag teaghlach, amhail bealach isteach gan chéimeanna nó doirse atá níos leithne ná 81 cm, le Tréimhsí Fanachta Roinnte déanfar dhá liostú a phéireáil leis na gnéithe seo.

Nuair a chuireann aíonna Tréimhse Fanachta Roinnte in áirithe, faigheann Óstaigh iarratais ar leith ar áirithintí . Beidh do phraghas agus do rialacha tí i bhfeidhm maidir le líon na n-oícheanta atá curtha in áirithe, mar aon le háirithint ar bith eile.

Cad is féidir leat a dhéanamh chun seasamh amach

Taispeánann gnéithe nua Airbnb do theach do níos mó daoine i níos mó áiteanna ná riamh. Níl anseo ach roinnt rudaí is féidir leat a dhéanamh chun go seasfaidh do liostú amach:

  1. Tarraing aird ar na rudaí a fhágann go bhfuil d'áit uathúil le grianghraif ardchaighdeáin. D'fhéadfadh grianghraif thuairisciúla— bídís glactha ag gairmí nó le d'fhón cliste—cabhrú le do liostú a dhéanamh tarraingteach d'aíonna.
  2. Déan athbhreithniú ar liosta na saoráidí agus na ngnéithe—agus seiceáil an bhfuil aon rud nua ann. Cuir gach rud a sholáthraíonn d'áit leis nó nuashonraigh iad, agus saoráidí a bhfuil tóir ag aíonna orthu á gcur san áireamh, ionas go gcuirfear sna catagóirí ábhartha iad.
  3. Déan an tástáil luais Wi-Fi. Is féidir le rochtain iontaofa ar an idirlíon aíonna a chur ar a suaimhneas go mbeidh siad ábalta oibriú agus cumarsáid a dhéanamh ar líne de réir mar is gá le linn a bhfanachta.
  4. Smaoinigh an bhfuil do liostú inrochtana do gach taistealaí. Cuir grianghraif agus sonraí de ghnéithe inrochtaineachta leis, amhail bealaí isteach gan chéimeanna agus doirse leathana, a fhágann go bhfuil sé tarraingteach d'aíonna a bhfuil riachtanais éagsúla acu.

Má dhéantar do liostú a nuashonrú leis na sonraí go léir, idir bheag agus mhór, d'fhéadfadh réimse níos leithne aíonna do liostú a aimsiú. D'fhéadfadh sé gurb í d'áitse an áit cheannann céanna atá á lorg acu.

*De réir shonraí tástála inmheánacha Airbnb amhail an 4/14/2022.

Seans gur athraigh an t-eolas atá sa mhír seo ó foilsíodh í.

Buaicphointí

  • Dearadh na gnéithe is déanaí chun cabhrú le níos mó aíonna áiteanna iontacha cosúil le d'áitse a aimsiú

  • Is féidir leat cabhrú le do liostú a dhéanamh níos feiceálaí trí ghrianghraif ardchaighdeáin a uaslódáil agus do chuid socruithe a nuashonrú
Airbnb
11 Beal 2022
Ar chabhraigh sé seo leat?